From a previous European citizens' panel event held in Brussels Tá tús á chur inniu le plé painéil idir an Coimisiún agus 150 saoránach a roghnaíodh go randamach ina mbreathnaítear ar bhuiséad nua an Aontais. Beidh sé ar an gcéad cheann de thrí sheisiún agus cuideoidh sé leis an Aontas cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóigh lena chuid airgid a chaitheamh amach anseo.Beidh an seisiún ar an láthair ar siúl ón 28-30 Márta agus ina dhiaidh sin beidh an dara seisiún ar líne (25-27 Aibreán), agus an tríú seisiún sa Bhruiséil (an 16-18 Bealtaine) arb é an ceann deiridh é. Tá an plé sin ina chuid de na Painéil Saoránach Eorpach, ar bealach iad do na saoránaigh chun dul i dteagmháil le hinstitiúidí an Aontais agus chun a dtuairimí a chur in iúl maidir le próiseas ceaptha beartas an Aontais. Faoi dheireadh an tseisiúin clabhsúir, déanfaidh na rannpháirtithe, arb as gach ceann de 27 mBallstát an Aontais dóibh agus a dhéanann ionadaíocht ar éagsúlacht an Aontais, sraith moltaí a thacóidh le hobair an Choimisiúin maidir le buiséad an Aontais. Ag an am céanna, tá Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, fóram plé ar líne, ar fáil don phobal i gcoitinne chun a gcuid tuairimí a chur in iúl. I mbuiséad fadtéarmach an Aontais, ar a dtugtar an creat airgeadais ilbhliantúil chomh maith, sainítear méid an bhuiséid agus cad é air a gcaitear é go ceann roinnt blianta. Déanfaidh an Coimisiún an chéad togra le haghaidh an bhuiséid nua sin i mí Iúil 2025, rud a thiocfaidh in ionad an bhuiséid fhadtéarmaigh atá ann faoi láthair ó 2021 go 2027. Tuilleadh eolaisForléargas ar an bPainéal Saoránach Eorpach maidir le buiséad nua an AontaisBuiséad an Aontais EorpaighBuntáistí bhuiséad an Aontais Sonraí Dáta foilsithe28 Márta 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide