An bhfuil tú 18 mbliana d’aois i mbliana, agus cónaí ort i gceann de thíortha an Aontais Eorpaigh nó i dtír atá páirteach in Erasmus+, agus tú ag iarraidh taisteal agus eolas a chur ar an Eoraip? Seo do dheis! Bronnfaidh an tAontas pas taistil ar dhaoine óga roghnaithe chun eolas a chur ar an Aontas agus ar na tíortha a bhfuil baint acu le Erasmus+. I mbliana déanaimid ceiliúradh ar 40 bliain de Chomhaontú Schengen, an bunús atá le taisteal gan teorainneacha. Le haghaidh na hócáide sin, tá an tAontas ag cur 40,000 pas taistil DiscoverEU ar fáil. Is féidir iarratas a dhéanamh anois – cuir isteach d’iarratas roimh an 13 Samhain 2025 (12:00 meán lae, am na Bruiséile). Is féidir leat taisteal le grúpa cairde má chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta agus má chuireann sibh an t-iarratas isteach le chéile.Má roghnaítear thú, gheobhaidh tú pas taistil le haghaidh na modhanna iompair is neamhdhíobhálaí don chomhshaol, mar shampla traenacha (nó modhanna eile iompair i gcásanna sonracha). Féadfaidh tú taisteal ar feadh tréimhse nach lú ná aon lá amháin agus nach faide ná 30 lá le linn na tréimhse taistil. Tá sé beartaithe tús a chur leis an tréimhse taistil an 1 Márta 2026. Gheobhaidh tú cárta lascaine DiscoverEU freisin le haghaidh lear mór lascainí ar lóistín, imeachtaí cultúir, imeachtaí spóirt, iompar áitiúil, agus seirbhísí eile nach iad.Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat a fhágann go mbeidh an taisteal dúshlánach duit, is féidir leat cúnamh agus tacaíocht a fháil.Ceann de phríomhthosaíochtaí an Choimisiúin is ea tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga. Is cuid de chlár Erasmus+ é DiscoverEU. Tugann sé an deis do dhaoine atá 18 mbliana d’aois taisteal agus eolas a chur ar éagsúlacht na hEorpa, foghlaim faoina hoidhreacht chultúrtha agus a stair, agus nascadh le daoine ó áiteanna ar fud na mór-roinne. Tuilleadh eolaisDiscoverEU – déan iarratas anois!Cothroime shóisialta na hEorpaGnéscéal – Óige na hEorpa: Bí uaillmhianach. Déan gníomh anois. Sonraí Dáta foilsithe30 Deireadh Fómhair 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide