
An 30 Márta gach bliain, déanaimid an Lá Idirnáisiúnta um Dhramhaíl Nialasach a chomóradh chun feasacht a mhúscailt faoin tábhacht a bhaineann le dramhaíl a bhainistiú go freagrach agus tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe a spreagadh. San Aontas Eorpach, 511 kg dramhaíola a ghineann an gnáthdhuine gach bliain, agus ní dhéantar athchúrsáil ach ar 38% den dramhaíl. Is dúshlán mór é sin agus tá an tAontas ag gníomhú chun aghaidh a thabhairt air. Féachaimis ar an gcur chuige.
Trí phríomhchuspóir a rialaíonn cur chuige an Aontais maidir le dramhaíl a bhainistiú:
- bainistíocht dramhaíola a fheabhsú
- nuálaíocht a chur chun cinn san athchúrsáil
- teorainn a chur leis an líonadh talún
Is í an Treoir Réime Dramhaíola creat dlíthiúil an Aontais chun cóireáil a dhéanamh ar an dramhaíl agus í a bainistiú san Aontas. Tugtar isteach léi ord tosaíochta maidir le bainistiú dramhaíola ar a dtugtar ‘ord na réiteach dramhaíola’, inarb é cosc an rogha thosaíochta agus diúscairt an rogha dheiridh. Tá go leor rialacha níos spriocdhírithe de chuid an Aontais ann freisin, maidir le gach rud ó cheallraí go dramhaíl in-bhithdhíghrádaithe, ó fheithiclí loingseoireachta go feithiclí a bhfuil a ré caite.
I mí Feabhra, tháinig rialacha an Aontais i bhfeidhm maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht. Féachann siad sin le laghdú a dhéanamh ar úsáid plaisteach aon úsáide as a n-eascraíonn bruscar ollmhór sa chomhshaol. Ina measc sin, mar shampla, coimeádáin bheaga phlaisteacha le haghaidh blastán, anlann, siúcra agus uachtar bréige faoi choinne caife, rudaí nach n-úsáidtear ach uair amháin agus a chaitear amach ansin, is ceart roghanna malartacha a fháil ina leith.
Ní leis an inbhuanaitheacht comhshaoil amháin a bhaineann an obair i dtreo geilleagar níos ciorclaí agus níos athléimní, ach le borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais chomh maith, rud atá chomh tábhachtach céanna. Ag féachaint chun cinn, agus chun éileamh margaidh ar ábhair thánaisteacha a chruthú agus margadh aonair le haghaidh dramhaíola a chruthú, tá Gníomh nua um an nGeilleagar Ciorclach á phleanáil ag an gCoimisiún, rud atá sceidealaithe in 2026.
Tuilleadh eolais
- Dáta foilsithe
- 31 Márta 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
An nuacht ghaolmhar
Shipbreaking: Updated list of European ship recycling facilities to include seven new yards
Publication of new EU environmental standards for the waste incineration sector
Commission publishes evaluation of the EU Batteries Directive
European Commission in Sofia to discuss Circular Economy opportunities