
Is ag dul i méid atá an t-imní maidir leis na rioscaí a bhíonn roimh leanaí agus déagóirí agus ardáin ar líne á n-úsáid acu. Tá na hardáin sin an-andúileach agus tá siad deartha chun a n-aird a choinneáil chomh fada agus is féidir.
Is tosaíocht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é leanaí a chosaint ar líne. Sin an fáth a bhfuil Gníomh nua um Leas ár Leanaí ar Líne molta againn chun glacadh de réir a chéile na meán sóisialta a thabhairt isteach do leanaí ar fud an Aontais.
Beidh feidhm aige maidir le seirbhísí ar líne a úsáideann mionaoisigh, mar atá na meáin shóisialta, ardáin comhroinnte físeán, cluichí ar líne, agus compánaigh intleachta saorga agus botaí comhrá.
Rochtain mhoillithe ar na meáin shóisialta
Faoin togra, beidh rochtain ar na meáin shóisialta bunaithe ar aois.
- Faoi bhun 13 bliana d’aois: Ní bheidh leanaí in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí na meán sóisialta. Beidh siad go fóill in ann seirbhísí comhroinnte físeán atá oiriúnach do leanaí a úsáid trí chuntas a bheidh á bhainistiú ag tuismitheoir nó ag caomhnóir.
- 13 bliana d’aois go dtí faoi bhun 15 bliana d’aois: beidh leanaí in ann na meáin shóisialta a úsáid trí mhionchuntas a bheidh á bhainistiú ag tuismitheoir nó ag caomhnóir, le gnéithe teoranta agus le srian ama 1 uair an chloig in aghaidh an lae.
- Ó 15 bliana d’aois i leith: beidh leanaí in ann a gcuntas féin ar na meáin shóisialta a chruthú agus a bhainistiú.
Sábháilteacht trí dhearadh
Beidh ar sheirbhísí ar líne a úsáideann mionaoisigh cosaint níos láidre a thabhairt mar réamhshocrú.
Ina measc sin tá:
- teorainn a chur le gnéithe a d’fhéadfadh úsáid iomarcach a spreagadh, mar atá scrolláil gan teorainn, cleasanna cúitimh agus brúfhógraí a sheoladh le linn uaireanta codlata
- cosc a chur ar theagmháil gan iarraidh ó strainséirí
- cinnte a dhéanamh de go bhfuil próifílí mionaoiseach príobháideach mar réamhshocrú
- bealaí éasca a chur ar fáil chun úsáideoirí eile a bhlocáil nó a bhalbhú
Ní mór botaí comhrá agus compánaigh intleachta saorga a bheith múchta mar réamhshocrú freisin, agus ní bheidh siad in ann gníomhú a thuilleadh ar bhealaí a fhágfaidh go mbraithfidh leanaí orthu go mothúchánach.
Seiceálacha aoise
Beidh ar sheirbhísí ar líne agus ar aipmhargaí uirlisí a úsáid chun aois úsáideoirí a dheimhniú, agus a bpríobháideachas a chosaint ag an am céanna. Is féidir leo, mar shampla, aip fíoraithe aoise an Aontais a úsáid, ar aip í nach gcoinníonn doiciméid aitheantais ná sonraí bithmhéadracha.
Beidh ar sheirbhísí na meán sóisialta agus ardáin comhroinnte físeán aois a fhíorú nuair a chruthófar cuntas nua.
Freagracht na n-ardán a mhéadú
Leis an nGníomh Eorpach um Leas ár Leanaí ar Líne, aistreofar an dualgas cruthúnais ó rialtóirí chuig ardáin freisin. Beidh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne a léiriú go bhfuil a gcuid seirbhísí sábháilte do leanaí agus gur dearadh iad agus a bhfolláine á cur san áireamh.
Cuireann an togra le hobair an phainéil speisialta saineolaithe, a bhunaigh an tUachtarán von der Leyen chun cur chuige Eorpach láidir praiticiúil a fhorbairt ar mhaithe le leanaí a choinneáil sábháilte ar líne.
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle scrúdú air anois, agus rachaidh siad i mbun idirbheartaíochta faoin téacs deiridh sula gcinnfear é, agus sula ndéanfar dlí de.
Tuilleadh eolais
- An Gníomh Eorpach um Leas ár Leanaí ar Líne
- Preaseisiúint
- Bileog eolais
- Ceisteanna agus freagraí
- Do shaol digiteach a chosaint
- Scéal físiúil - Cliceanna sábháilte
- Dáta foilsithe
- 17 Meán Fómhair 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide