Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
alt=""
Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais

Tionscal glan-nialasach na hEorpa a chur ar thús cadhnaíochta

Réabhlóid na teicneolaíochta glaine a stiúradh

Le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, táthar ag feabhsú iomaíochas thionscal glan-nialasach na hEorpa agus ag cur dlús leis an aistriú chuig an aeráidneodracht. Déantar amhlaidh trí thimpeallacht níos tacúla a chur ar fáil chun dlús a chur le hacmhainneacht mhonaraíochta na hEorpa i dtaca le teicneolaíochtaí glan-nialasacha agus táirgí a bhfuil gá leo chun spriocanna uaillmhianacha aeráide na hEorpa a bhaint amach.

Tá deis againn nach bhfaightear ach uair amháin sa saol a bheith inár n-eiseamláirí a mhéid a bhaineann le ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais a chinntiú le luas, le huaillmhian agus le meon cuspóra in earnáil na teicneolaíochta glan-nialasaí atá ag fás go tapa. Tá rún daingean ag an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta i réabhlóid na teicneolaíochta glaine. I gcás ár gcuideachtaí agus ár ndaoine, ciallaíonn sé sin scileanna a iompú ina bpoist ardcháilíochta agus an nuálaíocht ina mórtháirgeadh, a bhuí le creat níos simplí agus níos tapúla. Le rochtain níos fearr ar mhaoiniú, beidh ár bpríomhthionscail teicneolaíochta glaine in ann méadú go tapa.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

An bealach chuig glan-nialasach

Níos mó ná €100 billiún,
is é sin an luach a bhí le héiceachóras gnólachtaí nuathionscanta an Aontais in 2021, é méadaithe faoi dhó ó 2020
Is mó ná 400 GW
acmhainneacht táirgeachta fuinnimh in-athnuaite gaoithe agus gréine san Aontas in 2022, méadú os cionn 25% i gcomparáid le 2020
4.5 milliún
post glas i ngeilleagar na hEorpa in 2019, méadú ó na 3.2 milliún post a bhí ann in 2000

Ceithre cholún an phlean

Chun an Eoraip a chinntiú mar cheanncheathrú na nuálaíochta tionsclaíche agus na teicneolaíochta glaine, clúdófar ceithre phríomhcholún mar chuid de Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais:

Timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe

Baineann an colún seo den phlean leis an timpeallacht rialála. Is éard atá i gceist leis sin creat níos simplí, níos tapúla agus níos intuartha a chruthú, na méideanna is gá d’amhábhair a chinntiú, agus deimhin a dhéanamh de go mbeidh úsáideoirí in ann tairbhe a bhaint as na costais ísle a bhaineann le foinsí in-athnuaite fuinnimh. Tá trí thionscnamh ann chun tacú leis an obair sin.

Initiatives

Offshore wind turbines

An Gníomh um Thionscal Glan-Nialasach

Spriocanna a shainaithint maidir le hacmhainneacht thionsclaíoch ghlan-nialasach agus chun creat rialála a sholáthar a oireann dá chur in úsáid go tapa

mine of rare earths in Kiruna, Sweden

Gníomh um Amhábhair Chriticiúla

Rochtain imleor ar na hábhair sin a chinntiú, cuir i gcás tearc-chré, ar ábhair iad atá ríthábhachtach chun príomhtheicneolaíochtaí a mhonarú

Rochtain níos tapúla ar mhaoiniú

Leis an dara colún den phlean, cuirfear dlús le hinfheistíocht agus le maoiniú do tháirgeadh na teicneolaíochta glaine san Eoraip.

Feabhas a chur ar na scileanna riachtanacha

Leis an fás ollmhór i dteicneolaíochtaí nua, teastóidh fás ollmhór uainn i réimse na scileanna agus na n-oibrithe oilte san earnáil seo. Chun na scileanna a fhorbairt a theastaíonn chun an t-aistriú glas a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

Trádáil oscailte chóir a éascú

Cúlra

Tá rás na dteicneolaíochtaí glana faoi lán seoil. Tá tús curtha ag na geilleagair is mó ar domhan – idir na Stáit Aontaithe agus an India, an tSín agus an tSeapáin – le hinfheistíocht ollmhór a dhéanamh sa nuálaíocht ghlas. Is cinnte gur dea-scéala é sin dár bpláinéad, ach is iomaí brú a bhaineann leis i dtaca le haistriú glan an Aontais féin.

Chun aistriú glan an Aontais a bhaint amach, ní mór cothrom iomaíochta domhanda agus Eorpach a bheith againn. Is éard atá i gceist leis sin ár dtionscal féin a chothú ar bhealach níos fearr – idir hidrigin agus cheimiceáin, biteicneolaíocht agus nanaitheicneolaíocht. Agus is ar mhaithe leis an sprioc sin a bhaint amach a seoladh Plean Tionsclaíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

*is é stock.adobe.com a rinne na híocóin ar an leathanach seo 

Doiciméid

1 FEABHRA 2023
Communication: A Green Deal Industrial Plan for the Net-Zero Age
English
(243.3 KB - HTML)
Íoslódáil
1 FEABHRA 2023
Factsheet - The Green Deal Industrial Plan
English
(6.03 KB - HTML)
Íoslódáil
1 FEABHRA 2023
Statement by President von der Leyen on the Green Deal Industrial Plan
English
(6.03 KB - HTML)
Íoslódáil
1 FEABHRA 2023
Questions and answers about the Green Deal Industrial Plan
English
(6.03 KB - HTML)
Íoslódáil