Tá bearta nua uaillmhianacha molta ag an gCoimisiún Eorpach chun earnáil spáis na hEorpa a dhéanamh níos glaine, níos sábháilte agus níos iomaíche.Tá rialacha spáis na hEorpa ilroinnte faoi láthair, rud a chuireann bac ar an nuálaíocht, a laghdaíonn sciar an mhargaidh Eorpaigh agus a chruthaíonn costais bhreise. Le creat comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, chinnteofaí sábháilteacht, athléimneacht agus freagracht comhshaoil, agus ag an am céanna chuideofaí le cuideachtaí fás agus méadú thar theorainneacha.Tá sé d’aidhm ag Dlí Spáis an Aontais an rómhaorlathas a laghdú, sócmhainní spáis a chosaint, agus cothrom iomaíochta intuartha a chruthú do ghnólachtaí. Tá 3 cholún mar bhonn leis, is iad sin:Sábháilteacht: rialacha nua maidir le réada spáis a rianú agus smionagar nua a theorannú, lena gcaomhnófar rochtain shlán gan bhriseadh na hEorpa ar an spásAthléimneacht: ceanglais shaincheaptha chibearshlándála chun cosaint bhonneagar spáis na hEorpa a neartú agus leanúnachas gnó a chinntiúInbhuanaitheacht: beidh ar oibreoirí measúnú a dhéanamh ar thionchar a ngníomhaíochtaí spáis ar an gcomhshaol agus é a laghdú, agus tairbhe á baint acu ag an am céanna as tacaíocht don nuálaíocht i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, cuir i gcás seirbhísiú sa spás chun síneadh a chur le saolré satailíte agus chun smionagar a laghdú.Bheadh feidhm ag na rialacha nua maidir le hoibreoirí an Aontais agus nach oibreoirí nach oibreoirí den Aontas iad a chuireann seirbhísí ar fáil san Eoraip. Cuirfear tacaíocht ar fáil chun costais a d’fhéadfadh a bheith ar an tionscal a mhaolú. In éineacht le Dlí Spáis an Aontais, chuir an Coimisiún Fís do Gheilleagar Spáis na hEorpa i láthair freisin chun dul i ngleic leis an ngeilleagar domhanda spáis atá ag teacht chun cinn agus leis na dúshláin a bhaineann leis an iomaíocht idirnáisiúnta agus leis an teannas geopholaitiúil. Beidh díospóireacht ann i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle faoin togra reachtach mar chuid den ghnáthnós imeachta reachtach. Is príomhthosaíochtaí iad geilleagar spáis agus Dlí Spáis an Aontais, mar a leagtar amach i dtuarascálacha Draghi agus Letta, agus níos déanaí sa Chompás Iomaíochais agus i gclár oibre an Choimisiúin 2025. Chun tuilleadh eolais a fháil:Preaseisiúint: Dlí Spáis an AontaisBileog eolais: Dlí Spáis an Aontais Bileog eolais: Fís do Gheilleagar Spáis na hEorpa Iomaíochas an Aontais Sonraí Dáta foilsithe25 Meitheamh 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide