Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

OceanEye: Faire agus cosaint an aigéin a threisiú

  • Alt nuachta
  • 2 Márta 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Fisherman looks out to sea from his boat

 

Tá an t-aigéan riachtanach don bheatha ar an bpláinéad seo. Ach tá sé faoi bhrú níos mó ná riamh, ón athrú aeráide agus truailliú go hiascaireacht neamhdhleathach. Dá mhéad eolais atá againn faoin aigéan, is ea is fearr is féidir linn a oidhreacht nádúrtha ollmhór a chosaint agus an t-aigéan agus sinn féin a chosaint.

Ag Laethanta Eorpacha na nAigéan 2026, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, go seolfaí tionscnamh Eorpach um monatóireacht agus faire an aigéin darb ainm OceanEye, lena leagfar síos an bhunchloch chun faire níos cliste agus níos éifeachtaí a dhéanamh ar an aigéan. Ag an am céanna, d’iarr sí go mbeadh comhghuaillíocht idirnáisiúnta ann chun tíortha an Aontais agus comhpháirtithe idirnáisiúnta a aontú le chéile agus iarrachtaí á ndéanamh acu maoiniú a fháil agus creat a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíocht agus comhar comhordaithe. Ranníocfaidh an tAontas €50 milliún ón gclár Fís Eorpach leis an gcomhghuaillíocht idirnáisiúnta le haghaidh 2026-2027.

Tá faire an aigéin ríthábhachtach, mar gur féidir linn an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • sonraí a bhailiú a bhfuil gá leo chun tuiscint a fháil ar staid an aigéin
  • tionchair an athraithe aeráide a thuar agus a mhaolú
  • iomaíochas ár ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ar muir a fheabhsú
  • rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí.

Ar an gcaoi sin, tacóidh OceanEye le teicneolaíocht agus nuálaíocht an Aontais um an aigéan, agus cuirfidh sé an tAontas ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun córas marthanach domhanda um fhaire an aigéin a chur ar fáil. Is gné ríthábhachtach é den Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan agus beidh gnéithe oideachais, cultúrtha agus for-rochtana san áireamh ann chun go mbeidh cur amach níos fearr ag na saoránaigh ar an aigéan agus ar fhaire an aigéin.

Cuirfidh an Coimisiún an tionscnamh OceanEye i láthair go foirmiúil níos déanaí in 2026, agus eagrófar imeacht gealltanais don chomhghuaillíocht idirnáisiúnta i mí Mheán Fómhair. Leis sin, tá an tAontas ar an mbóthar ceart chun an cuspóir a bhaint amach córas Eorpach lánoibríochtúil um fhaire an aigéin a bheith ann faoi 2030.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint – Sheol an tUachtarán von der Leyen OceanEye agus d’iarr sí go mbeadh comhghuaillíocht idirnáisiúnta ann chun faire agus cosaint dhomhanda an aigéin a threisiú

Óráid ón Uachtarán von der Leyen ag Laethanta Eorpacha na nAigéan 

An t-aigéan a chosaint le chéile

Sonraí

Dáta foilsithe
2 Márta 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide