Déanann an bhochtaineacht difear do dhuine amháin as gach cúigear Eorpach, ina measc sin leanbh amháin as gach ceathrar, agus tá thart ar 1 mhilliún duine gan dídean ar fud an Aontais. Tá bearta nua molta ag an gCoimisiún darb aidhm an bhochtaineacht agus an t-eisiamh tithíochta a chosc, agus tacú leo siúd atá thíos leis cheana féin. Sa chéad straitéis frithbhochtaineachta riamh de chuid an Aontais, tá bealach leagtha amach i dtreo sprioc an Aontais laghdú 15 mhilliún duine ar a laghad a dhéanamh ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, agus sin a dhéanamh faoi 2030, agus tacú ag an am céanna leis an sprioc fhadtéarmach deireadh a chur leis an mbochtaineacht faoi 2050. Díríonn sí ar phoist ardcháilíochta, ar rochtain ar sheirbhísí agus ar thacaíocht ioncaim, agus ar ghníomhaíocht níos comhordaithe. Mar chuid den straitéis, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: oibriú le comhpháirtithe sóisialta chun tacú le daoine a bhfuil bacainní rompu ar fhostaíochttacú le daoine scothaosta trí phinsin leordhóthanachacomhghuaillíocht i gcoinne na bochtaineachta a thógáil le rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, le gnólachtaí agus leis an tsochaí shibhialtadul i gcomhairle le daoine atá thíos leis an mbochtaineacht i dtaca le beartais a dhéanann difear dóibh Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a neartú, príomhuirlis an Aontais chun tacú le leanaí atá i ngátar trí rochtain a fháil ar sheirbhísí amhail oideachas, cúram sláinte agus béilí scoile. Leis an gcur chuige nua, dírítear ar rochtain na dteaghlach ar phoist ardcháilíochta, ar chúram leanaí agus ar líontáin sábhála láidre a chinntiú, agus an tacaíocht a leathnú do leanaí ag an am céanna trí chláir mheantóireachta agus cúram meabhairshláinte. Dúshlán práinneach eile is ea an tithíocht. Agus praghsanna tithíochta ag ardú 60% leo ó bhí 2013 ann, leis an moladh atá beartaithe maidir le heisiamh tithíochta a chomhrac cuirtear chun cinn réitigh fhadtéarmacha ar ghéarchéim tithíochta na hEorpa agus iarrtar go mbeadh níos mó tithíochta sóisialta agus inacmhainne ann. I dteannta a chéile, is é is aidhm do na bearta sin cearta sóisialta a neartú agus cuidiú chun gur cothroime agus gur cuimsithí a bheidh an Eoraip. Tuilleadh eolais Preaseisiúint An Ráthaíocht Eorpach do Leanaí An Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne Cothroime shóisialta na hEorpa Sonraí Dáta foilsithe6 Bealtaine 2026ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide