Booking.com agus Expedia Group
Tar éis idirphlé leis na húdaráis CCT, tá gealltanas tugtha ag Booking.com agus Expedia Group athruithe a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann siad tairiscintí, lascainí agus praghsanna i láthair do thomhaltóirí. Leis na hathruithe sin, ba cheart gur fearr a bheidh tomhaltóirí in ann comparáidí feasacha a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais dhlí tomhaltóirí an Aontais. Tá na hathruithe infheidhme i leith Booking.com agus i leith brandaí de chuid Expedia – Expedia, ebookers agus hotels.com.
- 18 NOLLAIG 2020
- 18 NOLLAIG 2020
- 18 NOLLAIG 2019
- 18 NOLLAIG 2020
- 18 NOLLAIG 2019
Airbnb
Tar éis ghníomhaíocht chomhpháirteach na n-údarás CCT, chuir Airbnb feabhas ar chur i láthair a phraghsanna d’fhonn a chinntiú, aon uair a thairgtear réadmhaoine, go ndéanfar an praghas iomlán, na muirir agus na táillí éigeantacha go léir is infheidhme san áireamh, a sholáthar don tomhaltóir. Ina theannta sin, chomhaontaigh an chuideachta feabhas a chur ar chothroime a théarmaí seirbhíse agus idirdhealú a dhéanamh idir trádálaithe gairmiúla agus piar-óstaigh phríobháideacha.
- 11 IÚIL 2019
- 5 IÚIL 2018