Tá an bealach á leagan amach ag an gCoimisiún chun go mbeidh an tAontas Eorpach aeráidneodrach faoi 2050. Moltar ann laghdú 90% a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2040 i gcomparáid le leibhéil 1990, rud atá i gcomhréir le comhairle eolaíoch a rinneadh le déanaí agus le gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras. Beidh gá leis na gníomhaíochtaí seo a leanas chun an sprioc le laghdú 90% a bhaint amach faoi 2040: dlíthe an Aontais atá ann cheana a chur i bhfeidhm ina n-iomláine chun astaíochtaí a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 an earnáil tionsclaíochta a dhícharbónú trí bheith ag brath ar láidreachtaí atá ann cheana amhail cumhacht ghaoithe, hidreachumhacht agus leictrealóirí. Chun dlús a chur leis an tsraith oibre sin, tá bearta nua curtha chun cinn ag an gCoimisiún chun astaíochtaí carbóin ó earnáil na tionsclaíochta san Aontas a bhainistiú, bearta lena ndéanfar infheistíocht i dteicneolaíochtaí lenar féidir carbón a ghabháil, a stóráil agus a úsáid arís an mhonaraíocht intíre a mhéadú in earnálacha fáis amhail cadhnraí, feithiclí leictreacha, teaschaidéil, grianchealla agus cinn eile nach iad cothroime, dlúthpháirtíocht agus beartais shóisialta a choinneáil i gcroílár an aistrithe, agus cabhrú le saoránaigh leochaileacha, réigiúin, gnólachtaí agus oibrithe trí uirlisí amhail an Ciste Aeráide Sóisialta agus an Ciste um Aistriú Cóir idirphlé oscailte a dhéanamh leis na daoine uile lena mbaineann, feirmeoirí, gnólachtaí, comhpháirtithe sóisialta agus saoránaigh ina measc Le cúig bliana anuas, meastar go ndearnadh damáiste dar luach €170 billiún don gheilleagar de dheasca an athraithe aeráide. Tá na costais agus an tionchar a bhíonn aige ar dhaoine ag éirí níos mó agus níos feiceálaí. Ní mór dúinn gníomhú anois chun athléimneacht na hEorpa a neartú i gcoinne géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo agus chun a bheith níos neamhspleáiche ar iompórtálacha breosla iontaise. Chomh maith leis sin, cuideoidh sprioc aeráide 2040 le tionscail, infheisteoirí, saoránaigh agus rialtais na hEorpa cinntí a dhéanamh sna deich mbliana seo lena gcoinneofar an tAontas ar an mbóthar ceart chun a chuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach in 2050. Pléifear an sprioc anois le Parlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit. Cuirfidh an chéad Choimisiún eile tograí reachtacha ar aghaidh ar an mbonn sin. Leis an Dlí Aeráide Eorpach déantar dlí den sprioc a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, is é sin go mbeidh geilleagar agus sochaí na hEorpa aeráidneodrach faoi 2050. Leis an dlí, leagtar amach sprioc idirmheánach chun na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tuilleadh eolais Sprioc aeráide 2040 Bileog eolais: Conair aeráide na hEorpa do 2040 An Comhaontú Glas don Eoraip Preaseisiúint: Moladh curtha i láthair ag an gCoimisiún maidir le sprioc laghdaithe astaíochtaí 2040 chun an chonair i dtreo na haeráidneodrachta in 2050 a leagan amach An Earnáil Tionsclaíochta agus an Comhaontú Glas Bileog eolais: Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le bainistiú tionsclaíoch carbóin Gabháil, úsáid agus stóráil charbóin Preaseisiúint: Bealach leagtha amach ag an gCoimisiún maidir le conas CO2 a ghabháil, a stóráil agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 Sonraí Dáta foilsithe6 Feabhra 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide