
Tá Teachtaireacht ón gCoimisiún ar fáil anois ina leagtar amach na príomhdhúshláin bheartais agus bhuiséadacha a mhúnlóidh an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais. Leagtar amach sa bhuiséad fadtéarmach – ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil – tosaíochtaí caiteachais an Aontais le haghaidh roinnt blianta. Tacaíonn sé leis na milliúin daoine, feirmeoirí, taighdeoirí, gnólachtaí agus réigiúin ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Tá sé ríthábhachtach chun feabhas a chur ar ár saol, rud a chuidigh linn le déanaí paindéim agus ghéarchéim fuinnimh a shárú agus na milliúin post a shábháil le linn na dianghlasála ag an am céanna.
Ní mór do thíortha, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh an Aontais athmhachnamh a dhéanamh ar an dóigh a n-oibríonn buiséad an Aontais chun é a chur in oiriúint don todhchaí. Chun leanúint de thacaíocht a thabhairt d’Eoraip atá saor, daonlathach, slán, rathúil agus iomaíoch, ní mór don bhuiséad fadtéarmach a bheith níos simplí, níos éifeachtaí agus níos spriocdhírithe.
Ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh i gcur chuige nua do bhuiséad nua-aimseartha an Aontais:
– plean do gach tír ina bhfuil athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha, plean arna cheapadh i gcomhpháirtíocht le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla
– Ciste Eorpach um Iomaíochas lena mbunófar acmhainneacht infheistíochta chun tacú le hearnálacha straitéiseacha agus teicneolaíochtaí criticiúla
– maoiniú le haghaidh gníomhaíocht sheachtrach a mbeidh tionchar níos mó aici, a bheidh spriocdhírithe agus a bheidh ailínithe le leasanna straitéiseacha
– coimircí breise lena gcosnaítear an smacht reachta
Tá an Coimisiún ag iarraidh anois ar mhuintir uile na hEorpa a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an gcéad bhuiséad eile agus maidir leis na beartais ar cheart dó tacú leo, sula gcuirfidh sé togra foirmiúil i láthair i mí Iúil 2025. Tá tús curtha le sraith comhairliúchán poiblí a bheidh ar oscailt go ceann 12 sheachtain. Is féidir leat teacht ar na naisc chuig na comhairliúcháin sin thíos.
Beidh deis ag thart ar 150 Eorpach díospóireacht a dhéanamh agus moltaí nithiúla a dhéanamh don chéad bhuiséad eile de chuid an Aontais ar Phainéal Saoránach. Beidh ardán ar líne ag gabháil leis an díospóireacht sin lena mbeidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh.
A luaithe a chomhaontófar an chéad bhuiséad fadtéarmach eile níos déanaí i mbliana, tiocfaidh sé i bhfeidhm i mí Eanáir 2028.
Tuilleadh eolais
Comhairliúcháin phoiblí
- Maoiniú ón Aontas a chur chun feidhme leis na Ballstáit agus leis na réigiúin
- Maoiniú ón Aontas don iomaíochas
- Maoiniú ón Aontas don ghníomhaíocht sheachtrach
- Maoiniú ón Aontas don oideachas, don oiliúint agus don dlúthpháirtíocht trasteorann, don óige, do na meáin, don chultúr agus d’earnálacha cruthaitheacha, do luachanna agus don tsochaí shibhialta
- Maoiniú ón Aontas do chosaint shibhialta, ullmhacht agus freagairt do ghéarchéimeanna
- Maoiniú ón Aontas don mhargadh aonair, agus comhar idir na húdaráis náisiúnta
- Feidhmíocht bhuiséad an Aontais Eorpaigh
Painéal Saoránach Eorpach maidir le buiséad Eorpach nua
- Dáta foilsithe
- 12 Feabhra 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide