Page contents Page contents Straitéis thionsclaíoch le haghaidh Eoraip atá iomaíoch glas digiteach Straitéis nua fáis an Aontais is ea an Comhaontú Glas don Eoraip, a bhfuil sé d’aidhm aici claochlú a dhéanamh ar an Aontas le go mbeidh sé ina shochaí níos cothroime agus níos rathúla. Díreofar sa Chomhaontú ar gheilleagar nua-aimseartha iomaíoch a thógáil atá tíosach ar acmhainní, gan aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ann, faoi lár an chéid. Is í an phríomhsprioc atá ann leas a bhaint as féidearthachtaí suntasacha na margaí domhanda i dtaca le teicneolaíochtaí astaíochtaí ísle agus táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Mar sin féin, is gá an earnáil thionsclaíoch ina hiomláine a shlógadh chun geilleagar aeráidneodrach ciorclach a chur ar bun. Beidh ról le himirt ag gach slabhra luacha tionsclaíoch, earnálacha dianfhuinnimh san áireamh. Is leis an Straitéis Thionsclaíoch nua don Eoraip a stiúrfar an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach chun go mbeidh an Eoraip níos iomaíche fós ar an leibhéal domhanda. Cuideoidh sé leis an earnáil thionsclaíoch a lorg carbóin a laghdú trí réitigh inacmhainne ghlan teicneolaíochta a sholáthar agus trí shamhlacha gnó nua a fhorbairt. Leis an Straitéis nuashonraithe atá bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, tá sé mar aidhm ag an Aontas a chinntiú gur féidir le hearnáil thionsclaíoch na hEorpa an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach brostaithe a stiúradh. Ghlac an Coimisiún sraith tograí chun go mbeidh beartais aeráide, fuinnimh, iompair agus chánach an Aontais oiriúnach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tuilleadh eolais maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích. I mí Feabhra 2024 ghlac an Coimisiún Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le bainistiú tionsclaíoch carbóin chun infheistíocht a chinntiú i dteicneolaíochtaí lenar féidir carbón a ghabháil agus a stóráil ar bhealach inbhuanaithe, sin agus é a athúsáid. Tá an méid sin ríthábhachtach chun go mbeidh an Eoraip aeráidneodrach faoi 2050. Leagtar amach sa straitéis conas teicneolaíochtaí gabhála carbóin a mhéadú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus an bonneagar is gá a chruthú chun margadh aonair a bhunú le haghaidh CO2 san Eoraip sna blianta amach romhainn. GníomharthaAn straitéis thionsclaíochComhghuaillíocht Ceallraí an AontaisAn Chomhghuaillíocht Eorpach AmhábhairCeallraí inbhuanaitheAn Chomhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin GhlanComhghuaillíocht na bPlaisteach Ciorclach Doiciméid 10 MÁRTA 2020A new Industrial Strategy for a globally competitive, green and digital Europe Factsheet 10 MÁRTA 2020Unleashing the full potential of European SMEs 10 MÁRTA 2020A single market that delivers for businesses and consumers Naisc ghaolmhara An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna TionscalInbhuanaitheacht agus an geilleagar ciorclach
Straitéis nua fáis an Aontais is ea an Comhaontú Glas don Eoraip, a bhfuil sé d’aidhm aici claochlú a dhéanamh ar an Aontas le go mbeidh sé ina shochaí níos cothroime agus níos rathúla. Díreofar sa Chomhaontú ar gheilleagar nua-aimseartha iomaíoch a thógáil atá tíosach ar acmhainní, gan aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ann, faoi lár an chéid.