
Ón 12 Lúnasa 2026, tá feidhm ag rialacha nua maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistíocht san Aontas. Athróidh sé sin an chaoi a ndéantar táirgí a phacáistiú chun an comhshaol agus sláinte daoine a chosaint. Cruthóidh sé deiseanna do ghnólachtaí freisin.
Úsáidtear méideanna móra amhábhar i gcomhair pacáistíochta agus gintear dramhaíl a théann isteach i líonadh talún nó san fharraige. Is féidir le roinnt ceimiceán a úsáidtear i bpacáistíocht a bheith díobhálach freisin. Leis na rialacha nua, tugtar aghaidh ar na saincheisteanna sin trí cheanglais a leagan síos maidir le monarú agus comhdhéanamh na pacáistíochta ar fad a chuirtear ar mhargadh an Aontais. De réir na rialacha sin, beidh pacáistíocht in-athúsáidte nó in-aisghabhála, rud a chiallaíonn gur féidir í a úsáid arís nó rud éigin eile a dhéanamh di tar éis í a úsáid. Ó 2030 ar aghaidh, beidh cosc ar phacáistíocht aon úsáide áirithe nuair a bhíonn roghanna malartacha níos inbhuanaithe ar fáil, cuir i gcás paicéid bheaga citsip nó mionbhuidéil seampú in óstáin.
Ó thaobh pacáistíochta de, a bhuí leis na bearta nua
- ní bheidh sí chomh diomailteach céanna: ní mór cuid den phacáistíocht phlaisteach a dhéanamh as ábhar athchúrsáilte, agus beidh spriocanna níos mó ann do 2030 agus 2040
- beidh sí go hiomlán in-athchúrsáilte: ní mór gach ábhar pacáistíochta a bheith in-athchúrsáilte faoi 2030, ionas gur féidir iad a úsáid le haghaidh rud éigin eile ina dhiaidh sin
- beidh sí lipéadaithe go soiléir: fágann lipéid agus dathanna soiléire go bhfuil sé níos éasca bruscar a shórtáil le haghaidh athchúrsála - léireofar cad as a bhfuil sé déanta, conas fáil réidh leis agus conas é a thabhairt ar ais lena athúsáid
- beifear níos cliste ina leith: laghdófar pacáistíocht nach bhfuil gá léi agus spás folamh i gcás earraí a dhéantar a sheachadadh
- beidh sé níos éasca í a athúsáid, a athlíonadh agus a bhailiú: cuirfear borradh faoi chórais éarlaise agus aisíoca. Ní mór do chuideachtaí roghanna athúsáide nó athlíonta a chur ar fáil aon uair is féidir, gan aon chostas breise
- beidh sí níos cothroime agus níos sábháilte: brandaí a úsáideann ábhair nach féidir a athchúrsáil nó ábhair atá díobhálach don chomhshaol, beidh orthu íoc as iad a ghlanadh suas. Cuirfear srian ar úsáid ceimiceán ‘buan’ (PFASanna) atá díobhálach agus ina gcúis le hailse i bpacáistíocht bhia
Tá an tAontas ag obair chun an comhshaol a chosaint agus a fheabhsú agus chun geilleagar níos ciorclaí, níos inbhuanaithe agus níos iomaíche a fhorbairt. Leis an dlí maidir le pacáistiú, tugtar aghaidh ar na dúshláin chomhshaoil arb í dramhaíl ó phacáistíocht is cúis leo, comhchuibhítear rialacha do ghnólachtaí ar fud an mhargaidh aonair, agus cruthaítear deiseanna do ghnólachtaí a bhfuil baint acu le hathchúrsáil agus réitigh phacáistithe inbhuanaithe.
Tuilleadh eolais
An rialachán maidir le dramhaíl ó phacáistíocht - bileog eolais
- Dáta foilsithe
- 12 Lúnasa 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide