Chuir an Coimisiún a thogra i láthair le haghaidh buiséad fadtéarmach uaillmhianach dinimiciúil don Aontas, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), mar a thugtar air, rud a bheidh ar siúl go ceann seacht mbliana, ag tosú in 2028. Tacóidh beagnach €2 thrilliún, nó 1.26% d’ollioncam náisiúnta an Aontais ar an meán idir 2028 agus 2034, le huaillmhian na hEorpa a bheith neamhspleách, sábháilte agus rathúil sna deich mbliana amach romhainn.Tá gá le freagairt láidir réamhbhreathnaitheach mar gheall ar dhúshláin mhéadaitheacha san Eoraip maidir le slándáil, cosaint, iomaíochas, imirce, fuinneamh agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide. Dá bhrí sin, tá athdhearadh ó bhonn ar bhuiséad an Aontais molta ag an gCoimisiún. Leis an mbuiséad, cuirfear go mór le cumas an Aontais croíbheartais a bhaint amach, aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí nua agus ar thosaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus leanfar de thacaíocht a thabhairt do dhaoine, do ghnólachtaí, do thíortha an Aontais, do réigiúin, do chomhpháirtithe, agus, thar aon ní eile, do thodhchaí chomhchoiteann an Aontais.Príomhghnéithe an bhuiséid nua don Aontasníos mó solúbthachta ar fud an bhuiséid, ionas gur féidir leis an Eoraip gníomhú agus freagairt go tapa nuair is gácláir airgeadais de chuid an Aontais atá níos simplí, níos cuíchóirithe agus níos comhchuibhithe le haghaidh rochtain níos éasca ar mhaoiniúbuiséad atá curtha in oiriúint do riachtanais áitiúla, ina bhfuil pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha le haghaidh tionchar spriocdhírithe sna réimsí is mó tábhachtborradh a chur faoin iomaíochas, chun go mbeidh an Eoraip in ann slabhraí soláthair a dhaingniú, an nuálaíocht a mhéadú agus a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le teicneolaíocht ghlan chlisteacmhainní dílse nua cothroma lena dtugtar isteach ioncam leordhóthanach dár dtosaíochtaí agus lena n-íoslaghdófar an brú ar an airgeadas poiblí náisiúnta ag an am céannaTá an buiséad fadtéarmach ceaptha lena chinntiú go mbeidh maoiniú ón Aontas á stiúradh ag tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, agus torthaí a bhaint amach nach féidir le tíortha an Aontais a bhaint amach leo féin. Dírítear ann ar an méid seo a leanas:infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, sna tíortha agus sna réigiúin den Aontasan t-oideachas agus luachanna daonlathacha a chothúrathúnas a spreagadh trí iomaíochas, taighde agus nuálaíochtdaoine a chosaint agus ullmhacht agus athléimneacht a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nuaan Eoraip a chosaintcomhpháirtíochtaí a fhorbairt chun gur láidre a bheidh an Eoraip sa domhan móracmhainní dílse nua a thiocfaidh lenár n-uaillmhian choiteann.Déanfar an togra a chaibidliú le Parlaimint na hEorpa, a thogh saoránaigh an Aontais, agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh, a dhéanann ionadaíocht thar ceann na mBallstát, sula nglacfar go críochnaitheach é. Ba cheart dó teacht i bhfeidhm i mí Eanáir 2028. Tuilleadh eolaisPreaseisiúint: Buiséad uaillmhianach le haghaidh Eoraip níos láidre: 2028-2034Buiséad 2028-2034 an Aontais Eorpaigh Buiséad na hEorpaAn chaoi a gcinntear buiséad fadtéarmach an AontaisCeisteanna agus freagraíTosaíochtaí an Choimisiúin Sonraí Dáta foilsithe16 Iúil 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide