Chuir an Coimisiún sraith nua beart i láthair inniu lenar cheart go gcuirfí ar chumas ghnólachtaí na hEorpa níos lú ama a chaitheamh ar obair riaracháin agus ar chomhlíonadh agus níos mó ama a chaitheamh ar nuáil agus ar uas-scálú. Cuireann na bearta deiseanna ar fáil do chuideachtaí Eorpacha fás agus a bheith ar thús cadhnaíochta sa teicneolaíocht, agus na caighdeáin is airde san Eoraip maidir le cearta bunúsacha, cosaint sonraí, sábháilteacht agus cothroime á gcomhlíonadh ag an am céanna. D’fhéadfadh na bearta suas le €5 bhilliún i gcostais riaracháin a shábháil ar ghnólachtaí faoi 2029. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa coigilteas €150 billiún eile a chur ar fáil gach bliain. Simpliú digiteachIs é is aidhm don omnibus digiteach nua na rialacha atá ann cheana a shimpliú, rialacha maidir leis an intleacht shaorga (IS), an chibearshlándáil agus sonraí.Rialacha IS atá fabhrach don nuálaíochtRachaidh cur i bhfeidhm éifeachtúil an Ghnímh um an Intleacht Shaorga chun tairbhe don tsochaí, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha. Mar sin féin, tá gá le treoraíocht agus tacaíocht shoiléir ina leith. Ní bheidh ar chuideachtaí na rialacha maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh na huirlisí agus na caighdeáin tacaíochta is gá i bhfeidhm. Leis sin, tugtar suas le 16 mhí dóibh iad a chomhlíonadh. Moltar sa tionscnamh sin freisin leasuithe spriocdhírithe ar an nGníomh um an Intleacht Shaorga, rialacha níos simplí, deiseanna le haghaidh tástáil fíorshaoil agus maoirseacht láraithe ar chórais intleachta saorga san áireamh.Tuairisciú cibearshlándála a shimpliúFaoi láthair, ní mór do chuideachtaí cibeartheagmhais a thuairisciú faoi roinnt dlíthe éagsúla. Tugtar isteach leis an bpacáiste pointe iontrála aonair lenar féidir le cuideachtaí na hoibleagáidí tuairiscithe teagmhas uile a chomhlíonadh.Ina theannta sin, chun borradh a chur faoin nuálaíocht agus chun tacú le comhlíonadh, le leasuithe spriocdhírithe ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), déanfar rialacha áirithe a chomhchuibhiú, a shoiléiriú agus a shimpliú, gan caighdeáin cosanta sonraí a ísliú. Cuirfidh rialacha nuachóirithe maidir le fianáin feabhas ar eispéireas úsáideoirí ar líne.Feabhas a chur ar rochtain ar shonraíBheadh rialacha sonraí níos simplí agus níos praiticiúla do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí ach an méid seo a leanas a dhéanamh:rialacha an Aontais maidir le sonraí a chomhdhlúthú tríd an nGníomh um Shonraídíolúintí spriocdhírithe a thabhairt isteach maidir le cuid de rialacha néalríomhaireachta an Ghnímh um Shonraí le haghaidh FBManna agus LFIannatreoir nua a chur ar fáil maidir le comhlíonadh an Ghnímh um Shonraíborradh a chur faoi chuideachtaí intleachta saorga Eorpacha trí rochtain a chur ar fáil ar thacair sonraí úra ar ardchaighdeán i dtaca leis an intleacht shaorga.An straitéis um aontas na sonraíLeagtar amach sa straitéis um aontas na sonraí bearta breise chun sonraí ar ardchaighdeán a chur ar fáil i dtaca leis an intleacht shaorga. Ina measc sin tá:rochtain a leathnú trí uirlisí amhail saotharlanna sonraíDeasc Chabhrach Dlí maidir leis an nGníomh um Shonraí a chruthúceannasacht sonraí na hEorpa a neartú le bearta chun sonraí íogaire neamhphearsanta a chosaint agus chun a chinntiú go gcaithfear go cothrom le sonraí an Aontais i dtíortha eile.An Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpaIs é is aidhm do na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa próisis agus costais riaracháin a laghdú. Cuirfidh siad ar chumas cuideachtaí oibríochtaí agus idirghníomhaíochtaí a dhigitiú, ionas nach gá iad a dhéanamh i bpearsa. Beidh gnólachtaí in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:doiciméid a shíniú, agus stampa ama agus shéala a chur leo go digiteachdoiciméid fhíoraithe a chruthú, a stóráil agus a mhalartú go sláncumarsáid a dhéanamh go slán le gnólachtaí nó riaracháin phoiblí eile ar fud an Aontais.Cuirfear tograí reachtacha an omnibus dhigitigh faoi seach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle anois lena nglacadh. Ina theannta sin, seoladh seiceáil oiriúnachta digití freisin, ina raibh comhairliúchán poiblí leathan.Tugtar an seachtú omnibus ar an tsraith beart sin. Tá an Coimisiún ag obair chun rialacha an Aontais a shimpliú chun geilleagar an Aontais a dhéanamh níos iomaíche agus níos rathúla. Is é is aidhm dó ualaí riaracháin a laghdú 25% ar a laghad, agus 35, faoi dheireadh 2029. Tuilleadh eolaisPreaseisiúintCeisteanna agus Freagraí – pacáiste digiteachBileog eolais – pacáiste digiteachBileog eolais – An Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpaLeathanach eolais – aontas na sonraíOmnibus digiteach maidir leis an intleacht shaorga (Rialachán)An Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa (Rialachán)An straitéis um Aontas na Sonraí (Teachtaireacht)An geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteachIomaíochas Sonraí Dáta foilsithe19 Samhain 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide