Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
A driver moving a bus donated by Luxemburg city from the EU Civil Protection Mechanism’s logistic hub to the platform that will ship it to Ukraine
Ní féidir le diúracáin an dlúthpháirtíocht a scriosadh

Bliain amháin tar éis an fheachtais ‘Busanna scoile don Úcráin’

Páistí na hÚcráine a thabhairt ar scoil go sábháilte

Dochar
do chóras oideachais na hÚcráine
5.7 milliún
líon na bpáistí in aois na scoile a raibh tionchar ag ionsaí na Rúise orthu
Breis agus 2,800
líon na saoráidí oideachais a ndearnadh damáiste dóibh nó a scriosadh

Feachtas dlúthpháirtíochta chun busanna a bhronnadh

I mí na Samhna 2022 sheol an Coimisiún, in éineacht le Céadbhean na hÚcráine, Olena Zelenska, an feachtas dlúthpháirtíochta ‘Busanna scoile don Úcráin’. D’iarr sé ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha san Aontas agus níos faide i gcéin dul i gcomhar le chéile agus dlúthpháirtíocht a léiriú, trí bhusanna a dheonú, busanna atá riachtanach chun páistí na hÚcráine a thabhairt ar ais chun na scoile go sábháilte.

An 4 Samhain 2023, thug Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, cuairt ar Chív agus, in éineacht le Céadbhean na hÚcráine, Olena Zelenska, d’fhreastail sí ar shearmanas aistrithe fheachtas dlúthpháirtíochta an Aontais ‘Busanna scoile don Úcráin’, lenar seachadadh breis agus 370 bus scoile do phobail na hÚcráine.

Cheannaigh an Coimisiún 100 bus scoile, dar luach €14 mhilliún, agus bhronn údaráis, cathracha, réigiúin agus eagraíochtaí iompair i 11 thír den Aontas 271 bhus scoile trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

Mar thoradh ar an gcogadh cruálach seo, baineadh a soineantacht agus a n-óige de na mílte páistí Úcránacha. Ach ní bhainfidh sé díobh an todhchaí gheal shona atá tuillte acu. Sin an fáth a bhfuilim sásta gur féidir linn cabhrú le páistí Úcránacha a thabhairt chun na scoile go sábháilte. An deonú de níos mó ná 370 bus scoile ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit, is léiriú é sin ar ár dtiomantas comhpháirteach don chéad ghlúin eile d’Úcránaigh.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Anuraidh, le linn cuairt ar Pharlaimint na hEorpa, phléigh mé an méid sin le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen. Agus anois táthar ag tabhairt níos mó ná 370 bus do phobail na hÚcráine. Is iontach an léiriú dlúthpháirtíochta é. Seo bealach i dtreo thodhchaí ár bpáistí – an todhchaí a bheidh acu féin agus ag an tír ar fad, agus cogadh ar siúl. Is é sin atá i gceist leis na busanna scoile, agus is é sin an fáth a bhfuil siad tábhachtach.

Olena Zelenska, Céadbhean na hÚcráine

Tacaíocht leanúnach ón Aontas

Tá an Eoraip ag tacú leis an Úcráin ó thús ionsaí gan údar na Rúise. D’oscail muintir na hEorpa a gcroíthe agus a ndoirse do bhreis ag 8 milliún Úcránach a theith ó bhuamaí Putin, breis agus 4 mhilliún Úcránach ina measc a d’iarr cosaint shealadach i mBallstáit an Aontais. Chuir scoileanna na hEorpa fáilte roimh na céadta mílte páistí Úcránach. In ainneoin an scriosta agus na n-íobairtí, tá muintir na hÚcráine ag féachaint chun cinn le muinín agus le dóchas. Agus tosaíonn an todhchaí sin le cinnte a dhéanamh de go bhfuil scoileanna ar oscailt agus gur féidir le páistí iad a rochtain.

Conas busanna a dheonú

Más eintiteas poiblí nó cuideachta phríobháideach thú atá lonnaithe san Aontas agus más mian leat busanna a bhronnadh, iarrtar ort na ceisteanna coitianta thíos a léamh go cúramach ar dtús. Féadfaidh tú freisin dul i dteagmháil le hIonadaíocht an Choimisiún Eorpaigh sa tír agus beidh siad in ann tuilleadh eolais a chur ar fáil duit faoin bhfeachtas.

Má tá tú réidh chun busanna a thairiscint ba chóir duit sonraí do thairisceana a ullmhú tríd an doiciméad thíos dar teideal Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh tairiscintí busanna a líonadh isteach agus a sheoladh chuig: EU-BUSES-UKRAINEatec [dot] europa [dot] eu (EU-BUSES-UKRAINE[at]ec[dot]europa[dot]eu). Léigh go cúramach an táb Mínithe sa chomhad Excel.

  • 13 EANÁIR 2023
Technical specifications for bus offers

Le haghaidh ceisteanna breise, tá foireann tiomnaithe ann chun cabhrú leat ag an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) sa Choimisiún Eorpach. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann trí ríomhphost ag EU-BUSES-UKRAINEatec [dot] europa [dot] eu (EU-BUSES-UKRAINE[at]ec[dot]europa[dot]eu).

  • 19 SAMHAIN 2022
FAQs School buses for Ukraine campaign