Gach bliain san Aontas Eorpach, cailltear 700,000 duine mar gheall ar chaitheamh tobac, agus na mílte ina measc mar gheall ar an toit thánaisteach. Is iarracht dhíreach é an t-athbhreithniú atá beartaithe ar an Moladh ón gComhairle maidir le timpeallachtaí saor ó thobac chun daoine a chosaint ar dhóigh níos fearr ar éifeachtaí na toite tánaistí agus na n-aerasól. Is céim eile chun cinn é freisin in iarrachtaí foriomlána an Aontais dínormalú a dhéanamh ar úsáid tobac agus úsáid táirgí atá ag teacht chun cinn, andúil sa nicitín a chomhrac, agus an tsláinte choisctheach a fheabhsú.Leis an athbhreithniú, iarrtar ar thíortha an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh:cumhdach na mbeartas saor ó thobac a leathnú chuig príomhlimistéir lasmuigh, ina measc sin limistéir fóillíochta faoin aer do pháistí amhail clóis súgartha phoiblí, páirceanna siamsaíochta agus linnte snámha, chomh maith le foirgnimh phoiblí agus stadanna agus stáisiúin iompair.beartais saor ó thobac a leathnú chuig táirgí atá ag teacht chun cinn amhail táirgí tobac téite agus toitíní leictreonacha, rudaí a bhfuil níos mó agus níos mó úsáideoirí an-óg ag éirí eolach orthu. Tharraing an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte aird le déanaí ar na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le nochtadh d’astaíochtaí tánaisteacha ó na táirgí sin, fadhbanna móra riospráide agus cardashoithíocha ina measc.Leagtar síos i bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa an sprioc ‘Glúin atá Saor ó Thobac’ a chruthú faoi 2040, ina gcaithfidh níos lú ná 5% den daonra tobac. A bhuí le timpeallachtaí saor ó thobac, tá laghdú tagtha ar líon na mbásanna agus tá feabhas tagtha ar tháscairí sláinte eile, cuir i gcás taomanna croí i measc an phobail i gcoitinne agus feabhsuithe ar shláinte riospráide. Glacadh an Moladh ón gComhairle maidir le timpeallachtaí saor ó thobac in 2009 agus iarradh leis ar thíortha an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh:dlíthe a chur i bhfeidhm chun saoránaigh a chosaint go hiomlán ar thoit tobac in áiteanna poiblí dúnta, in áiteanna oibre agus ar iompar poiblídlíthe saor ó thobac a fheabhsú trí bhearta tacaíochta amhail iarrachtaí a spreagadh chun éirí as tobac a úsáid agus rabhaidh phictiúrtha ar phacáistí tobacan comhar ar leibhéal an Aontais a neartú trí líonra pointí fócasacha náisiúnta um rialú tobac a chur ar bun.Ina theannta sin, leis an athbhreithniú atá ann faoi láthair, spreagtar tíortha an Aontais chun dea-chleachtais a mhalartú agus comhar idirnáisiúnta a neartú chun an leas is mó is féidir a bhaint as tionchar na mbeart a dhéantar ar fud an Aontais. Tuilleadh eolaisTimpeallachtaí saor ó thobacAontas Sláinte EorpachPlean Sáraithe Ailse na hEorpaClár EU4HealthPreaseisiúint: Bearta níos láidre molta ag an gCoimisiún i dtaca le timpeallachtaí saor ó thobac chun an tsláinte phoiblí a chosaint ar bhealach níos fearr. Sonraí Dáta foilsithe17 Meán Fómhair 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide