Córas nua teorainneacha digiteacha an Aontais, an Córas Dul Isteach/Imeachta, tháinig sé i bhfeidhm an 12 Deireadh Fómhair 2025. Beidh feidhm aige maidir le taistealaithe nach den Aontas iad a thagann isteach san Aontas nó a fhágann é agus fágfaidh sé go mbeidh an taisteal níos rianúla agus níos sábháilte do chách. As seo amach, tosóidh tíortha an Aontais ar shonraí na ndaoine a thagann isteach san Aontas le haghaidh gearrfhanachtaí a chlárú go leictreonach – 90 lá i dtréimhse 180 lá.Sa chleachtas, in áiteanna a bhfuil an córas nua i bhfeidhm cheana féin, clárófar sa chóras sonraí pas, sonraí bithmhéadracha (íomhá den aghaidh agus na méarloirg) agus sonraí dul isteach nó imeachta na náisiúnach tríú tír. Déanfar an clárú sin ag an gcéad dul isteach agus ag an gcéad imeacht; ansin, i gcás gach dul isteach agus imeachta ina dhiaidh sin, ní bheidh gá ach le fíorú tapa. Tagann an córas nua in ionad an chleachtais atá ann faoi láthair pasanna a stampáil de láimh agus comhlíonann sé na caighdeáin is airde maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas. Is féidir le taistealaithe a ndéanann na rialacha nua difear dóibh eolas mionsonraithe a fháil faoi na nósanna imeachta nua ar shuíomh gréasáin oifigiúil Taisteal na hEorpa sula dtéann siad isteach i limistéar Schengen. Cuirfear an córas nua sin i bhfeidhm de réir a chéile thar thréimhse sé mhí. Le linn na tréimhse sin, beidh tíortha an Aontais in ann cinneadh a dhéanamh maidir le cathain agus cá háit a gcuirfear tús le cur in úsáid an chórais ag a dtrasnuithe teorann. Cuideoidh an tabhairt isteach de réir a chéile le húdaráis teorann, leis an tionscal iompair agus le taistealaithe dul in oiriúint go réidh do na nósanna imeachta nua. Amhail ón 10 Aibreán 2026, beidh an córas ag feidhmiú go hiomlán ag gach pointe trasnaithe teorann seachtraí agus cuirfear taifid leictreonacha i bhfeidhm seachas pasanna a stampáil.Is príomhthosaíocht de chuid an Choimisiúin é teorainneacha coiteanna an Aontais a neartú. Le teacht i bhfeidhm an Chórais Dul Isteach/Imeachta, ní hamháin go mbeidh rialú teorann níos sláine ann, ach beidh sé níos éifeachtúla agus níos áisiúla do gach duine a thagann isteach san Aontas agus a thagann amach as.Tuilleadh eolaisPreaseisiúnt - Tús á chur de réir a chéile le hoibríochtaí Chóras Dul Isteach/Imeachta an Aontais an 12 Deireadh Fómhair 2025An Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)Ré nua do chosaint agus do shlándáil na hEorpa Sonraí Dáta foilsithe13 Deireadh Fómhair 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide