Múnlaíonn an t-aigéan ár ngeilleagair, ár gcórais bhia, agus fiú an t-aer a análaímid. Chun cosaint níos fearr a thabhairt dár n-aigéan, tá Comhshocrú Eorpach um an Aigéan glactha ag an gCoimisiún, rud a chuideoidh le geilleagar gorm rathúil a chur chun cinn agus a thacóidh le folláine na ndaoine atá ina gcónaí i limistéir chósta. Ag Cruinniú Mullaigh 2025 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Aigéan, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen infheistíocht EUR 1 bhilliún chun tacú le caomhnú an aigéin, leis an eolaíocht agus le hiascaireacht inbhuanaithe.Leis an gComhshocrú um an Aigéan, tabharfar le chéile beartais aigéin an Aontais faoi chreat aonair comhordaithe amháin. Déanfaidh sé amhlaidh trí chur chuige comhoibríoch idir Ballstáit, réigiúin agus páirtithe leasmhara an Aontais, iascairí, nuálaithe, infheisteoirí, eolaithe agus an tsochaí shibhialta ina measc. Cuirfidh sé réimse tosaíocht le haghaidh gníomhaíochta taca faoin an obair sin, is iad sin:sláinte an aigéin a chosaint agus a athbhunú trí thacú le tíortha an Aontais ina n-iarrachtaí gnáthóga muirí cósta díghrádaithe a athbhunúborradh a chur faoi iomaíochas gheilleagar gorm inbhuanaithe an Aontais, trí thionscal muirí an Aontais a neartú agus trí Straitéis um Athnuachan Gorm ó Ghlúin go Glúin a thabhairt isteach, chun rochtain a chothú do ghairmithe óga sa taighde muirí, i dteicneolaíocht an aigéin agus san iascach inbhuanaithetacú le pobail chósta agus oileánacha, agus leis na réigiúin is forimeallaí trí straitéisí nua nó nuashonraithe a chur i láthair do na réigiúin agus na pobail sinslándáil agus cosaint mhuirí a fheabhsú trí chomhar gharda cósta an Aontais agus slándáil teorann muirí a neartútaighde, eolas, scileanna agus nuálaíocht maidir leis an aigéan a chur chun cinn trí Thionscnamh Eorpach uaillmhianach um Fhaire an Aigéin a mholadhtaidhleoireacht an Aontais maidir leis an aigéan agus rialachas idirnáisiúnta an aigéin a neartú trí dhlús a chur lena chomhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilteTá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún truailliú plaisteach agus cothaitheach a laghdú faoina leath agus 20% d’éiceachórais mhuirí na hEorpa a athbhunú faoi 2030. Déanfar comhlánú ar an gComhshocrú Eorpach um an Aigéan le gníomh um an aigéan faoi 2027, rud a chuideoidh le cur chun feidhme thosaíochtaí an chomhshocraithe a chinntiú. Bainfear úsáid as deais don Chomhshocrú Eorpach um an Aigéan chun an dul chun cinn a rianú. Tuilleadh eolaisPreaseisiúint: Comhshocrú Eorpach um an Aigéan glactha ag an gCoimisiún ar mhaithe le haigéan sláintiúil, geilleagar gorm iomaíoch agus pobail chósta rathúlaTuilleadh eolais faoin gComhshocrú Eorpach um an Aigéan Sonraí Dáta foilsithe11 Meitheamh 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide