Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Athdhearbhaíonn an tAontas a dhlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus comóradh á dhéanamh ar 35 bliana de neamhspleáchas

  • Alt nuachta
  • 24 Lúnasa 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
The Berlaymont illuminated with Ukrainian flag's colours

 

An 24 Lúnasa, déanaimid Lá Saoirse na hÚcráine a cheiliúradh. Is léiriú í an ócáid seo ar chrógacht, ar fhrithbheartaíocht agus ar athléimneacht mhuintir na hÚcráine i bhfianaise chogadh foghach na Rúise. Is siombail é freisin d’aistear na hÚcráine le 35 bliana anuas chun bheith ina tír nua-aimseartha, dhaonlathach agus Eorpach.  

Chun an ócáid a cheiliúradh, chuir an Coimisiún Eorpach bratach na hÚcráine ar foluain os comhair fhoirgneamh Berlaymont sa Bhruiséil, agus bhí sé soilsithe i ndathanna na hÚcráine freisin. 

Agus an chloch mhíle sin á ceiliúradh againn, athdhearbhaíonn an tAontas a thiomantas buanseasmhach do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. Ó thús ionradh iomlán na Rúise, tá cúnamh daonnúil, airgeadais agus míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo curtha ar fáil againn don Úcráin agus dá muintir. Go dtí seo, €220.2 billiún atá sa tacaíocht sin. 

Le roinnt míonna anuas, tá dlús curtha ag an Aontas lena thacaíocht do gheilleagar agus do chosaint na hÚcráine, toisc gurb é rathúnas na hEorpa rathúnas na hÚcráine, agus gurb í slándáil na hÚcráine slándáil na hEorpa.   

Rinneamar na chéad eisíocaíochtaí faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin, ar fiú €90 billiún í, chun cabhrú le riachtanais airgeadais na tíre agus chun borradh a chur faoina cumais chosanta. Agus ar Lá Neamhspleáchais na hÚcráine, d’fhormheasamar €6.1 billiún chun tacú le córais cosanta aeir agus diúracán, diúracáin, armlón agus radair. 

Is ionann seasamh leis an Úcráin agus an Rúis a thabhairt chun cuntais chomh maith. I mí Iúil ghlacamar an 21ú pacáiste smachtbhannaí, rud a chuireann srian breise ar chumas na Rúise a cogadh neamhdhleathach a mhaoiniú agus ionsaithe a dhéanamh ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar sibhialtach na hÚcráine.  

Tá dlús curtha ag an Aontas leis na hiarrachtaí chun a chinntiú go bhfillfidh na leanaí ón Úcráin a d’aistrigh an Rúis go héigeantach nó a dhíbir sí, agus tá sé ag cinntiú go mbeidh an Rúis cuntasach as a coireanna tríd an gCoimisiún Éileamh Idirnáisiúnta agus tríd an mBinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin.  

Is cuid de theaghlach na hEorpa í an Úcráin, agus ba cheart di a bheith san Aontas Eorpach. Táimid tiomanta i gcónaí tacú leis an Úcráin agus cúnamh a thabhairt di maidir leis an bpróiseas. An samhradh seo, chuir an Úcráin tús le dhá chnuasach caibidlíochta aontachais, rud a léiríonn go bhfuil acmhainneacht shuntasach aici athchóirithe a chur i bhfeidhm fiú le linn cogaidh. 

Leanaimid de bheith ag seasamh leis an Úcráin atá i mbun síocháin chuimsitheach chóir mharthanach a shaothrú, agus de bheith ag tacú lena conair Eorpach. 

Tuilleadh eolais 

Preaseisiúint - €6.1 billiún formheasta ag an gCoimisiún do chosaint na hÚcráine

Scéal físiúil - Slava Ukraini, gura fada buan an Eoraip

Dáta foilsithe
24 Lúnasa 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Topaicí gaolmhara