Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 13 Nollaig 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

An Liosta Aershábháilteachta nuashonraithe ag an Aontas Eorpach

 

Tá an tAontas Eorpach tar éis liosta nuashonraithe d’aerlínte a mheastar a bheith neamhshábháilte agus a bhfuil cosc orthu eitilt san Aontas a eisiúint. Leis an nuashonrú is déanaí, tá Air Tanzania curtha leis an liosta mar gheall ar ábhair imní maidir le sábháilteacht a shainaithin Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus cuireadh deireadh leis an bhfionraíocht a forchuireadh roimhe seo ar Pakistan International Airlines. 

Faoi láthair, tá cosc ar 129 n-aerlíne eitilt laistigh den Aontas

  • 100 aerlíne atá deimhnithe i 15 thír, mar gheall ar mhaoirseacht sábháilteachta neamhleor a n-údarás eitlíochta náisiúnta 
  • 22 aerlíne atá deimhnithe sa Rúis, agus 7 n-aerlíne as tíortha eile chomh maith, mar gheall ar easnaimh shábháilteachta thromchúiseacha 

Tiomantas an Aontais don eitilt shábháilte 

Tá eitilt ar cheann de na bealaí is sábháilte chun taisteal, a bhuí le beartais an Aontais maidir le haershábháilteacht. Cinntíonn na beartais sin na leibhéil sábháilteachta is airde do phaisinéirí agus cuireann siad rialacha costéifeachtúla chun cinn a éascaíonn saorghluaiseacht táirgí, seirbhísí agus daoine. Is iad an Coimisiún Eorpach, Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÚdaráis Náisiúnta Eitlíochta a dhéanann maoirseacht ar chóras sábháilteachta eitlíochta an Aontais. Tá feidhm ag a rialacha sna tíortha uile den Aontas agus cumhdaíonn siad gach príomhréimse den eitlíocht, a bhfuil aeracmhainneacht, aerchriú, aeradróim, oibríochtaí aeir agus soláthar seirbhísí aerloingseoireachta ina measc. 

Tá méadú suntasach tagtha ar an aerthrácht agus ar líon na n-aerlínte a oibríonn san Eoraip mar gheall ar chur i bhfeidhm an mhargaidh aonair eitlíochta. Chun coinneáil suas, tá tús áite tugtha ag an Aontas don obair ar chaighdeáin sábháilteachta eitlíochta éifeachtacha. Cuireann Liosta Aershábháilteachta an Aontais cosc nó srian ar aeriompróirí neamhshábháilte tríú tíortha nach gcomhlíonann caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta eitilt in aerspás an Aontais, agus cuireann sé paisinéirí ar an eolas faoi aon iompróir den sórt sin. 

Tá cur chuige an Aontais maidir le bainistiú sábháilteachta san eitlíocht bunaithe ar thuairisciú tarluithe ina ndéantar teagmhais a bhaineann le sábháilteacht san eitlíocht shibhialta a rianú agus a anailísiú agus ina ndéantar obair leantach orthu. Tá rialacha comhchoiteanna maidir le himscrúduithe timpistí ceaptha chun nach dtarlóidh teagmhais chontúirteacha arís

Ábhar imní domhanda atá sa tsábháilteacht eitlíochta, rud a fhágann go mbíonn an comhar idirnáisiúnta ríthábhachtach. Oibríonn an tAontas go dlúth leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, cuireann sé cúnamh teicniúil ar fáil do thríú tíortha agus comhoibríonn sé leo, agus déanann sé comhaontuithe déthaobhacha maidir le sábháilteacht eitlíochta a chaibidliú le príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun a chinntiú go mbeidh na spéartha sábháilte ar fud an domhain. 

Tuilleadh eolais 

Liosta Aershábháilteachta an Aontais Eorpaigh  

Preaseisiúint: Liosta Aershábháilteachta an Aontais nuashonraithe ag an gCoimisiún agus Air Tanzania curtha aige leis na haerlínte a bhfuil cosc orthu laistigh den Aontas 

Ceisteanna agus Freagraí: Liosta nua Aershábháilteachta an Aontais Eorpaigh glactha ag an gCoimisiún Eorpach 

Modhanna iompair: Aer 

Sábháilteacht eitlíochta 

Rialacha sábháilteachta eitlíochta 

EU Protects: An dóigh a gcuidíonn an tAontas linn eitilt go sábháilte

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) 
 

Sonraí

Dáta foilsithe
13 Nollaig 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide