Is ar líne a chaithimid go leor dár gcuid ama. Tá bagairtí agus deiseanna araon ag baint leis an aistriú sin chuig an saol digiteach. I measc na mbagairtí sin tá cibirionsaithe agus ionsaithe hibrideacha ar sheirbhísí riachtanacha agus ar institiúidí daonlathacha, a mbíonn ar an Eoraip aghaidh a thabhairt orthu ar bhonn laethúil. Tá molta ag an gCoimisiún bearta nua cibearshlándála chun athléimneacht agus cumais an Aontais a neartú a thuilleadh i bhfianaise na mbagairtí sin atá ag dul i méid.Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Ghníomh um Chibearshlándáil 2019, lena leagtar síos an creat le haghaidh deimhniú cibearshlándála uile-Aontais do tháirgí digiteacha, seirbhísí digiteacha agus próisis dhigiteacha. Is é is aidhm don athbhreithniú sin:slándáil shlabhraí soláthair theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide an Aontais a fheabhsú, trí na rioscaí ó sholáthróirí tríú tír is ábhar imní i dtaca leis an gcibearshlándáil a laghdúa chinntiú go ndéantar táirgí agus seirbhísí digiteacha a úsáideann saoránaigh an Aontais a thástáil le haghaidh slándála ar bhealach níos éifeachtúla, trí rialacha a shoiléiriú agus trí nósanna imeachta a shimpliú faoin gCreat Eorpach um Dheimhniú CibearshlándálaChomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar an ngníomh um chibearshlándáil, cuimsíonn na bearta céimeanna breise chun an méid seo a leanas a dhéanamh:é a dhéanamh níos éasca do chuideachtaí rialacha cibearshlándála a leanúint trí rialacha dlínse a shimpliú agus bailiú sonraí maidir le hionsaithe bogearraí éirice a chuíchóiriúGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) a threisiú ionas gur féidir léi tacaíocht níos fearr a thabhairt do thíortha an Aontais i dtaca le bagairtí comhchoiteanna a thuiscint, a ullmhú agus freagairt dóibhTá an togra á phlé faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh. A luaithe a fhormheastar iad, féadfar iad a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais.Tuilleadh eolaisPreaseisiúint - Athléimneacht agus cumais chibearshlándála an Aontais neartaithe ag an gCoimisiúnCibearshlándáil an Aontais:An Gníomh athbhreithnithe um Chibearshlándáil Sonraí Dáta foilsithe20 Eanáir 2026ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide