EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0726

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

COM/2020/726 final

An Bhruiséil,11.11.2020

COM(2020) 726 final

2020/0320(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Mar bhloc tógála don Aontas Sláinte Eorpach, treisítear sa togra seo sainordú an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (‘an Lárionad’) lena dtugtar aghaidh ar fhaireachán, ullmhacht, luathrabhadh agus freagairt faoi chreat slándála sláinte neartaithe an Aontais Eorpaigh. Nocht paindéim COVID‑19 easnaimh i sásraí an Aontais chun bagairtí sláinte a bhainistiú, sásraí ar gá cur chuige níos struchtúrtha ag leibhéal an Aontais ina leith, agus ar sásraí iad freisin a thógtar ar luach dlúthpháirtíochta na hEorpa, i leith géarchéimeanna sláinte amach anseo. Ba cheart ról treisithe don Lárionad a áirithiú leis sin. Ba cheart dó cur chuige One‑Health a ghlacadh i leith na saincheiste freisin, mar aon le Gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontas, agus na hidirghníomhaíochtaí idir daoine, ainmhithe agus an comhshaol á dtabhairt san áireamh.

Rinneadh sainordú an Lárionaid, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 , a ghlacadh roimh na sásraí agus na struchtúir faoi chreat slándála sláinte reatha an Aontais faoi Chinneadh 1082/2013/AE maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte 2 .

I bhfianaise an athbhreithnithe ar an gcreat seo, caithfear rialachán bunaidh an Lárionaid a leasú, chun comhsheasmhacht a áirithiú le hionstraimí eile an Aontais agus leis an togra le haghaidh Rialachán leasaitheach maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte. Áiritheoidh an t‑athbhreithniú freisin go gcloíonn an Lárionad go hiomlán leis an ‘gcur chuige coiteann’ le haghaidh gníomhaireachtaí díláraithe, mar a leagtar síos sa ‘Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe’ 3 .

Comhsheasmhacht le bearta reatha an Aontais sa réimse seo

Tá an togra mar chuid de phacáiste beart a bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile, agus tá sé mar chuid de fhreagairt fhoriomlán sláinte an Aontais ar COVID‑19 mar aon leis an gcreat bainistithe géarchéime feabhsaithe.

Beidh na leasuithe beartaithe, dá bhrí sin, i gcomhréir leis an ‘gcur chuige coiteann’ do ghníomhaireachtaí díláraithe, ó 2012.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra ag teacht le cuspóirí uileghabhálacha an Aontais, lena n‑áirítear Aontas Sláinte níos láidre, feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair, comhlántacht leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, córais sláinte inbhuanaithe agus athléimneacha, agus clár oibre uaillmhianach maidir le taighde agus nuálaíocht. Ina theannta sin, cuirfidh sé ionchur úsáideach agus sineirgí ar fáil le clár oibre Mhargadh Aonair Dhigitigh an Aontais agus an Spás Eorpach Sonraí Sláinte amach anseo, a spreagfaidh nuálaíocht agus taighde, agus éascófar leis comhroinnt faisnéise (lena n‑áirítear sonraí fíor‑ama), agus tacóidh sé le forbairt bonneagar TF ar leibhéal an Aontais a fhorbairt i gcomhair faireachas agus faireachán eipidéimeolaíoch.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an Rialachán beartaithe bunaithe ar Airteagal 168(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá an cur chuige seo bunaithe ar chuspóirí sonracha an togra, eadhon, bearta lena gcosnaítear agus lena bhfeabhsaítear sláinte an duine a ghlacadh agus bearta lena gcomhraictear mórbhagairtí sláinte trasteorann go háirithe a ghlacadh, go háirithe trí fhaireachán agus luathrabhadh.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach) 

Cé go bhfuil na Ballstáit freagrach as géarchéimeanna sláinte poiblí a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta, ní féidir le tír ar bith dul i ngleic le géarchéim sláinte poiblí thrasteorann aisti féin. Faoi Airteagal 2(5) CFAE, tá inniúlacht ag an Aontas bearta a dhéanamh chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, chun iad a chomhordú nó a fhorlíonadh, gan a n‑inniúlacht féin a chur in ionad a n-inniúlachta siúd sna réimsí sin dá thoradh sin.

Bíonn impleachtaí trasnáisiúnta ag bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, de réir a nádúir. I sochaí dhomhandaithe, bíonn líon mór daoine agus earraí ag bogadh thar theorainneacha, ag éascú scaipeadh tinneas agus táirgí éillithe go tapa ar fud an domhain. Is gá go mbeadh bearta sláinte poiblí ar an leibhéal náisiúnta, dá bhrí sin, comhsheasmhach lena chéile agus go mbeidís comhordaithe chun aon scaipeadh eile a chosc agus iarmhairtí na mbagairtí sin a íoslaghdú.

Imríonn éigeandálaí sláinte poiblí atá ar scála chomh mór le COVID‑19 tionchar ar na Ballstáit uile. Is forbairt é an togra seo ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn ghéarchéim COVID‑19, agus beartaítear ann na struchtúir agus sásraí reatha ar leibhéal an Aontais a neartú ar mhaithe le leibhéil fheabhsaithe cosanta, coiscthe, ullmhachta agus freagartha, in aghaidh gach guaise sláinte ar fud an Aontais.

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ina n‑aonar mar gheall ar ghné thrasteorann na mbagairtí a dtugtar tuairisc orthu agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

Comhréireacht

Is freagairt chomhréireach riachtanach ar na fadhbanna a bhfuil tuairisc orthu i roinn 1 é an togra seo. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) de CAE, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

An rogha ionstraime

Is i bhfoirm leasaithe ar an Rialachán reatha a bheidh an togra. Meastar gurb é seo an cineál ionstraime is oiriúnaí, ós rud é go mbaineann príomhghné den togra le nósanna imeachta agus struchtúir dea‑ailínithe a bhunú i gcomhair obair chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais, agus mar aidhm aige cúraimí breise a thabhairt don Lárionad. Ní éilítear leis na bearta go gcuirfí bearta náisiúnta chun feidhme agus is féidir leo a bheith infheidhme go díreach.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Mar chuid de phacáiste beart práinneach atá bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh go dtí seo ó COVID‑19, tacaíonn torthaí ó mheastóireacht a rinneadh le déanaí ar fheidhmiú an Lárionaid leis an tionscnamh 4 , ó mheasúnú ar na sonraí a bailíodh agus ar na malairtí a bhí ar bun le geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha ar shaincheisteanna a tháinig chun cinn i rith phaindéim COVID‑19 agus ar na bealaí lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu. Tugtar aird chuí freisin ar thorthaí Thuarascáil Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le creat slándáil sláinte an Aontais 5 . Tugtar achoimre ar an bhfaisnéis seo sa Chumarsáid ón gCoimisiún a ghabhann leis an bpacáiste iomlán. Ós rud é go mbeartaítear raon feidhme na reachtaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair a mhéadú leis an tionscnamh, ní bheidh sé bunaithe ar mheastóireacht ex post, toisc nár tugadh aghaidh ar na riachtanais a sainaithníodh sa chreat reatha.

Beartaítear go dtuairisceoidh an Coimisiún, faoi 2023, ar ghníomhaíochtaí an Lárionaid, lena n‑áirítear anailís ar an gcaoi ar cuireadh an sainordú leasaithe chun feidhme, idirghníomhaíocht agus comhsheasmhacht ghníomhaíochtaí an Lárionaid leis an Rialachán beartaithe maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus, faoi 2028, leasuithe féideartha ar shainordú an Lárionaid. Áireofar anseo freisin anailís ar ábharthacht an Lárionaid i ndáil le tosaíochtaí sláinte idirnáisiúnta, Aontais agus náisiúnta, chomh maith leis an gcaidreamh idir aschuir an Lárionaid agus inniúlachtaí na mBallstát. Beidh staidéar, arna choimisiúnú ag an gCoimisiún, ag gabháil leis an tuarascáil seo. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú gach 5 bliana ar fheidhmíocht an Lárionaid i ndáil lena chuspóirí, a shainordú, a chúraimí, a nós imeachta agus a shuíomh, i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin um Rialachán Níos Fearr.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Sláinte an 16 Iúil 2020, rinne Uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle ar an Aontas Eorpach cathaoirleacht ar phlé maidir leis an Lárionad a neartú. Léirigh na Ballstáit tacaíocht do thionscnamh atá dírithe air sin a dhéanamh mar chuid de shásra foriomlán an Aontais maidir le hullmhacht agus freagairt i gcomhair géarchéimeanna sláinte. Tugann sin le fios go mbeidh leasú ar Rialachán bunaidh an Lárionaid. Ag Meitheal neamhfhoirmiúil de chuid na Comhairle Sláinte um an tSláinte Phoiblí an 29 Deireadh Fómhair 2020, rinneadh tuilleadh idirphlé ar dhréachtchonclúidí ón gComhairle ar cheachtanna sláinte a foghlaimíodh ó COVID‑19. Reáchtáladh freisin cruinnithe déthaobhacha ar leibhéil pholaitiúla agus theicniúla, agus eagraíodh seimineár gréasáin poiblí an 29 Deireadh Fómhair chun an pacáiste a phlé.

Measúnú tionchair

I ngeall ar a phráinní atá an togra seo, níl aon mheasúnú tionchair foirmiúil ag gabháil leis. Ina ionad sin, tá na hathruithe bunaithe go príomha ar mheasúnú ar na sonraí a bailíodh le linn na chéad mhíonna den phaindéim agus malairtí le geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha maidir le saincheisteanna COVID‑19 agus na bealaí lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu agus tá siad bunaithe ar mheastóireacht a rinneadh le déanaí. Déantar achoimre ar an bhfaisnéis sin i gCumarsáid ón gCoimisiún atá ag gabháil leis an bpacáiste foriomlán tograí ina soláthraítear nó ina dtagraítear don fhianaise uile atá ar fáil, toisc nach bhféadfaí comhairliúchán poiblí agus measúnú tionchair a sheachadadh sa tráthchlár atá ar fáil sular glacadh an togra seo.

Cearta bunúsacha

Rannchuidíonn an togra le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine a bhaint amach, cosaint atá íogair ó thaobh inscne, agus caomhnaítear leis na caighdeáin is airde i dtaca le cosaint chearta an duine agus saoirsí sibhialta, mar a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha agus sa Cholún Eorpach ar Chearta Sóisialta, i rith géarchéim sláinte. I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta faoin Rialachán seo, déanfar sin i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe, Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar ag cur chun feidhme an togra seo ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha 2014–2020.

An tionchar airgeadais a bheidh ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais beidh sé ina chuid den chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile 2021–2027.

Baineann na himpleachtaí buiséadacha leis na cuspóirí seo a leanas go príomha:

ardán faireacháin vacsaín nua a bhunú, ardán a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach a óstáil i gcomhar leis an Lárionad;

gníomhaíochtaí maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha lena n‑áirítear samhaltú, réamhaíocht, faireachán agus measúnú;

líonraí nua ar shaotharlanna tagartha an Aontais agus ar aistriú, trasphlandú agus atáirgeadh daonna le cuidiú míochaine;

córais faireachais agus an Córas Luathrabhaidh agus Freagartha a atreisiú;

faireachán agus measúnú a dhéanamh ar inniúlachtaí na gcóras sláinte agus grúpaí daonra atá i mbaol agus a bhfuil gá acu le spriocbhearta coisctheacha agus freagartha a shainaithint

‘Tascfhórsa Sláinte an Aontais’ a chruthú chun tacú le tíortha le neartú ullmhachta agus chun idirghabháil go tapa i ngéarchéim sláinte;

comhar idirnáisiúnta agus bailiú faisnéise réigiúnaí/náisiúnta a fheabhsú.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá sé mar aidhm ag an togra inniúlachtaí treisithe an Lárionaid a sholáthar, le tacú le hullmhacht, faireachas, measúnú riosca, agus luathrabhadh agus freagairt chun dul i ngleic le bagairtí sláinte trasteorann amach anseo.

Príomhréimsí an togra:

feasacht staide: digitiú tapa na gcóras comhtháite faireachais;

ullmhacht níos fearr sna Ballstáit: pleananna coiscthe agus freagartha a fhorbairt in aghaidh eipidéimí amach anseo agus inniúlachtaí níos láidre i gcomhair freagairt thapa chomhtháite i gcomhair eipidéimí agus ráigeanna;

bearta treisithe chun eipidéimí agus ráigeanna a rialú: moltaí neamhcheangailteacha don bhainistíocht riosca a sholáthar;

inniúlachtaí méadaithe chun Tascfhórsa Sláinte an Aontais a shlógadh agus a chur in úsáid chun cabhrú leis an bhfreagairt sna Ballstáit;

inniúlacht threisithe agus príomhinniúlachtaí a thógáil chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte chun galair theagmhálacha shonracha a dhiagnóisiú, a chosc agus a chóireáil, chomh maith le sábháilteacht na n‑othar;

inniúlacht threisithe agus chun grúpaí daonra atá i mbaol agus a bhfuil gá acu le spriocbhearta coisctheacha agus freagartha a shainaithint;

taighde agus ullmhacht agus freagairt a nascadh: idirchaidreamh a dhéanamh le pobail sláinte poiblí agus taighde, rannchuidiú le tosaíochtaí taighde maidir le hullmhacht agus freagairt a shainiú, a áirithiú go gcomhtháthaítear torthaí taighde i moltaí beartais;

príomhinniúlachtaí don chosaint sláinte sna Ballstáit a fhorbairt: cuirfear de chúram ar an Lárionad comhordú a dhéanamh ar líonra nua saotharlann tagartha do shláinte phoiblí Aontais agus ar líonra nua seirbhísí náisiúnta a thacaíonn le haistriú, trasphlandú agus atáirgeadh daonna le cuidiú míochaine;

leathnú a dhéanamh ar obair a bhaineann le galair theagmhálacha agus saincheisteanna sláinte sonracha a chosc, e.g. frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, vacsaíniú agus an bhithshlándáil;

atreisiú a dhéanamh ar an ranníocaíocht le comhar idirnáisiúnta agus forbairt an Aontais agus le tiomantas an Aontais i dtaca le hullmhacht slándáil sláinte dhomhanda.

Féachfar sa togra freisin le comhar rianúil a áirithiú le linn éigeandálaí den sórt sin idir an Lárionad agus gníomhaireachtaí díláraithe eile an Aontais, go háirithe leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach.

Tá an togra seo ailínithe leis an gCur Chuige Coiteann 6 i dtaca le struchtúr agus rialachas, agus i dtaca lena oibríochtaí, lena chlársceidealú agus lena chuntasacht freisin.

2020/0320 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 7 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 8 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an tAontas tiomanta do shláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú, go háirithe chun sciúirsí sláinte móra trasteorann a chomhrac, bearta maidir le faireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith, agus na bagairtí sin a chomhrac.

(2)Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 lena mbunaítear gníomhaireacht neamhspleách Eorpach – an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (‘an Lárionad’) agus é mar mhisean aige bagairtí ar shláinte an duine ó ghalair theagmhálacha reatha agus ó ghalair theagmhálacha atá ag teacht chun cinn a shainaithint, a mheasúnú agus a chur in iúl.

(3)An 11 Márta 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) gur paindéim dhomhanda í ráig an choróinvíris nua (COVID19). Ó na dúshláin a bhí ann le linn freagairt don phaindéim, ba léir gur cheart ról an Lárionaid i gcreat an Aontais maidir le hullmhacht agus freagairt do ghéarchéimeanna sláinte a láidriú.

(4)Moltar i gcomhthuairim a d’eisigh Grúpa Príomhchomhairleoirí Eolaíochta an Choimisiúin Eorpaigh, an Grúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí, agus an Comhairleoir Speisialta le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an bhfreagairt le moltaí COVID19 ‘buanchomhlacht comhairleach de chuid an Aontais a bhunú do bhagairtí agus géarchéimeanna sláinte’.

(5)Leathnaítear leis an Rialachán seo, dá réir sin, misean agus cúraimí an Lárionaid chun feabhas a chur ar inniúlacht an Lárionaid an saineolas eolaíochta a sholáthar agus tacú le gníomhaíochtaí riachtanacha atá ábhartha maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte san Aontas a chosc, a chomhrac, agus ullmhúchán a dhéanamh agus freagairt a phleanáil ina leith i gcomhréir le Rialachán AE .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 [ISC/2020/12524].

(6)Chuige sin, ba cheart é a chur de chúram ar an Lárionad faisnéis eipidéimeolaíoch agus anailís uirthi sin, samhaltú eipidéimeolaíoch, réamhaíocht agus réamhaisnéisiú, measúnuithe riosca agus moltaí ábhartha a sholáthar, ina leagtar amach roghanna chun galair theagmhálacha a chosc agus a rialú. Ba cheart a ghníomhaíochtaí a bheith comhsheasmhach le cur chuige OneHealth, agus idirnaisc idir sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus an comhshaol á n-aithint. Ba cheart dó faireachán a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte náisiúnta chun freagairt do bhagairtí galar teagmhálach, go háirithe mar gheall ar thábhacht na faisnéise sin chun pleananna ullmhachta agus freagartha náisiúnta a ullmhú. Ba cheart don Lárionad tacú le cur chun feidhme gníomhaíochtaí arna maoiniú ag cláir chistiúcháin agus ionstraimí ábhartha an Aontais agus a bhaineann le galair theagmhálacha, treoirlínte a sholáthar le haghaidh cóireála agus bainistiú cáis bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar an bhfianaise is déanaí, tacú le freagairtí d'eipidéimí agus ráigeanna sna Ballstáit agus i dtríú tíortha, agus faisnéis thráthúil, iontaofa a bhfuil rochtain éasca uirthi ar ghalair theagmhálacha a sholáthar don phobal. Ba cheart don Lárionad freisin nósanna imeachta soiléire a bhunú le haghaidh comhar le gníomhaithe sláinte poiblí i dtríú tíortha, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla i réimse na sláinte poiblí, rud a chuirfidh le tiomantas an Aontais chun inniúlacht ullmhachta agus freagartha na gcomhpháirtithe a atreisiú.

(7)Chun tacú go héifeachtach le hobair an Lárionaid agus lena áirithiú go gcomhlíonann sé a mhisean, ba cheart é a chur de chúram ar na Ballstáit sonraí a chur in iúl don Lárionad maidir le faireachas ar ghalair theagmhálacha agus saincheisteanna sláinte speisialta eile amhail frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus ionfhabhtuithe bainteach leis an gcúram sláinte a bhaineann le galair theagmhálacha, sonraí eolaíochta agus teicniúla agus aon fhaisnéis ábhartha atá ar fáil do mhisean an Lárionaid, chun fógra a thabhairt don Lárionad faoi aon bhagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte, faisnéis maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha agus inniúlachtaí na gcóras cúraim sláinte, agus faisnéis ábhartha a chur ar fáil a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun an fhreagairt a chomhordú, chomh maith le comhlachtaí inniúla agus saineolaithe sláinte poiblí aitheanta a shainaithint atá ar fáil chun cuidiú le freagairtí an Aontais do bhagairtí sláinte.

(8)Chun feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí pleanála ullmhachta agus freagartha san Aontas, ba cheart oibríocht líonraí tiomnaithe agus gníomhaíochtaí líonraithe an Lárionaid a leathnú chun raon feidhme an Rialacháin (AE) …/… a léiriú. [IO: cuir isteach tagairt do Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]]. Chuige sin, ba cheart don Lárionad comhordú agus saineolas teicniúil agus eolaíochta a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit trí líonraí tiomnaithe le comhlachtaí comhordaithe inniúla, lena náirítear líonraí nuabhunaithe do shaotharlanna agus le tacú le haistriú, trasphlandú agus atáirgeadh daonna le cuidiú míochaine,

(9)D'fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht an fhaireachais eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha agus saincheisteanna sláinte speisialta gaolmhara san Aontas, ba cheart é a chur de chúram ar an Lárionad forbairt bhreise a dhéanamh ar ardáin agus ar fheidhmchláir dhigiteacha, tacú le faireachas eipidéimeolaíoch ar leibhéal an Aontais, éascaíocht a dhéanamh ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha, amhail an intleacht shaorga, i mbailiú sonraí agus anailís a dhéanamh ar na sonraí sin, agus comhairle theicniúil agus eolaíoch a sholáthar do na Ballstáit chun córais faireachais eipidéimeolaíocha chomhtháite a bhunú. I gcás ardáin agus feidhmchláir dhigiteacha den sórt sin ba cheart iad a fhorbairt le sonraí comhtháite arna nginiúint ó spás sonraí an Aontais agus é mar rún aige sin iad a chomhtháthú sa Spás Eorpach Sonraí Sláinte a bheidh ann amach anseo arna rialú ag reachtaíocht an Aontais.

(10)Chun inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát a láidriú i dtaca le measúnú a dhéanamh ar an staid eipidéimeolaíoch agus measúnú riosca agus freagairt bheacht a dhéanamh, ba cheart don Lárionad, go háirithe, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí i ngalair theagmhálacha, tacú le gníomhaíocht freagartha atá bunaithe ar fhianaise agus an ghníomhaíocht sin a éascú, moltaí a chur ar fáil chun cláir coiscthe agus rialaithe galar teagmhálach a fheabhsú, ar cláir iad a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, faireachán agus measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte náisiúnta maidir le galair theagmhálacha a dhiagnóisiú, a chosc agus a chóireáil, lena náirítear sin a dhéanamh ar bhealach atá íogair ó thaobh inscne, grúpaí daonra atá i mbaol agus a bhfuil gá acu le bearta ar leith a shainaithint, anailís a dhéanamh ar an gcomhchoibhneas ráta tarlaithe galar le tosca sochaíocha agus comhshaoil, agus tosca riosca don tarchur agus déine galair na ngalar teagmhálach a shainaithint, agus riachtanais agus tosaíochtaí taighde a shainaithint. Ba cheart don Lárionad oibriú le pointí fócasacha náisiúnta ainmnithe don fhaireachas, pointí a bheidh mar chuid de líonra a chuireann comhairle straitéiseach ar fáil don Lárionad ar ábhair den sórt sin agus a chuirfeadh úsáid earnálacha cumasúcháin chun cinn, amhail sonraí spáis agus seirbhísí an Aontais.

(11)Ba cheart don Lárionad cuidiú leis an inniúlacht laistigh den Aontas a láidriú chun gníomhairí teagmhálacha a dhiagnóisiú, a bhrath, a shainaithint agus a shaintréithriú, ar gníomhairí iad a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt ar an tsláinte phoiblí trí oibriú líonra saotharlann tagartha an Aontais a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (AE) …/… [IO: cuir isteach tagairt do Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]]. Tá an líonra sin freagrach as deachleachtais agus ailíniú ar dhiagnóisic, modhanna tástála, agus úsáid tástálacha a chur chun cinn, chun a áirithiú gur faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach a dhéantar ar ghalair, agus go neartaítear cáilíocht na dtástálacha agus an fhaireachais.

(12)I gcás bagairtí trasteorann ar shláinte mar gheall ar ghalair theagmhálacha, féadfaidh na seirbhísí fola agus trasphlandaithe sna Ballstáit bealach a sholáthar chun mearthástáil a dhéanamh ar an daonra deontóirí agus measúnú a dhéanamh ar nochtadh agus imdhíonacht ar an ngalar sa daonra i gcoitinne. Braitheann na seirbhísí sin ar mheasúnuithe riosca tapa ag an Lárionad chun othair óna dteastaíonn teiripe ó shubstaint de bhunús daonna a chosaint ar tharchur galair theagmhálaigh den chineál sin. Bíonn measúnuithe riosca den sórt sin mar bhunús le hoiriúnú iomchuí a dhéanamh ar na bearta lena leagtar caighdeáin do cháilíocht agus sábháilteacht substaintí de bhunús daonna. Ba cheart don Lárionad, dá bhrí sin, líonra seirbhísí fola agus trasphlandaithe náisiúnta agus a núdaráis a bhunú agus a oibriú chuige sin.

(13)Agus é mar aidhm aige an líon eipidéimí a laghdú agus inniúlachtaí a neartú chun galair theagmhálacha a chosc san Aontas, ba cheart don Lárionad creat maidir le cosc galar teagmhálach a fhorbairt, creat a thugann aghaidh ar shaincheisteanna amhail galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, oideachas sláinte, litearthacht sláinte agus athrú iompraíochta.

(14)Ba cheart don Lárionad feabhas a chur ar inniúlachtaí ullmhachta agus freagartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trí shaineolas eolaíoch agus teicniúil a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Lárionad, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, lena náirítear pleananna ullmhachta agus freagartha náisiúnta agus pleananna ullmhachta agus freagartha de chuid an Aontais agus faireachán ullmhachta agus creata meastóireachta a fhorbairt, moltaí a dhéanamh maidir le hinniúlachtaí chun ráigeanna galar a chosc agus ullmhú agus freagairt dóibh agus maidir le córais sláinte náisiúnta a neartú. Maidir leis an mbailiú sonraí atá ag an Lárionad, agus an anailís a dhéanann siad orthu, ba cheart dó iad a leathnú maidir le faireachas eipidéimeolaíoch agus saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann, éabhlóid cásanna eipidéime, feiniméan eipidéime neamhghnách nó galar nua de bhunadh anaithnid, lena náirítear tríú tíortha, sonraí ar phataigin móilíneach agus sonraí ar chórais sláinte. Chuige sin, ba cheart don Lárionad tacair sonraí iomchuí a áirithiú chomh maith leis na nósanna imeachta chun comhairliúchán agus tarchur agus rochtain sonraí a éascú, agus chun meastóireacht eolaíochta agus theicniúil a dhéanamh ar bhearta coiscthe agus rialaithe ar leibhéal an Aontais agus oibriú le gníomhaireachtaí, comhlachtaí agus eagraíochtaí inniúla a oibríonn i réimse an bhailithe sonraí.

(15)Le Rialachán …/… [IO: cuir isteach tagairt do Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]] déantar foráil maidir leis an gcóras luathrabhaidh agus freagartha lenar féidir fógra a thabhairt ar leibhéal an Aontais, faoi fholáirimh a bhaineann le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, ar foláirimh iad a leanann ECDC dá bhfeidhmiú fós. Ós rud é gur féidir le teicneolaíochtaí nuaaimseartha tacú go suntasach le bagairtí sláinte a chomhrac agus le heipidéimí a chúlú, ba cheart do ECDC féachaint leis an gcóras sin a nuashonrú chun gur féidir teicneolaíochtaí intleachta saorga agus uirlisí digiteacha idirinoibritheacha agus cosanta príobháideachais a úsáid, amhail feidhmchláir shoghluaiste, le feidhmiúlachtaí rianaithe chun daoine i mbaol a shainaithint.

(16)Ba cheart don Lárionad na hinniúlachtaí iomchuí a bhunú chun tacú le freagairt idirnáisiúnta agus allamuigh, i gcomhréir le Rialachán …/… [IO: cuir isteach tagairt do Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]]. Leis na hinniúlachtaí seo ba cheart é a bheith ar a chumas don Lárionaid foirne um chúnamh ráige a shlógadh agus a imscaradh, foirne ar a dtugtar ‘Tascfhórsa Sláinte an Aontais’, chun cuidiú le freagairtí áitiúla do ráigeanna galair. Ba cheart don Lárionad inniúlacht a áirithiú, dá bhrí sin, chun misin chuig na Ballstáit a dhéanamh, chomh maith le tríú tíortha, agus chun moltaí a sholáthar maidir le freagairt do bhagairtí ar shláinte. Beifear in ann na foirne sin a imscaradh freisin faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta le tacaíocht ón Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha. Ba cheart don Lárionad tacú freisin le hinniúlachtaí ullmhachta a láidriú faoi na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) i dtríú tíortha, chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus ar na hiarmhairtí lena mbaineann.

(17)Chun cabhrú le freagairtí do ráigeanna, ar ráigeanna iad a d’fhéadfadh scaipeadh laistigh den Aontas nó chuig an Aontas, tá an Lárionad chun creat a fhorbairt chun Tascfhórsa Sláinte an Aontais a shlógadh i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 agus chun rannpháirtíocht saineolaithe um fhreagairt allamuigh an Aontais ar fhoirne freagartha idirnáisiúnta a éascú chun tacú leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Ba cheart don Lárionad cur le hinniúlacht a fhoirne chomh maith le hinniúlacht na saineolaithe ó thíortha an Aontais agus EEA, tíortha is iarrthóirí agus na tíortha ionchasacha is iarrthóirí, chomh maith le tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tíortha comhpháirtíochta an Aontais dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 , chun rannpháirtíocht éifeachtach a ghlacadh i misin allamuigh agus sa bhainistiú géarchéime.

(18)D’fhonn measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na bhforálacha dlíthiúla infheidhme maidir leis an Lárionad, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le meastóireacht thráthrialta de chuid an Choimisiúin ar fheidhmíocht an Lárionaid.

(19)Níor cheart go dtabharfadh an Rialachán seo aon chumhachtaí rialaitheacha don Lárionad.

(20)Ba cheart don Lárionad córas faisnéise a chur chun feidhme a bheidh cumasach ar fhaisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamhrúnaicmithe a mhalartú lena áirithiú go mbainistítear faisnéis den chineál sin leis an discréid is mó.

(21)I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúiseanna eisceachtúla mar gheall ar phaindéim COVID19, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(22)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo chun misean agus tascanna an Lárionaid a leathnú d’fhonn inniúlacht an Lárionaid a bhreisiú chun an saineolas eolaíochta riachtanach a sholáthar agus le tacú le gníomhaíochtaí chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a chomhrac san Aontas a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr go bhfuil na bagairtí sláinte trasteorann agus go dteastaíonn freagairt thapa, chomhordaithe agus chomhleanúnach ina leith, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(23)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 a leasú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 mar a leanas:

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘comhlacht inniúil’ aon struchtúr, institiúid, gníomhaire nó comhlacht eolaíoch eile arna aithint ag údaráis na mBallstát as comhairle eolaíoch agus theicniúil neamhspleách a chur ar fáil nó inniúlacht ghníomhaíochta i réimse an ghalair dhaonna a chosc agus a rialú;

(2)ciallaíonn ‘comhlacht inniúil comhordaithe’ comhlacht i ngach Ballstát ina bhfuil comhordaitheoir náisiúnta ainmnithe atá freagrach as teagmhálaithe institiúideacha leis an Lárionad, chomh maith le pointí fócasacha náisiúnta agus pointí teagmhála oibríochtúla atá freagrach as comhar straitéiseach agus oibríochtúil ar shaincheisteanna teicniúla agus eolaíochta do réimsí galair ar leith agus feidhmeanna sláinte phoiblí;

(3)ciallaíonn ‘líonra tiomnaithe’ aon líonra ar leith ar ghalair, saincheisteanna sláinte speisialta nó feidhmeanna sláinte poiblí chun comhar a áirithiú idir comhlachtaí inniúla comhordaithe na mBallstát;

(4)ciallaíonn ‘galar teagmhálach’ galar teagmhálach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]];

(5)ciallaíonn ‘bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte’ bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte mar a shainmhínítear i bpointe (7) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]];

(6)ciallaíonn ‘faireachas eipidéimeolaíoch’ faireachas eipidéimeolaíoch mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]]. ’;

(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

Misin agus cúraimí an Lárionaid

1.D’fhonn inniúlacht an Aontais agus na mBallstát a bhreisiú chun sláinte an duine a chosaint trí galair theagmhálacha a chosc agus a rialú i ndaoine agus iad siúd le saincheisteanna sláinte speisialta mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], is é an misean a bheidh ag an Lárionad bagairtí reatha agus atá ag teacht chun cinn ar shláinte an duine ó galair theagmhálacha a shainaithint, a mheasúnú agus tuairisciú orthu, agus moltaí a thabhairt i gcomhair freagairt ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, chomh maith leis an leibhéal réigiúnach, más gá.

I gcás ráigeanna eile tinnis de bhunadh anaithnid a d'fhéadfadh scaipeadh laistigh den Aontas nó chuig an Aontas, feidhmeoidh an Lárionad ar a thionscnamh féin go dtí go mbeidh foinse na ráige ar eolas. I gcás ráige a bhfuil sé soiléir nach galar teagmhálach is cúis léi, ní fheidhmeoidh an Lárionad ach i gcomhar leis an gcomhlacht inniúil ar iarraidh ón gcomhlacht sin.

Agus a mhisean á chomhlíonadh, glacfaidh an Lárionad cuntas iomlán ar fhreagrachtaí na mBallstát, an Choimisiúin agus comhlachtaí nó gníomhaireachtaí Aontais eile, agus ar fhreagrachtaí na n‑eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach i réimse na sláinte poiblí, d’fhonn cuimsitheacht, comhleanúnachas agus comhlántacht gníomhaíochta a áirithiú.

2.Déanfaidh an Lárionad, laistigh dá chumas maoinithe agus dá shainordú, an cúraimí seo a leanas:

(a)sonraí agus faisnéis ábhartha eolaíoch agus theicniúil a chuardach, a bhailiú, a thiomsú, a mheas agus a scaipeadh, agus na teicneolaíochtaí is déanaí á mbreithniú;

(b)anailís, comhairle eolaíochta, tuairimí agus tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát mar gheall ar bhagairtí trasteorann ar shláinte, lena n‑áirítear measúnuithe riosca, anailís ar fhaisnéis eipidéimeolaíoch, samhaltú eipidéimeolaíoch, réamhaíocht agus réamhaisnéis, moltaí do ghníomhaíochtaí chun bagairtí ó galair theagmhálacha a chosc agus a rialú agus saincheisteanna sláinte speisialta eile, rannchuidiú le tosaíochtaí taighde a shainiú, agus cúnamh eolaíochta agus teicniúil lena n‑áirítear oiliúint agus gníomhaíochtaí eile laistigh dá shainordú;

(c)líonrú Eorpach na gcomhlachtaí a oibríonn sna réimsí laistigh de mhisean an Lárionaid a chomhordú, lena n‑áirítear líonraí a eascraíonn as gníomhaíochtaí sláinte poiblí arna dtacú ag an gCoimisiún agus na líonraí tiomnaithe a oibriú;

(d)faisnéis, saineolas agus dea‑chleachtas a mhalartú;

(e)faireachán a dhéanamh ar inniúlachtaí na gcóras sláinte ábhartha do bhainistiú bagairtí galar teagmhálach agus saincheisteanna sláinte speisialta eile;

(f)forbairt agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí, arna maoiniú ag cláir cistiúcháin agus ionstraimí ábhartha an Aontais, a éascú, lena n‑áirítear cur chun feidhme gníomhaíochtaí comhpháirteacha;

(g)treoirlínte maidir le cóireáil agus bainistiú cáis do ghalair theagmhálacha agus saincheisteanna sláinte speisialta eile atá ábhartha don tsláinte phoiblí a chur ar fáil, ar iarraidh ón gCoimisiún nó ón gCoiste Slándála Sóisialta, nó dá thionscnamh féin, i gcomhar le sochaithe ábhartha;

(h)tacú le freagairt eipidéime agus ráige sna Ballstáit, agus i dtríú tíortha, i gcomhlántacht le hionstraimí freagartha éigeandála eile an Aontais, go háirithe an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta;

(i)cur le hinniúlachtaí ullmhachta faoi IHR a neartú i dtríú tíortha, go háirithe i dtíortha comhpháirtíochta an Aontais;

(j)teachtaireachtaí cumarsáide bunaithe ar fhianaise a sholáthar, ar iarraidh ón gCoimisiún nó ón gCoiste Slándála Sláinte, a chur ar fáil don phobal maidir le galair theagmhálacha, ar bhagairtí ar shláinte mar gheall orthu agus ar na beartas coiscthe agus rialaithe ábhartha.

3.Oibreoidh an Lárionad, an Coimisiún, na comhlachtaí ábhartha Aontais nó gníomhaireachtaí agus Ballstáit an Aontais i gcomhar chun comhleanúnachas éifeachtach idir a ngníomhaíochtaí faoi seach a chur chun cinn.’;

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Oibleagáidí na mBallstát

Maidir leis na Ballstáit

(a)cumarsáid a dhéanamh leis an Lárionad ar bhonn tráthúil agus de réir sainmhínithe cáis, táscairí, caighdeán, prótacal agus sonraí nósanna imeachta a chomhaontaítear maidir le faireachas ar ghalair theagmhálacha agus saincheisteanna sláinte speisialta eile arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], agus sonraí agus faisnéis eolaíocha agus teicniúla atá ar fáil agus atá ábhartha do mhisean an Lárionaid, lena n‑áirítear ar ullmhacht, agus inniúlachtaí na gcóras sláinte chun ráigeanna galar theagmhálach a bhrath, a chosc, freagairt dóibh agus téarnamh uathu;

(b)an Lárionad a chur ar an eolas faoi aon bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, a luaithe a bhraitear iad, tríd an gCóras Luathrabdá dtagraítearhaidh agus Freagartha (EWRS), agus bearta freagartha a glacadh a chur in iúl go pras, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun an fhreagairt a chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]]; agus

(c)comhlachtaí inniúla agus saineolaithe sláinte poiblí sainaitheanta a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ar fáil chun cabhrú le freagairtí an Aontais do bhagairtí sláinte, ar nós tabhairt faoi mhisin chuig na Ballstáit chun comhairle shaineolach agus imscrúduithe allamuigh a sholáthar i gcás braislí nó ráigeanna galair, laistigh de raon feidhme mhisean an Lárionaid.’;

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Oibríocht líonraí tiomnaithe agus gníomhaíochtaí líonraithe

1.Tacóidh an Lárionad le gníomhaíochtaí líonraithe na gcomhlachtaí inniúla arna sainaithint ag na Ballstáit trí chomhordú agus saineolas teicniúil agus eolaíoch a sholáthar don Choimisiún agus do Bhallstáit agus trí líonraí tiomnaithe a oibriú.

2.Áiritheoidh an Lárionad oibríocht chomhtháite an líonra faireachais eipidéimeolaíoch ar na galair theagmhálacha agus ar na saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]].

Déanfaidh an Lárionad na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)forbairt bhreise ar ardáin agus ar fheidhmchláir dhigiteacha a thacaíonn le faireachas eipidéimeolaíoch ar leibhéal an Aontais a áirithiú, ag tacú leis na Ballstáit le comhairle theicniúil agus eolaíoch chun córais chomhtháite faireachais a bhunú ag cumasú faireachas fíor‑ama i gcás inarb iomchuí, ag tairbhiú de bhonneagair agus seirbhísí spáis AE reatha;

(b)dearbhú cáilíochta a sholáthar trí fhaireachán agus measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faireachais eipidéimeolaíoch (lena n‑áirítear caighdeáin faireachais a shocrú agus faireachán a dhéanamh ar iomláine sonraí) na líonraí faireacháin tiomnaithe lena n‑oibríocht optamach a áirithiú;

(c)bunachair sonraí don fhaireachas eipidéimeolaíoch a chothabháil, comhordú le hóstaigh bunachar sonraí ábhartha eile, agus oibriú i dtreo cuir chuige chomhchuibhithe chun sonraí a bhailiú agus samhaltú;

(d)torthaí na hanailíse ar na sonraí a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit;

(e)na modheolaíochtaí oibríochta a chomhchuibhiú agus a chuíchóiriú;

(f)idir‑inoibritheacht na bhfeidhmchlár uathoibrithe a áirithiú, lena n‑áirítear i gcomhair rianú teagmhálaithe, arna bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta;

(g)idir‑inoibritheacht na n‑ardán digiteach don fhaireachas le bonneagair dhigiteacha a áirithiú lena cheadú na sonraí maidir le sláinte a úsáid don chúram sláinte, taighde, déanamh beartais agus chun críocha rialúcháin d’fhonn na hardáin agus na bonneagair sin a chomhtháthú sa Spás Eorpach Sonraí Sláinte, arna rialú ag reachtaíocht an Aontais, agus úsáid a bhaint as sonraí ábhartha eile, mar shampla tosca comhshaoil.

3.Tacóidh an Lárionad le hobair HSC, na Comhairle agus struchtúir eile an Aontais chun freagraí do bhagairt tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a chomhordú laistigh dá shainordú.

4.Déanfaidh an Lárionad, trí oibríocht an líonra don fhaireachas eipidéimeolaíoch, na nithe seo a leanas:

(a)faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí i ngalair theagmhálacha le himeacht ama agus ar fud na mBallstát agus i dtríú tíortha, bunaithe ar tháscairí comhaontaithe, chun an staid reatha a mheasúnú agus gníomhaíocht iomchuí atá bunaithe ar fhianaise a éascú, lena n‑áirítear trí na sonraíochtaí do bhailiú sonraí comhchuibhithe ó na Ballstáit a shainaithint

(b)bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], lena n‑áirítear bagairt do shubstaintí de bhunús daonna, amhail fuil, orgáin, fíocháin agus cealla a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag galair theagmhálacha orthu, nó i bpointe (d) d’Airteagal 2(1) den Rialachán sin, maidir le foinse, am, daonra agus áit chun réasúnaíocht a thabhairt don ghníomh sláinte poiblí;

(c)rannchuidiú le meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar chláir chun galair theagmhálacha a chosc agus a rialú d’fhonn an fhianaise a sholáthar do mholtaí chun na cláir sin a neartú agus a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéil an Aontais;

(d)faireachán agus measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte chun galair theagmhálacha shonracha a aithint, a chosc agus a chóireáil, chomh maith le sábháilteacht na n‑othar;

(e)grúpaí daonra atá i mbaol agus a bhfuil gá acu le spriocbhearta coisctheacha agus bearta freagartha a shainaithint, agus a áirithiú go mbíonn na bearta sin inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas;

(f)rannchuidiú le hualach na ngalar teagmhálach ar an daonra a mheasúnú trí shonraí amhail leitheadúlacht galair, castachtaí, ospidéalú agus básmhaireacht a úsáid, agus a áirithiú go ndí‑chomhshuimítear na sonraí sin de réir aoise, inscne agus míchumais;

(g)samhaltú, réamhaíocht agus forbairt cáis eipidéimeolaíoch a dhéanamh ar mhaithe le freagairt agus na hiarrachtaí sin a chomhordú chun na dea‑chleachtais a mhalartú agus inniúlacht samhaltaithe a fheabhsú ar fud an Aontais; agus

(h)tosca riosca don tarchur galair a shainaithint, chomh maith leis na grúpaí is mó atá i mbaol, lena n‑áirítear comhchoibhneas agus déine ráta tarlaithe galair le tosca sochaíocha agus comhshaoil, agus tosaíochtaí agus riachtanais taighde.

5.Déanfaidh gach Ballstát comhlacht inniúil comhordaithe a ainmniú agus pointe fócasach náisiúnta agus pointí teagmhála oibríochtúla a ainmniú as a bheith ábhartha d’fheidhmeanna sláinte poiblí, lena n‑áirítear faireachas eipidéimeolaíoch, agus le haghaidh grúpaí galar agus galair aonair éagsúla.

Foirmeoidh na pointí fócasacha náisiúnta líonraí a chuireann comhairle straitéiseach ar an Lárionad.

Beidh pointí fócais náisiúnta agus pointí teagmhála oibríochtúla ainmnithe d’idirghníomhaíochtaí sonrach don ghalar leis an Lárionad ina líonraí sonrach don ghalar nó ina líonraí sonrach don ghrúpa galar agus áireofaí ar a gcúraimí sonraí faireachais náisiúnta a tharchur chuig an Lárionad.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Lárionad agus do na Ballstáit eile maidir leis na hainmnithe agus ainmniúcháin a fholaítear sa mhír seo agus maidir le haon athrú orthu.

6.Áiritheoidh an Lárionad oibríocht an líonra de shaotharlanna tagartha AE dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], do dhiagnóisiú, brath, sainaithint agus shaintréithriú gníomhairí tógálacha a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol don tsláinte phoiblí.

7.Trí chomhar a spreagadh idir saotharlanna saineolacha agus tagartha, cothóidh an Lárionad forbairt inniúlachta leordhóthanaí laistigh den Aontas do dhiagnóisiú, brath, sainaithint agus shaintréithriú gníomhairí tógálacha, a d’fhéadfadh sláinte phoiblí a bhagairt. Déanfaidh an Lárionad comhar den chineál sin a chothú agus a shíneadh agus tacóidh sé le cur chun feidhme scéimeanna dearbhaithe cáilíochta.

8.Áiritheoidh an Lárionad oibríocht an líonra seirbhísí Ballstát a thacaíonn le haistriú, le trasphlandú agus le hatáirgeadh daonna le cuidiú míochaine le go mbeifí in ann rochtain leanúnach thapa a fháil ar shonraí séireipidéimeolaíocha trí shuirbhéanna séireipidéimeolaíocha laistigh den daonra, lena n‑áirítear chun nochtadh agus imdhíonacht an daonra deontóra a mheasúnú.

Tacóidh an líonra dá dtagraítear sa chéad fhomhír leis an Lárionad trí fhaireachán a dhéanamh ar ráigeanna galair atá ábhartha do shubstaintí de bhunús daonna agus a soláthar d’othair, agus le forbairt treoirlínte maidir le sábháilteacht agus cáilíocht fola, fíochán agus ceall.

9.Comhoibreoidh an Lárionad leis na comhlachtaí inniúla arna n‑aithint ag na Ballstáit, go háirithe ar obair ullmhúcháin le haghaidh tuairimí eolaíocha, cúnamh eolaíoch agus teicniúil, bailiú sonraí inchomparáide bunaithe ar fhormáidí coitianta a cheadaíonn comhiomlánú a éascú, agus bagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn a shainaithint.’

(5)cuirtear Airteagal 5a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 5a

Cosc galar teagmhálach

1.Tacóidh an Lárionad leis na Ballstáit chun a gcóras coiscthe agus rialaithe galar teagmhálach a láidriú.

2.Forbróidh an Lárionad creat maidir le galair theagmhálacha agus saincheisteanna speisialta a chosc, lena n‑áirítear galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, oideachas sláinte, litearthacht sláinte agus athrú iompraíochta.

3.Déanfaidh an Lárionad meastóireacht agus faireachán ar chláir chun galair theagmhálacha a chosc agus a rialú chun an fhianaise a sholáthar do mholtaí chun na cláir sin a neartú agus a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéil an Aontais, agus i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal idirnáisiúnta.

4.Comhordóidh an Lárionad staidéir neamhspleácha iarmhargaíochta ar éifeachtacht agus faireachán sábháilteachta vacsaíní ag bailiú faisnéis nua agus/nó na sonraí ábhartha a bhailigh comhlachtaí inniúla a úsáid. Déanfar an obair sin go comhpháirteach leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus go háirithe trí ardán nua um faireachán vacsaíní.’;

(6)cuirtear Airteagal 5b seo a leanas isteach:

‘Airteagal 5b

Pleanáil ullmhachta agus freagartha

1.Soláthróidh an Lárionad saineolas eolaíoch agus teicniúil do na Ballstáit agus don Choimisiún i gcomhar le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le socruithe oibre iomchuí arna mbunú leis an gCoimisiún i réimse na pleanála ullmhachta agus freagartha.

Déanfaidh an Lárionad, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus an Coimisiún na nithe seo a leanas:

(a)cur le forbairt, athbhreithniú tráthrialta agus nuashonrú pleananna ullmhachta agus treoirphleananna pleananna ullmhachta sonrach do bhagairt lena nglacadh ag an gCoiste Slándála Sóisialta;

(b)creata faireacháin agus meastóireachta ullmhachta agus táscairí don ullmhacht a fhorbairt;

(c)féinmheasúnuithe agus measúnú seachtrach ar phleanáil ullmhachta agus freagartha na mBallstát a éascú, agus cur le tuairisciú agus iniúchóireacht ar phleanáil ullmhachta agus freagartha faoi Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]];

(d)faireachán ar bhearnaí ullmhachta agus soláthar tacaíochta dírithe do Bhallstáit an Aontais agus tríú tíortha i gcásanna riachtanas a áirithiú;

(e)beartais, athbhreithnithe le linn gníomhaíochta agus tar éis gníomhaíochta a fhorbairt agus gníomhaíochtaí um fhothú acmhainneachta a eagrú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí acmhainneachta agus cumais ullmhachta a shainaithint;

(f)gníomhaíocht sonracha ullmhachta a fhorbairt ina dtugtar aghaidh ar ghalair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, cumas saotharlainne agus bithshlándáil i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin agus bunaithe ar bhearnaí sainaitheanta;

(g)tacú le comhtháthú ullmhachta taighde i bpleananna ullmhachta agus freagartha;

(h)gníomhaíochtaí dírithe a fhorbairt a thugann aghaidh ar ghrúpaí atá i mbaol agus ullmhacht phobail;

(i)measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte chun ráigeanna galar teagmhálach a bhrath, a chosc, freagairt dóibh agus téarnamh uathu, bearnaí a shainaithint agus moltaí a chur ar fáil chun córais sláinte a neartú, lena gcur chun feidhme le tacaíocht an Aontais de réir mar is iomchuí;

(j)cur le hinniúlacht samhaltaithe, réamhaíochta agus réamhaisnéise an Lárionaid; agus

(k)sásraí iasachta tráthrialta idir saineolaithe an Lárionad, an Choimisiúin agus na mBallstát a chothabháil.’;

(7)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a.Soláthróidh an Lárionad anailísí agus moltaí coincréiteacha do ghníomhaíochta chun bagairtí galar teagmhálach a chosc agus a rialú ar iarraidh ón gCoimisiún.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.Féadfaidh an Lárionad staidéir eolaíocha a chur chun cinn agus a thionscnamh atá riachtanach d’fheidhmíocht a mhisin agus staidéir agus tionscadail eolaíochta feidhmí ar indéantacht, forbairt agus ullmhacht a ghníomhaíochtaí. Déanfaidh an Lárionad dúbailt a sheachaint le cláir thaighde agus sláinte an Choimisiúin, na mBallstát agus an Aontais, agus déanfaidh sé idirchaidreamh idir an earnáil sláinte poiblí agus taighde de réir mar is gá.

Chun na staidéir dá dtagraítear sa chéad mhír a dhéanamh, beidh rochtain ag an Lárionad ar na sonraí maidir le sláinte a chuirtear ar fáil nó a mhalartaítear trí bhonneagair agus feidhmchláir dhigiteacha, i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí, ag fágáil go mbeifear in ann sonraí maidir le sláinte a úsáid ar mhaithe le cúram sláinte, taighde, déanamh beartais agus chun críocha rialúcháin. Chun críocha na staidéar faoin gcéad mhír, bainfidh an Lárionad úsáid as sonraí ábhartha eile freisin, ar thosca comhshaoil agus socheacnamaíocha mar shampla.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.Rachaidh an Lárionad i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais maidir le staidéir thaighde agus shláinte poiblí a phleanáil agus tosaíochtaí a shocrú ina leith.’;

(8)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

An nós imeachta um thuairimí eolaíocha

1.Eiseoidh an Lárionad tuairim eolaíoch maidir le nithe a chuimsítear ina mhisean:

(a)i ngach cás lena ndéantar foráil le reachtaíocht an Aontais go bhfuiltear le dul i gcomhairle leis an Lárionad;

(b)arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó do Bhallstát;

(c)arna iarraidh sin don Choimisiún; agus

(d)ar a thionscnamh féin.

2.Míneofar go soiléir le hiarrataí le haghaidh tuairim eolaíoch dá dtagraítear i mír 1 an tsaincheist eolaíoch a dtabharfar aghaidh orthu agus leas an Aontais agus beidh eolas cúlra leormhaith maidir leis an tsaincheist sin ag gabháil leo.

3.Eiseoidh an Lárionad tuairimí eolaíocha laistigh de thráthchlár a chomhaontófar go frithpháirteach.

4.I gcás ina ndéanfar iarrataí difriúla maidir leis an tsaincheist chéanna nó mura gcomhlíonann an iarraidh mír 2, féadfaidh an Lárionad diúltú tuairim eolaíoch a eisiúint nó leasuithe ar an iarraidh sin a mholadh i gcomhairle leis an institiúid nó leis an mBallstát a rinne an iarraidh. I gcás ina ndiúltófar don iarraidh, tabharfar réasúnú don institiúid nó do na Ballstáit a rinne an iarraidh.

5.I gcás ina mbeidh tuairim eolaíoch tugtha ag an Lárionad cheana féin maidir leis an tsaincheist shonrach ab ábhar don iarraidh agus ina dtiocfaidh sé ar an gconclúid nach bhfágann aon eilimintí eolaíocha go bhfuil údar leis an tsaincheist a athscrúdú, tabharfar faisnéis a thacóidh leis an gconclúid sin don institiúid nó don Bhallstát a rinne an iarraidh.

6.Sonrófar le rialacha inmheánacha an Lárionaid ceanglais maidir leis an bhformáid, leis an gcúlra míniúcháin agus le tuairim eolaíoch a fhoilsiú.’;

(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

An Córas Luathrabhaidh agus Freagartha a Fheidhmiú

1.Tacóidh agus cabhróidh an Lárionad leis an gCoimisiún tríd an EWRS a fheidhmiú agus tríd an inniúlacht chun freagairt ar bhealach comhordaithe a áirithiú leis na Ballstáit.

2.Déanfaidh an Lárionad an méid seo a leanas:

(a)ábhar na dteachtaireachtaí a fhaigheann sé trí EWRS a anailísiú;

(b)faisnéis, oilteacht, comhairle agus measúnú riosca a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún; agus

(c)a áirithiú go nascfar EWRS le córais rabhaidh eile an Aontais go héifeachtúil agus go héifeachtach.

3.Oibreoidh an Lárionad leis an gCoimisiún agus leis an gCoiste Slándála Sláinte maidir le nuashonruithe EWRS, lena n‑áirítear maidir le teicneolaíochtaí nua‑aimseartha a úsáid, cosúil le haipeanna digiteacha móibíleacha, samhlacha intleachta saorga, nó teicneolaíochtaí eile chun rianú teagmhálaithe uathoibríoch a dhéanamh, ag forbairt na dteicneolaíochtaí rianaithe teagmhálaithe arna bhforbairt ag na Ballstáit agus maidir le ceanglais fheidhmiúla EWRS a shainiú.

4.Oibreoidh an Lárionad leis an gCoimisiún, an Coiste Slándála Sláinte agus an Líonra r‑Shláinte chun tuilleadh sainmhínithe a dhéanamh ar na ceanglais fheidhmiúla maidir le haipeanna rianaithe teagmhálaithe agus a n‑idir‑inoibritheacht, agus bonneagair agus seirbhísí atá ann cheana féin á gcur san áireamh, cosúil le seirbhísí geoshuímh arna soláthar ag Clár Spáis an Aontais Eorpaigh.

5.Beidh sé d’fhreagracht ar an Lárionad mar phróiseálaí slándáil agus rúndacht oibríochtaí próiseála na sonraí pearsanta arna ndéanamh laistigh de EWRS a áirithiú agus i gcomhthéacs idir‑inoibritheacht aipeanna rianaithe teagmhálaithe, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 33, Airteagal 34(2) agus Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*

________________

(*)Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).’;

(10)cuirtear an tAirteagal 8a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 8a

Measúnú riosca

1.Soláthróidh an Lárionad measúnuithe riosca tapa go tráthúil, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE)…/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], i gcás bagartha dá dtagraítear i bpointe (i) agus pointe (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) den Rialachán sin lena n‑áirítear bagairt do shubstaintí de bhunús daonna, cosúil le fuil, orgáin, fíocháin agus cealla a bhféadfadh tionchar a bheith ag galair theagmhálacha orthu, nó i bpointe (d) d’Airteagal 2(1) den Rialachán sin

2.Beidh moltaí ginearálta agus spriocdhírithe sa mheasúnú riosca maidir le freagairt mar bhonn le comhordú sa Choiste Slándála Sláinte.

3.Chun críocha mhír 1, comhordóidh an Lárionad ullmhú measúnuithe riosca tapa trí shaineolaithe ó na Ballstáit agus gníomhaireachtaí ábhartha a thabhairt isteach, más gá.

4.Mura gcuimsítear an measúnú riosca faoi shainordú an Lárionaid, arna iarraidh sin don ghníomhaireacht nó don chomhlacht a dhéanann an measúnú riosca faoina shainordú, soláthróidh an Lárionad, gan moill mhíchuí, aon fhaisnéis ábhartha agus aon sonraí ábhartha atá ar fáil dó don ghníomhaireacht nó don chomhlacht sin.’;

(11)cuirtear an tAirteagal 8b seo a leanas isteach:

‘Airteagal 8b

Comhordú na freagartha

1.Tacóidh an Lárionad le comhordú na freagartha sa Choiste Slándála Sláinte dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], go háirithe trí mholtaí a sholáthar maidir le bearta freagartha le haghaidh:

(a)freagairtí náisiúnta don bhagairt tromchúiseach trasteorann ar shláinte;

(b)treoraíocht do na Ballstáit a ghlacadh chun bagairt tromchúiseach trasteorann ar shláinte a chosc agus a rialú.

2.Tacóidh an Lárionad le freagairt arna comhordú ag an Aontas arna hiarraidh sin do Bhallstát, don Chomhairle, don Choimisiún, do chomhlachtaí nó do ghníomhaireachtaí an Aontais.’;

(12)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

‘1.Soláthróidh an Lárionad saineolas eolaíoch agus teicniúil do na Ballstáit, don Choimisiún agus do chomhlachtaí nó do ghníomhaireachtaí eile an Aontais chun pleananna ullmhachta a fhorbairt, a athbhreithniú go tráthrialta agus a nuashonrú, agus maidir le straitéisí idirghabhála a fhorbairt laistigh de raon feidhme a mhisin.

2.Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit, tríú tíortha, go háirithe tíortha comhpháirtíochta an Aontais, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta (go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte) iarraidh ar an Lárionad cúnamh eolaíoch nó teicniúil a sholáthar in aon réimse laistigh de raon feidhme a mhisin. Féadfaidh cabhair don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith san áireamh leis an gcúnamh chun treoirlínte teicniúla a fhorbairt maidir le dea‑chleachtas agus maidir le bearta cosanta a bheidh le déanamh mar fhreagairt ar bhagairtí do shláinte an duine, chomh maith le cúnamh saineolach a sholáthar, agus foirne imscrúdúcháin a ghríosú agus a chomhordú. Soláthróidh an Lárionad saineolas agus cúnamh eolaíoch agus teicniúil laistigh dá chumas maoinithe agus dá shainordú, agus i gcomhréir leis na socruithe oibre iomchuí arna mbunú leis an gCoimisiún.

3.Beidh sprioc‑am socraithe, a chaithfear a chomhaontú go frithpháirteach leis an Lárionad, ag gabháil le hiarrataí chuig an Lárionad ar chúnamh eolaíoch nó ar chúnamh teicniúil.’;

(b)scriostar mír 5;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.Comhordóidh agus tacóidh an Lárionad, de réir mar is iomchuí, le cláir oiliúna, go háirithe maidir le faireachas eipidéimeolaíoch, imscrúduithe allamuigh, ullmhacht agus cosc, agus taighde sláinte poiblí.’;

(13)Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.Comhordóidh an Lárionad bailiú sonraí, bailíochtú, anailísiú agus scaipeadh sonraí ar leibhéal an Aontais.’;

(b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a.Baileoidh an Lárionad sonraí agus faisnéis, agus áiritheoidh naisc le sonraí ábhartha taighde agus aschuir maidir le:

(a)faireachas eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha agus ar shaincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe (i) agus pointe (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]];

(b)dul chun cinn cásanna eipidéimeolaíocha, lena n‑áirítear le haghaidh samhaltú, réamhaíocht na gcásanna insamhlaithe sin agus iad a fhorbairt;

(c)feiniméin eipidéimeolaíocha neamhghnácha nó galair theagmhálacha nua de bhunús anaithnid, lena n‑áirítear na cinn sin i dtríú tíortha;

(d)sonraí pataigine móilíní, más gá sin chun bagairtí sláinte trasteorann a bhrath nó a imscrúdú; agus

(e)sonraí na gcóras sláinte a mbeidh gá leo chun bagairtí sláinte trasteorann a bhainistiú.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.Chun críocha mhír 1, déanfaidh an Lárionad an méid seo a leanas:

(a)nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt, in éineacht le comhlachtaí inniúla na mBallstát agus an Choimisiúin, chun comhairliúchán agus tarchur agus rochtain sonraí a éascú;

(b)meastóireacht theicniúil agus eolaíoch a dhéanamh ar bhearta coiscthe agus rialaithe ar leibhéal an Aontais;

(c)oibriú i ndlúthchomhar le comhlachtaí inniúla na n‑eagraíochtaí a fheidhmíonn i réimse an bhailithe sonraí ón Aontas, ó thríú tíortha, ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile; agus

(d)réitigh a fhorbairt chun sonraí ábhartha maidir le sláinte, a chuirtear ar fáil nó a mhalartaítear trí bhonneagair dhigiteacha, a rochtain i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí, ag fágáil go mbeifear in ann na sonraí maidir le sláinte a úsáid ar mhaithe le cúram sláinte, taighde, beartais a dhéanamh agus chun críocha rialúcháin; agus rochtain rialaithe ar shonraí maidir le sláinte a sholáthar agus a éascú chun tacú le taighde sláinte poiblí.’;

(d)cuirtear an mhír 4 agus an mhír 5 seo a leanas leis:

‘4.I gcásanna práinneacha a bhaineann le déine nó le húrnuacht bagartha tromchúisí trasteorann ar shláinte nó le luas a leata i measc na mBallstát, cuirfidh an Lárionad réamhaisnéisí eipidéimeolaíocha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 5(4) ar fáil, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, ar bhealach oibiachtúil, iontaofa agus so‑rochtana agus ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil.

5.I gcásanna práinneacha a bhaineann le déine nó le húrnuacht bagartha tromchúisí trasteorann ar shláinte nó le luas a leata i measc na mBallstát, soláthróidh an Lárionad sonraí agus anailísí ábhartha ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil.’;

(14)cuirtear an tAirteagal 11a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 11a

Tacaíocht don fhreagairt idirnáisiúnta agus don fhreagairt allamuigh

1.Bunóidh an Lárionad inniúlacht chun Tascfhórsa Sláinte AE a ghríosú agus a imscaradh lena n‑áirítear foireann an Lárionaid agus saineolaithe ó na Ballstáit agus ó chláir chomhaltachtaí, le cabhrú leis an bhfreagairt áitiúil ar ráigeanna de ghalair theagmhálacha i mBallstáit agus i dtríú tíortha.

2.Forbróidh an Lárionad creat agus bunóidh nósanna imeachta leis an gCoimisiún chun Tascfhórsa Sláinte AE a ghríosú.

3.Áiritheoidh an Lárionad go ndéanfar Tascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh a chomhordú agus go mbeidh sé comhlántach leis na hinniúlachtaí lena gcomhtháthaítear an Cór Liachta Eorpach agus inniúlachtaí ábhartha eile faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.

4.Forbróidh an Lárionad creat leis an gCoimisiún chun Tascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh a ghríosú, i bhfianaise gníomhaíochta faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE*.

Soláthróidh an Lárionad rannchuidiú saineolaithe freagartha allamuigh an Aontais d’fhoirne freagartha idirnáisiúnta arna ngríosú ag sásra Chlár Éigeandálaí Sláinte na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus ag an Global Outbreak Alert and Response Network (GOARN) [Líonra Rabhaidh & Freagartha um Ráigeanna Domhanda] agus i gcomhréir le socruithe oibre iomchuí arna mbunú leis an gCoimisiún.

5.Éascóidh an Lárionad le cumais freagartha allamuigh agus saineolas bainistithe géarchéime a fhorbairt i measc fhoireann an Lárionaid agus saineolaithe ó thíortha AE agus LEE, ó thíortha is iarrthóirí AE agus ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha, chomh maith le tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tíortha comhpháirtíochta AE, arna iarraidh sin don Choimisiún.

6.Coinneoidh an Lárionad inniúlacht ar bun chun misin chuig na Ballstáit a dhéanamh, arna iarraidh sin don Choimisiún agus do na Ballstáit, chun moltaí a sholáthar maidir le freagairt do bhagairtí don tsláinte laistigh dá shainordú.

7.Arna iarraidh sin don Choimisiún agus do na Ballstáit, beidh an Lárionad rannpháirteach i dtionscadail thógála inniúlachta fhadtéarmacha lena ndíreofar ar inniúlachtaí ullmhachta faoin IHR a láidriú i dtríú tíortha neamh‑Eorpacha, go háirithe i dtíortha comhpháirtíochta.

_______________

(*)Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).’;

(15)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.Beidh an Lárionad i mbun cumarsáide ar a thionscnamh féin laistigh de raon feidhme a mhisin, tar éis dó faisnéis a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún roimh ré.

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go dtabharfar faisnéis oibiachtúil, iontaofa, a bheidh bunaithe ar fhianaise agus so‑rochtana don phobal nó d’aon pháirtithe leasmhara go tapa maidir le torthaí a cuid oibre. Cuirfidh an Lárionad faisnéis ar fáil don phobal i gcoitinne, lena n‑áirítear trí shuíomh gréasáin tiomnaithe. Foilseoidh sé a thuairimí freisin arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6.’;

(b)scriostar mír 2;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.Oibreoidh an Lárionad i gcomhar leis na comhlachtaí inniúla eile sna Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile de réir mar is iomchuí maidir le feachtais faisnéise don phobal.’;

(16)Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na tríú fomhíre de mhír 2:

Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige ‘comhaltaí’ agus féadfar an téarma sin a fhadú.’;

(b)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d), phointe (e) agus phointe (f):

‘(d)clár oibre an Lárionaid don bhliain atá amach roimhe a ghlacadh, roimh an 31 Eanáir gach bliain;

(e)dréacht‑doiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh ar aon dul le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715* ón gCoimisiún agus treoirlínte gaolmhara an Choimisiúin don Doiciméad Clársceidealaithe Aonair**;

(f)a áirithiú go mbeidh clár oibre na bliana atá amach roimhe agus na cláir ilbhliantúla comhsheasmhach le tosaíochtaí reachtacha agus beartais an Aontais i réimse a mhisin agus a chúraimí, agus na moltaí arna nglacadh sa Tuairim bhliantúil ón gCoimisiún a leanúint.

(g)roimh an 30 Márta gach bliain, an tuarascáil ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an Lárionaid don bhliain roimhe a ghlacadh;

(h)na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Lárionad a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(i)na rialacha lena rialaítear teangacha an Lárionaid a chinneadh, lena n‑áirítear an fhéidearthacht go ndéanfar idirdhealú idir oibriú inmheánach an Lárionaid agus an chumarsáid sheachtrach, lena gcuirfear san áireamh an gá atá le rochtain ar obair an Lárionaid ag gach páirtí leasmhar sa dá chás, agus rannpháirtíocht san obair sin, a áirithiú.

I dtaca leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Lárionad dá dtagraítear i bpointe (h) den chéad fhomhír, ní fhéadfar imeacht ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún ina leith, ach amháin i gcás ina n‑éileofar sin go sonrach ar mhaithe le feidhmiú an Lárionaid agus le toiliú an Choimisiúin roimh ré.

________________

(*)Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).’;

(17)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) d’Airteagal 16(2):

‘(b)dréacht‑chláir oibre a tharraingt suas agus na moltaí, arna nglacadh sa Tuairim bhliantúil ón gCoimisiún maidir leis an doiciméad clársceidealaithe aonair, á gcur san áireamh;’

(18)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

‘1.Gan dochar d’Airteagal 3(2), déanfaidh an Bord Bainistíochta an stiúrthóir a cheapadh ar feadh tréimhse cúig bliana, a fhéadfar a fhadú uair amháin ar feadh tréimhse eile suas le cúig bliana, ar bhonn liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún tar éis comórtas oscailte, tar éis glao ar léirithe spéise, a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus in áiteanna eile.’;

(19)Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.Ní bheidh comhlachtaí an Fhóraim Chomhairligh ina gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta. Trí bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus féadfar an téarma sin a fhadú.’;

(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)tosaíochtaí eolaíocha agus sláinte poiblí a dtabharfar aghaidh orthu sa chlár oibre; agus

(g)príomhfhoilseacháin arna n‑ullmhú ag an Lárionad cosúil le staidéir réamhaisnéise.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.Féadfaidh an stiúrthóir iarraidh ar shaineolaithe nó ar ionadaithe comhlachtaí gairmiúla nó eolaíocha, nó ar eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil taithí aitheanta acu i ndisciplíní a bhaineann le hobair an Lárionaid oibriú i gcomhar le chéile maidir le cúraimí sonracha agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ábhartha an Fhóraim Chomhairligh. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don stiúrthóir go n‑iarrfar ar shaineolaithe nó ar ionadaithe comhlachtaí gairmiúla nó eolaíocha, nó eagraíochtaí neamhrialtasacha ar bhonn ad‑hoc.’;

(20)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 d’Airteagal 20:

‘3.Féadfaidh na cinntí a dhéanfaidh an Lárionad de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n‑ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n‑ábhar gníomhaíochta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’), faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 230 CFAE faoi seach.’;

(21)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

‘Airteagal 21

Rúndacht ghairmiúil agus rúndacht

1.Gan dochar d’Airteagal 20, ní sceithfidh an Lárionad faisnéis rúnda, a fhaigheann sé agus ar iarradh cóireáil faoi rún ina leith agus údar tugtha lena haghaidh, do thríú páirtithe ach amháin faisnéis a chaithfear a scaoileadh go poiblí, má éilítear sin leis na himthosca, chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Más Ballstát a chuir an fhaisnéis rúnda faoina bhráid, ní fhéadfar an fhaisnéis sin a nochtadh gan toiliú an Bhallstáit sin roimh ré.

Beidh feidhm ag rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil i ndáil le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint, a leagtar síos i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443* agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444** ón gCoimisiún maidir le hobair an Lárionaid agus a fhoirne.

2.Beidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an stiúrthóir, comhaltaí an Fhóraim Chomhairligh, chomh maith le saineolaithe seachtracha a bheidh rannpháirteach sna painéil eolaíocha, agus baill d’fhoireann an Lárionaid, faoi réir na hoibleagáide maidir le rúndacht ghairmiúil de bhun Airteagal 339 CFAE, fiú tar éis deireadh a chur lena ndualgais.

3.Ní choinneofar conclúidí na dtuairimí eolaíocha arna dtabhairt ag an Lárionad a bhaineann le héifeachtaí sláinte intuartha faoi rún ar chuntar ar bith.

4.Déanfaidh an Lárionad na socruithe praiticiúla, maidir leis na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme, a leagan síos ina rialacha inmheánacha.

5.Déanfaidh an Lárionad gach beart is gá chun an malartú faisnéise is ábhartha dá chúraimí leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, le hinstitiúidí eile an Aontais, agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha a éascú, i gcomhréir le socruithe oibre iomchuí arna mbunú leis an gCoimisiún.

6.Déanfaidh an Lárionad córas faisnéise a fhorbairt, a imscaradh agus a fheidhmiú a bheidh ábalta faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis neamh‑rúnaicmithe íogair a mhalartú mar a shonraítear san Airteagal seo.

__________________

(*)Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

**Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).’;

(22)Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit; agus

(e)aon ioncam ó chomhaontuithe ranníocaíochta nó ó chomhaontuithe deontais arna dtabhairt i gcrích d’eisceacht idir an Coimisiún agus an Lárionad.’;

(b)cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

‘3aFéadfar maoiniú ó bhuiséad an Aontais a dhámhachtain ar an Lárionad le haghaidh na gcostas arna dtabhú aige chun a chlár oibre, a bunaíodh i gcomhréir le cuspóirí agus tosaíochtaí na gclár oibre arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, agus le cláir Thaighde agus Nuálaíochta AE, a chur chun feidhme. Ní chumhdófar leis an maoiniú sin caiteachas a chumhdaítear le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh cheana féin nó le haon acmhainn eile de chuid an Lárionaid a shainmhínítear i mír 3 den Airteagal seo.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.Gach bliain, déanfaidh an Bord Bainistíochta meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas don Lárionad don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, ar meastachán é a bheidh bunaithe ar an réamh‑dhréachtbhuiséad arna dtarraingt suas ag an stiúrthóir. Beidh an meastachán sin, lena n‑áirítear dréachtphlean bunaíochta, sa dréacht‑doiciméad clársceidealaithe aonair. I gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, seolfaidh an Lárionad, faoin 31 Eanáir gach bliain, a dhréacht‑doiciméad clársceidealaithe aonair, arna fhormhuiniú ag a Bhord Bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.Ar bhonn an mheastacháin, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé is gá maidir leis an bplean bunaíochta agus suim an fhóirdheontais a mhuirearófar ar an mbuiséad ginearálta, a chuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE a iontráil i réamhdhréacht buiséad ginearálta an Aontais.

________________________

(*)Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár a bhunú le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte i gcomhair na tréimhse 2021‑2027 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (‘an Clár EU4Health’) (IO..).

**Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).’;

(23)Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.Faoin 1 Márta ar a dheireanaí tar éis gach bliana airgeadais, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Lárionaid na cuntais shealadacha ar aghaidh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n‑institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 245 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.Nuair a fhaightear barúlacha na Cúirte Iniúchóirí ar chuntais shealadacha an Lárionaid, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, tarraingeoidh an stiúrthóir suas cuntais dheiridh an Lárionaid faoi fhreagracht an stiúrthóra féin agus cuirfidh sé ar aghaidh iad chuig an mBord Bainistíochta i gcomhair tuairime.

Cuirfidh an Lárionad an Coimisiún ar an eolas gan mhoill maidir le cásanna toimhdithe de chalaois agus mírialtachtaí airgeadais eile, d’aon imscrúduithe críochnaithe nó leanúnacha de chuid Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (EPPO) nó na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF), agus d’aon iniúchtaí nó rialuithe de chuid Chúirt Iniúchóirí na hEorpa nó na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS), gan rúndacht na n‑imscrúduithe a chur i gcontúirt.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 8 agus 9:

‘8.Faoin 30 Meán Fómhair ar a dheireanaí, seolfaidh an stiúrthóir freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar bharúlacha na Cúirte sin. Ina theannta sin, cuirfidh an stiúrthóir an freagra seo chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún.

9.Déanfaidh an stiúrthóir aon fhaisnéis riachtanach maidir le cur i bhfeidhm rianúil an nós imeachta um urscaoileadh don bhliain airgeadais i dtrácht a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin di agus mar a leagtar síos in Airteagal 261(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.’;

(24)Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.Beidh feidhm gan srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* maidir leis an Lárionad.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.Sonrófar go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme mar thoradh orthu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí, EPPO agus OLAF, más gá, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar fhaighteoirí mhaoiniú an Lárionaid agus na gníomhairí atá freagrach as a leithdháileadh.’

(c)cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:

‘4.Gan dochar do mhír 1 go mír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe oibre le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna comhaontuithe deontais, sna cinntí deontais agus i gconarthaí an Aontais, lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF agus do EPPO iniúchtaí agus fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

_______________

(*)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).’;

(25)Leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.Beidh an Lárionad ina chomhlacht de chuid an Aontais. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige.’;

(b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a.Beidh ag an Lárionad i ngach ceann de na Ballstáit an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis na Conarthaí maidir leis an Lárionad agus lena fhoireann reachtúil.’;

(26)leasaítear mír 1 d’Airteagal 27 mar a leanas:

‘1.Rialófar dliteanas conarthach an Lárionaid tríd an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an Lárionad.”;

(27)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

‘Airteagal 28

Iniúchadh ar dhlíthiúlacht

1.Féadfaidh Ballstáit, comhaltaí den Bhord Bainistíochta agus tríú páirtithe atá bainteach go díreach agus go haonair, aon ghníomh den Lárionad, bíodh sé sainráite nó intuigthe, a chur faoi bhráid an Choimisiúin ionas go ndéanfaidh an Coimisiún dlíthiúlacht an ghnímh sin a iniúchadh (‘achomharc riaracháin’).

2.Déanfar achomharc riaracháin chuig an gCoimisiún laistigh de 15 lá ón lá ar a bhfuair an páirtí lena mbaineann eolas den chéad uair maidir leis an ngníomh i dtrácht.

3.Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh laistigh de mhí amháin. I gcás nach nglactar aon chinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar gur díbheadh an t‑achomharc riaracháin.

4.Is féidir caingean le haghaidh neamhniú chinneadh sainráite nó intuigthe an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 3 chun an t‑achomharc riaracháin a dhíbhe a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.’;

(28)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31:

‘Airteagal 31

Clásal i dtaca le hathbhreithniú

1.Faoin [cuir isteach dáta trí bliana tar éis dáta theacht i bhfeidhm] 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Bhoird Bainistíochta maidir le gníomhaíochtaí an Lárionaid, lena n‑áirítear measúnú ar na nithe seo a leanas:

(a)an chaoi a ndearna an Lárionad dul chun cinn ar chur chun feidhme an tsainordaithe leasaithe i bhfianaise phaindéim COVID‑19;

(b)an chaoi a gcloíonn an Lárionad leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán (AE) .../... [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]] agus reachtaíocht ábhartha eile an Aontais;

(c)chomh éifeachtach is a thugann gníomhaíochtaí an Lárionaid aghaidh ar thosaíochtaí sláinte idirnáisiúnta, de chuid an Aontais nó tosaíochtaí sláinte náisiúnta;

(d)an chaoi a bhfuil obair an Lárionaid dírithe ar inniúlachtaí Ballstát agus an difear a dhéanann sí dóibh.

Léireofar sa tuarascáil tuairimí na ngeallsealbhóirí, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

Beidh staidéar neamhspleách, arna choimisiúnú ag an gCoimisiún ag gabháil leis an tuarascáil.

2.Faoin [cuir isteach dáta trí bliana tar éis dáta theacht i bhfeidhm] 2028, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmíocht an Lárionaid i ndáil lena chuspóirí, a shainordú, a thascanna, a nós imeachta agus a shuíomh. Tabharfar aghaidh go háirithe, sa mheastóireacht ar an ngá féideartha a bheidh ann sainordú an Lárionaid a mhodhnú, agus impleachtaí airgeadais aon mhodhnú den sórt sin.

3.I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil údar a thuilleadh le hoibríocht leanúnach an Lárionaid maidir lena chuspóirí, sainordú agus tascanna sannta, féadfaidh sé a mholadh go leasófaí nó go n‑aisghairfí forálacha ábhartha an Rialacháin seo dá réir sin.

4.Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta maidir le torthaí a athbhreithnithe agus a mheastóireachtaí arna ndéanamh faoi mhír 2. Poibleofar na torthaí sin.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Ábhar

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Comhsheasmhacht le bearta reatha an Aontais sa réimse seo

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Comhréireacht

An rogha ionstraime

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Measúnú tionchair

Cearta bunúsacha

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra le

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n-áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe ECDC

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní daonna [comhlachta]

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘GNÍOMHAIREACHTAÍ’

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Dréachtrialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

Réimse beartais: Téarnamh agus Athléimneacht

Gníomhaíocht: Sláinte

1.3.Baineann an togra le 

X beart nua

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 13  

X síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta 

Is é cuspóir ginearálta obair ECDC bagairtí reatha agus cinn atá ag teacht chun cinn ar shláinte an duine ó ghalair theagmhálacha a mheasúnú agus tuairisciú orthu, agus moltaí a thabhairt i gcomhair freagartha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar leibhéal náisiúnta.

1.4.2.Cuspóirí sonracha 

Sainchuspóirí

Cuirfidh ECDC faisnéis thráthúil ar fáil don Choimisiún, do na Ballstáit, do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach i réimse na sláinte poiblí, lena n‑áirítear measúnuithe riosca.

Soláthróidh ECDC saineolas eolaíoch agus teicniúil do na Ballstáit agus don Choimisiún i réimse na pleanála ullmhachta agus freagartha, lena n‑áirítear oiliúint.

Comhordóidh ECDC bailiú sonraí, bailíochtú, anailís agus scaipeadh sonraí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus dá bhrí sin bunóidh sé córas láidir faireachais Eorpach do ghalair theagmhálacha i gcreat an Spáis Eorpaigh Sonraí Sláinte.

Oibreoidh ECDC líonraí tiomnaithe i réimse na ngalar teagmhálach agus substaintí de bhunús daonna.

Óstálfaidh ECDC Tascfhórsa Sláinte AE le tacú go seasta le tíortha le neartú ullmhachta agus idirghabháil go tapa i ngéarchéim sláinte.

Feabhsóidh ECDC comhar idirnáisiúnta agus baileoidh sé faisnéis réigiúnach/náisiúnta.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Pleananna ullmhachta nuashonraithe i ngach Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear iniúchadh agus gníomh ceartaitheach

Speisialtóirí a chuirtear faoi oiliúint go tráthrialta i ngach Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh chun géarchéimeanna sláinte poiblí a bhainistiú

Líonraí bunaithe, feidhmiúla Eorpacha de speisialtóirí le haghaidh gach príomhghalar teagmhálach lena n‑áirítear galair atá ag teacht chun cinn

Ionchur agus tacaíocht thráthúil agus réamhghníomhach ó ECDC do gach Ballstát agus don Choimisiún Eorpach maidir le freagairtí do ghéarchéimeanna sláinte

Tacaíocht thráthúil agus dhírithe i gcás géarchéim sláinte trí Thascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh

Faisnéis thráthúil agus cothrom le dáta agus comhar líofa le CDCanna agus eagraíochtaí sláinte idirnáisiúnta eile.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta 

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Bunófar cuspóirí mionsonraithe agus torthaí a mbeifí ag súil leo lena n‑áirítear táscairí feidhmíochta leis an gclár oibre bliantúil, agus leagfaidh an clár oibre ilbhliantúil síos na cuspóirí straitéiseacha foriomlána, torthaí a mbeifí ag súil leo agus táscairí feidhmíochta.

Maidir leis na cúraimí agus gníomhaíochtaí sonracha a thíolactar sa togra atá ann faoi láthair, cuirtear ar aghaidh na táscairí seo a leanas:

‑ An líon measúnuithe riosca ar bhealach réamhghníomhach má bhíonn gá agus nuair is gá nó arna iarraidh ag an gCoimisiún Eorpach nó ag an gCoiste Slándála Sláinte laistigh de 1‑5 lá, ag brath ar mhéid na ráige nó ar theagmhas slándála sláinte eile.

‑ An líon modúl oiliúna i gcomhair ullmhachta atá a gcruthú.

‑ Céatadán den mhéadú ar inniúlacht TESSy agus méadú ó scála EWRS fad is a chaomhnaítear a thapúlacht i malartú faisnéise.

‑ An líon idirghabhálacha tapa, spriocdhírithe ag Tascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

Ceann de na ceachtanna a foghlaimíodh i rith phaindéim COVID‑19 is ea gur gá creat slándála sláinte an Aontais Eorpaigh a neartú d’fhonn comhordú níos fearr a dhéanamh ar ullmhacht agus ar fhreagairtí san Aontas Eorpach ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte. Is príomhghníomhaí ECDC sa chreat seo agus is gá é a neartú ar bhealach spriocdhírithe chun sraith mhéadaithe gníomhaíochtaí a dhéanamh.

Ba cheart go dtarlódh an t‑athbhreithniú ar an sainordú go luath in 2021 agus go gcuirfí chun feidhme láithreach é.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal na hEorpa (ex‑ante): is Gníomhaireacht dhíláraithe bhunaithe de chuid an Aontais Eorpaigh é ECDC agus is príomhghnéithe iad a thacaíocht do Bhallstáit agus a fhoilseacháin eolaíochta don fhreagairt ullmhachta ar bhagairtí trasteorann ar shláinte. Bunaithe ar cheachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID‑19, tá athbhreithniú ar shainordú tráthúil chun an obair ullmhachta san Aontas Eorpach a bhreisiú.

Breisluach Aontais a mheastar a ghinfear (ex‑post) – beidh na Ballstáit níos ullmhaithe chun tabhairt faoi phaindéim agus bagairtí trasteorann eile ar shláinte sa todhchaí.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Cé go bhfuil paindéim Covid‑19 fós ar siúl, tógann an togra seo ar cheachtanna a foghlaimíodh ó na míonna atá caite den phaindéim seo. Go háirithe, teastaíonn ullmhacht agus faireachán níos fearr.

Tugadh san áireamh taithí le hathbhreithnithe ar shainorduithe a rinneadh roimhe seo ar ghníomhaireachta díláraithe an Aontais Eorpaigh e.g. EFSA.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus sineirgí a chur chun cinn leo, amhail an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (ÚESB), an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) agus tairbhe iomlán a bhaint as an gclár EU4Health agus as cláir eile de chuid an Aontais lena maoinítear bearta i réimse na sláinte poiblí, agus comhsheasmhacht a áirithiú leo.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Neamhbhainteach

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [DD/MM]YYYY go dtí an [DD/MM]YYYY

   An tionchar airgeadais ó BBBB go dtí BBBB

X tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó mhí Eanáir 2021 go dtí mí na Nollag 2023,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 14  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí

   na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

X Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

X comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71;

◻ comhlachtaí dlí phoiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Oibríonn gach gníomhaireacht de chuid an Aontais faoi chóras faireacháin docht lena mbaineann comhordaitheoir rialaithe inmheánaigh, an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach de chuid an Choimisiúin, an Bord Bainistíochta, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus an tÚdarás Buiséadach. Déantar an córas sin a léiriú agus a leagan síos i rialachán bunaidh ECDC.

I gcomhréir leis an Ráiteas Comhpháirteach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe de chuid an Aontais (an ‘cur chuige coiteann’), agus sa rialachán réime airgeadais (2019/715), cuimseofar i gclár oibre bliantúil na Gníomhaireachta cuspóirí mionsonraithe agus torthaí a mheasfar a bheidh ann lena n‑áirítear táscairí feidhmíochta a bhunófar. Beidh príomhtháscairí feidhmíochta ag gabháil le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirítear ina clár oibre. Déanfar gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a thomhas ansin in aghaidh na dtáscairí sin sa Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil agus cuirfear an dá cheann san áireamh i ndoiciméad clársceidealaithe aonair bliantúil, rud a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

Tá Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú riaracháin, oibríochtúil agus buiséadach éifeachtúil na Gníomhaireachta

Gach cúig bliana (cumhdófar an tréimhse 2018‑2022 sa chéad mheastóireacht eile), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta i ndáil lena chuspóirí, a shainordú agus a thascanna. Tabharfar aghaidh go háirithe, sa mheastóireacht ar an ngá féideartha a bheidh ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú, agus impleachtaí airgeadais aon mhodhnú den sórt sin. Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta maidir le torthaí na meastóireachta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Déantar fóirdheontas bliantúil an Aontais a aistriú chuig an nGníomhaireacht i gcomhréir lena riachtanais íocaíochta agus arna iarraidh sin di.

Beidh an Ghníomhaireacht faoi réir seiceálacha riaracháin lena n‑áirítear rialú buiséadach, iniúchadh inmheánach, tuarascálacha bliantúla de chuid Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, urscaoileadh bhliantúil maidir le forghníomhú bhuiséad an Aontais agus imscrúduithe féideartha arna ndéanamh ag OLAF chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear úsáid cheart as na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaireachtaí. Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir mhaoirseacht an Ombudsman freisin i gcomhréir le hAirteagal 228 den Chonradh. Soláthraítear roinnt coimircí nós imeachta leis na seiceálacha riaracháin sin chun a áirithiú go gcuirfear leasanna na ngeallsealbhóirí san áireamh.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Baineann an príomhriosca le cur chun feidhme neamhiomlán na gcúraimí nó le mainneachtain iad a chur chun feidhme. Chun an méid sin a mhaolú, ba cheart dóthain acmhainní a chur ar fáil ó thaobh airgeadais agus foirne de.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá bearta frith‑chalaoise beartaithe in Airteagal 25 de rialachán bunaidh an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Bord Bainistíochta na bearta iomchuí i gcomhréir leis na Prionsabail Rialaithe Inmheánaigh a chuirtear i bhfeidhm ar fud institiúidí uile an Aontais. I gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann forbraíodh an straitéis frithchalaoise agus cuireann an Ghníomhaireacht chun feidhme í.

Luaitear go sonrach i sainordú ECDC go mbeidh feidhm ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 gan srian.

Aontóidh ECDC freisin do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) (10) agus eiseoidh sé, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le gach duine dá fhoireann.

Sonrófar go sainráite i gcinntí ECDC maidir le maoiniú agus na comhaontuithe maoinithe agus ionstraimí mar thoradh orthu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF, más gá, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar fhaighteoirí mhaoiniú an Lárionaid agus na gníomhairí atá freagrach as a leithdháileadh.

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (EPPO) imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar chalaois agus ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371.

Má dhéanann ECDC comhaontuithe oibre a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, comhaontuithe deontais, cinntí deontais agus conarthaí, beidh forálacha iontu seo lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí, do OLAF agus do EPPO iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

I bhfianaise an mhachnaimh atá á dhéanamh go leanúnach ar chruthú BARDA AE, coinníonn an Coimisiún de cheart aige féin na hacmhainní atá beartaithe agus leithdháileadh na foirne a choigeartú nuair a dhéantar togra beacht le haghaidh BARDA AE a chur síos.

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

Neamhdhif. 15

ó thíortha de chuid CSTE 16

ó thíortha is iarrthóirí 17

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

2

06.1001

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

Uimhir

Ceannteideal 2: Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna

[Comhlacht]: ECDC

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027 et seqq.

IOMLÁN

Teideal 1:

Gealltanais

(1)

2.965

5.475

6.680

7.165

7.165

7.165

7.165

43.780

Íocaíochtaí

(2)

2.965

5.475

6.680

7.165

7.165

7.165

7.165

43.780

Teideal 2:

Gealltanais

(1a)

0.775

1.375

1.700

1.825

1.825

1.825

1.825

11.150

Íocaíochtaí

(2a)

0.775

1.375

1.700

1.825

1.825

1.825

1.825

11.150

Teideal 3:

Gealltanais

(3 a)

12.300

16.500

16.700

17.000

14.000

13.000

13.000

102.500

Íocaíochtaí

(3b)

12.300

16.500

16.700

17.000

14.000

13.000

13.000

102.500

IOMLÁN leithreasuithe 
do ECDC

Gealltanais

=1+1a +3a

16.040

23.350

25.080

25.990

22.990

21.990

21.990

157.430

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

16.040

23.350

25.080

25.990

22.990

21.990

21.990

157.430





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

“Caiteachas riaracháin”

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027 et seqq.

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní Daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027 et seqq.

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

16.040

23.350

25.080

25.990

22.990

21.990

21.990

157.430

Íocaíochtaí

16.040

23.350

25.080

25.990

22.990

21.990

21.990

157.430

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe ECDC 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027 et seqq.

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 18

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 faisnéis thráthúil a chur ar fáil don Choimisiún, do na Ballstáit, do ghníomhaireachtaí an Aontais agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach i réimse na sláinte poiblí, lena n‑áirítear measúnuithe riosca

‑ Aschur: ardán nua a bhunú arna óstáil i gcomhpháirt ag EMA agus ECDC, chun staidéir faireachais iarmhargaíochta a dhéanamh, faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht, éifeachtacht agus tionchar vacsaínithe, ba cheart gurb iad na vacsaíní COVID‑19 atá ar na bacáin na chéad vacsaíní a ndéanfar faireachán orthu faoin sásra ardáin seo

7.000

7.000

6.800

6.800

6.800

6.800

6.800

48.000

‑ Aschur

‑ Aschur

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

7.000

7.000

6.800

6.800

6.800

6.800

6.800

48.000

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 Soláthróidh ECDC saineolas eolaíoch agus teicniúil do na Ballstáit agus don Choimisiún i réimse na pleanála ullmhachta agus freagartha, lena n‑áirítear oiliúint

Aschur: cláir oiliúna do speisialtóirí, go háirithe i bhfaireachas eipidéimeolaíoch agus imscrúduithe allamuigh, agus an cumas a bheith ann chun bearta sláinte a shainmhíniú agus ráigeanna galair a rialú.

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.700

Aschur: gníomhaíochtaí um pleanáil ullmhachta agus freagartha lena n‑áirítear samhaltú, faireachán agus measúnú

1.000

1.000

1.000

1.000

1.000

1.000

1.000

7.000

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

1.100

1.100

1.100

1.100

1.100

1.100

1.100

7.700

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3 líonraí tiomnaithe a oibriú i réimse na ngalar teagmhálach agus substaintí de bhunús daonna

‑ Aschur: líonra nua ar aistriú, trasphlandú agus atáirgeadh daonna le cuidiú míochaine

0.300

0.300

0.300

0.300

0.300

0.300

0.300

2.100

‑ Aschur: an líonra saotharlann a neartú, ag teacht le Teachtaireacht C(2020) 2391 CE “Guidelines on COVID‑19 in vitro diagnostic tests and their performance”

0.200

0.200

0.200

0.200

0.200

0.200

0.200

1.400

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

0.500

0.500

0.500

0.500

0.500

0.500

0.500

3.500

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4 Comhordóidh ECDC bailiú sonraí, bailíochtú, anailís agus scaipeadh sonraí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus dá bhrí sin bunóidh sé córas láidir faireachais Eorpach do ghalair theagmhálacha i gcreat an Spáis Eorpaigh Sonraí Sláinte

Aschur: nód nua ag ECDC chun faisnéis a tharchur ó leibhéal náisiúnta chuig ECDC trí Tessy a mhéadú (acmhainneacht níos mó).

2.000

5.000

5.000

5.000

3.000

2.000

2.000

24.000

Aschur: EWRS neartaithe agus dá bharr sin beidh an córas níos intomhaiste, gan cuspóir an chórais a athrú chun tacú le malartú faisnéise tapa le hinstitiúidí eipidéimeolaíocha agus institiúidí taighde poiblí i rith paindéime ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

1.000

2.000

2.000

2.000

1.000

1.000

1.000

10.000

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 4

3.000

7.000

7.000

7.000

4.000

3.000

3.000

34.000

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 5 Óstálfaidh ECDC foireann um chúnamh ráige (“Tascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh”) chun tacú go seasta le tíortha le hullmhú ullmhachta agus idirghabháil go tapa i ngéarchéim sláinte

Aschur: tacaíocht réamhghníomhach, tiomnaithe ag éileamh, phraiticiúil le tíortha AE/EEA

0.500

0.500

0.500

0.500

0.500

0.500

0.500

3.500

Aschur: idirghabháil áitiúil in áiteanna ina bhfuil an ghéarchéim go dona san Aontas Eorpach – arna iarraidh, comhordú le speisialtóirí náisiúnta ag tacú leis an bhfoireann

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.100

0.700

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 5

0.600

0.600

0.600

0.600

0.600

0.600

0.600

4.200

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 6 comhar idirnáisiúnta a fheabhsú agus faisnéis réigiúnach/náisiúnta a bhailiú

Aschur: comhordú ar an toirt le húdaráis idirnáisiúnta agus Lárionaid um Ghalair a Chosc agus a Rialú eile

0.050

0.150

0.350

0.500

0.500

0.500

0.500

2.550

Aschur: intleacht áitiúil a bhailiú agus tacaíocht shaineolach a sholáthar

0.050

0.150

0.350

0.500

0.500

0.500

0.500

2.550

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 6

0.100

0.300

0.700

1.000

1.000

1.000

1.000

5.100

COSTAS IOMLÁN

12.300

16.500

16.700

17.000

14.000

13.000

13.000

102.500

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní daonna [comhlachta] 

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027 et seqq.

IOMLÁN

Gníomhairí sealadacha (Gráid AD)

1.650

3.300

4.350

4.800

4.800

4.800

4.800

28.500

Gníomhairí sealadacha (gráid AST)

1.050

1.950

1.950

1.950

1.950

1.950

1.950

12.750

Baill foirne ar conradh

1.040

1.600

2.080

2.240

2.240

2.240

2.240

13.680

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

0

0

0

0

0

0

0

0

IOMLÁN

3.740

6.850

8.380

8.990

8.990

8.990

8.990

54.930

Riachtanais foirne (FTE):

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027 et seqq.

IOMLÁN

Gníomhairí sealadacha (Gráid AD)

11

22

29

32

32

32

32

32

Gníomhairí sealadacha (gráid AST)

7

13

13

13

13

13

13

13

Baill foirne ar conradh

13

20

26

28

28

28

28

28

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

0

0

0

0

0

0

0

0

IOMLÁN

31

55

68

73

73

73

73

73

Sonraigh an dáta earcaíochta beartaithe agus cuir an méid in oiriúint dá réir sin (má dhéantar an earcaíocht i mí Iúil, ní chuirtear ach 50 % den mheánchostas san áireamh) agus tabhair mínithe breise.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach don mháthairArdStiúrthóireacht

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí ionad deachúlach amháin ar a mhéad)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027 et seqq.

·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 19

XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)

XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna Toscaireachtaí)

XX 01 04 bb 20

‑ sa Cheanncheathrú 21  

‑ i dtoscaireachtaí

XX 01 05 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

10 01 05 02 (AC, END, INT – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

Ba cheart tuairisc ar ríomh na gcostas le haghaidh aonaid FTE a áireamh in Iarscríbhinn V, roinn 3.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

X Is éard a bheidh sa togra/tionscnamh ná athshannadh an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

Féadfar an buiséad breise atá beartaithe do ECDC a mhaoiniú le laghdú ar bhuiséad EU4Health sna blianta atá le teacht.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 22 .

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027 et seqq.

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 23

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027 et seqq.

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid caiteachais dá ndéanfar difear.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1)    IO L 142, 30.4.2004, lch. 1
(2)    IO L 293, 5.11.2013, lch. 1
(3)    https://europa.eu/european-union/sites/europaeu/files/docs/body/joint_statement_and_common_approach_2012_en.pdf
(4)     https://www.ecdc.europa.eu/en/publications‑data/third‑external‑evaluation‑ecdc‑2013‑2017
(5)     https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=40126
(6)     Dearbhú Comhpháirteach agus Cur Chuige Coiteann (An Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún) , 2012; https://europa.eu/european‑union/sites/europaeu/files/docs/body/joint_statement_and_common_approach_2012_en.pdf
(7)    IO C , , , lch .
(8)    IO C , , , lch .
(9)    Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1).
(10)    Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an DÁTA maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE [IO: cuir isteach teideal iomlán agus tagairt foilseacháin don Rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte (SCBTH).]
(11)    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(12)    Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014‑2020 (IO L 77, 15.3.2014, lch. 44).
(13)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(14)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/GA/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx .
(15)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(16)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(17)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(18)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: an líon malartuithe mac léinn a maoiníodh, líon km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(19)    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.
(20)    Fo‑uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte “BA”).
(21)    Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go príomha.
(22)    Féach Airteagail 11 agus 17 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020.
(23)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top