Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Frontex a threisiú chun teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a chosaint ar bhealach níos láidre

  • Alt nuachta
  • 27 Deireadh Fómhair 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
The armband of a staff member of the European Border and Coast Guard

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Frontex a threisiú, is é sin an ghníomhaireacht de chuid an Aontais a bhfuil ról ríthábhachtach aici i dtaobh tacú le tíortha an Aontais agus tíortha Schengen teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú. 

Frontex a láidriú

Tabharfaidh an togra na huirlisí agus na hacmhainní cearta do Frontex chun gur féidir leis gníomhú níos tapúla agus níos éifeachtaí. Leagtar amach ann trí phríomhthosaíocht

  • Acmhainní comhthiomsaithe agus cumais oibríochtúla chomhthiomsaithe: buanchór Frontex a mhéadú de réir a chéile go 30,000 oifigeach, iad réidh le cur amach chun tacú le tíortha an Aontais de réir mar is gá, agus rochtain níos éasca a chur ar fáil ar threalamh agus teicneolaíocht úrscothach
  • Ról níos láidre maidir le daoine a fhilleadh: ról níos réamhghníomhaí agus níos straitéisí a thabhairt do Frontex i dtaobh oibríochtaí um fhilleadh ar fud an Aontais a stiúradh, rud a bhainfidh an leas is mó is féidir as éifeachtacht agus costéifeachtúlacht a thacaíochta trí Lárionad Comhordúcháin tiomnaithe um Fhilleadh, agus é a chur ar a chumas dó tacú le tríú tíortha maidir le daoine a fhilleadh
  • Freagairt éifeachtach ar ghéarchéimeanna: Lárionad tiomnaithe um Monatóireacht agus Freagairt Ar Líne a bhunú chun treochtaí contúirteacha a bhrath go luath, malartú eolais a fheabhsú, agus chun go mbeifear in ann idirghabháil a dhéanamh go gasta i gcásanna éigeandála nó i ngéarchéimeanna trí Fhórsa Mearfhreagartha a chur in úsáid

Nósanna imeachta um fhilleadh a dhigitiú

Tá sé molta ag an gCoimisiún freisin an filleadh, an t-athligean isteach agus an t-athimeascadh a dhigitiú. Is é is aidhm dó sin an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • bainistiú fillteacha ar fud an Aontais a shimpliú, a luathú agus a nuachóiriú
  • an t-ualach riaracháin a laghdú
  • feabhas a chur ar bhailiú agus ar chomhroinnt sonraí
  • ról Frontex a neartú maidir le hailtireacht dhigiteach nua de chuid an Aontais a fhorbairt do thíortha an Aontais

Na chéad céimeanna eile

Is faoi Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle atá sé anois teacht ar chomhaontú maidir leis na tograí. Tacóidh an Coimisiún leis na comhreachtóirí agus an chaibidlíocht á cur chun cinn.

Oibríonn an tAontas chun slándáil limistéar Schengen a chinntiú, comhbheartas imirce agus tearmainn de chuid an Aontais a fhorbairt, agus an Eoraip a dhéanamh níos sábháilte. Leis na tograí, táthar ag comhlíonadh na ngealltanas a fógraíodh i dtreoirlínte polaitiúla 2024-2029 agus a d’athdhearbhaigh an tUachtarán von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais 2026. 

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint

Teorainneacha

 

Dáta foilsithe
27 Deireadh Fómhair 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

An nuacht ghaolmhar

  • Alt nuachta

Tá plean leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach chun réigiúin an Aontais atá ag críochantacht leis an Rúis, an Bhealarúis agus an Úcráin a dhéanamh níos sláine, níos athléimní agus níos tarraingtí mar áiteanna cónaithe agus oibre.

Am léitheoireachta: 2 nóiméad
  • Alt nuachta

Foghlaim faoi chóras teorannacha digiteacha an Aontais do náisiúnaigh tríú tír, faoin gcaoi a n-oibreoidh sé, agus faoin gcaoi a ndéanfaidh sé rialú teorann an Aontais níos sláine, níos éifeachtúla agus níos tapúla

Am léitheoireachta: 2 nóiméad