Aeráidneodracht a bhaint amach ar bhealach inbhuanaithe
Tá an Eoraip ar thús cadhnaíochta in aistriú chuig geilleagar a thugann níos mó don phláinéad ná mar a ghlacann sé uaidh. Ar an leibhéal domhanda, tá gá le huaillmhian agus le gníomhaíocht araon le linn na ndeich mbliana criticiúla seo, chun cur chun feidhme Chomhaontú Pháras a chinntiú agus chun an aeráidneodracht a bhaint amach ar bhealach inbhuanaithe.
An tAontas ag COP28
Bhí an 28ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP28) ar siúl ón 30 Samhain go dtí an 12 Nollaig 2023 in Dubai. Faoi Uachtaránacht Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, tháinig páirtithe le chéile i gcruinniú mullaigh COP28 chun dlús a chur leis an ngníomhaíocht chun spriocanna Chomhaontú Pháras agus Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a bhaint amach.
Rinne an tAontas iarracht dlús suntasach a chur leis an uaillmhian dhomhanda aeráide chun go mbeifear go fóill in ann an cuspóir 1.5°C a bhaint amach, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, agus d’oibrigh sé le comhpháirtithe atá ar aon intinn chun toradh rathúil a bhaint amach ag COP28.
Príomhghealltanais agus príomhghníomhaíochtaí a d’fhógair an tAontas Eorpach ag COP28:
- dlús a chur leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise an deacáid seo, beart a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú 43 % faoi 2030, agus an domhan a chur ar chonair chun astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050
- mar pháirt den Ghealltanas Domhanda maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus Éifeachtúlacht Fuinnimh chun acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite a mhéadú faoi thrí agus ráta na bhfeabhsuithe domhanda ar an bhfuinneamhéifeachtúlacht a mhéadú faoi dhó faoi 2030. tacóidh €2.3 billiún ó bhuiséad an Aontais leis an aistriú fuinnimh i gcomharsanacht na hEorpa agus ar fud an domhain
- tacaíocht airgeadais €175 mhilliún ón Aontas agus óna Bhallstáit chun astaíochtaí meatáin a laghdú
- maoiniú os cionn €400 milliún ón Aontas agus óna Bhallstáit chun ciste nua caillteanais agus damáiste a ghníomhachtú le haghaidh éigeandálaí aeráide
- an chéad dá thionscadal Eorpacha um theicneolaíocht ghlan a gheobhaidh tacaíocht ón gComhpháirtíocht idir an tAontas agus Catalyst chun cabhrú leis an Aontas a spriocanna aeráide do 2030 a bhaint amach
- ranníocaíocht €20 billiún ó Team Europe leis an Tionscnamh um Fhuinneamh Glas idir an Afraic agus an tAontas Eorpach
- tionscnamh nua ó Team Europe atá dírithe ar shlabhraí luacha nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu
![Ursula von der leyen](/sites/default/files/styles/blockquote_image/public/2022-10/ursula_vdl_speech.png?itok=PYfOORUn)
Táimid réidh le tuilleadh a dhéanamh, agus tá a fhios againn go gcaithfimid tuilleadh a dhéanamh. Mar shampla, deis a bhí in COP28 freisin praghsáil carbóin a phlé le Páirtithe eile, ionas go dtosóidh níos mó tíortha ar phraghas a chur ar thruailliú. Agus ina theannta sin bhíomar in ann an bealach a réiteach d’athchóirithe airgeadais níos leithne, d’fhoinsí nuálacha cistiúcháin nua, agus do gach sreabhadh airgeadais a ailíniú le Comhaontú Pháras.
Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh do COP28
I gcaibidlíocht COP28 maidir leis an aeráid, d’oibrigh an tAontas ar mhaithe le tuilleadh uaillmhéine agus gníomhaíochta le linn na ndeich mbliana criticiúla seo, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh ina measc:
-
Deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise agus acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú
-
Fócas níos comhbheartaithe ar laghduithe astaíochtaí le linn na deacáide seo
-
Muid féin agus ár gcomhpháirtithe a ullmhú don oiriúnú don athrú aeráide
-
Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a chinntiú chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanas agus ar dhamáiste ó gach duine ar féidir leo íoc
![Participation of Ursula von der Leyen, President of the European Commission, in the United Nations Framework Convention on Climate Change (UNFCCC) meeting in Dubai, United Arab Emirates/COP28](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/media_avportal_thumbnails/RAw5lpEUbN78UVWcZqyGZg7p4hO2gpF-wPsV70CtSUI.jpg?itok=Ehv-8iHb)
Bhí roinnt imeachtaí eile ar siúl ag an Aontas Eorpach ag Pailliún an Aontais. Bhí 10 gcomhalta de Choláiste na gCoimisinéirí i láthair le linn choicís COP28.
Tá beart á dhéanamh ag an Aontas ag COP28
- 2 Nollaig 2023Tacaíocht airgeadais dar luach €175 mhilliún fógartha ag an Aontas chun astaíochtaí meatáin a laghdú
- 2 Nollaig 2023Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sa tionscnamh domhanda chun acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite a mhéadú faoi thrí agus chun bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú faoi dhó faoi 2030
Gníomhú an Aontais ar son na haeráide
Sa Chomhaontú Glas don Eoraip, leagadh amach straitéis nua fáis don Eoraip. Is é is aidhm dó sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, le geilleagar nua-aimseartha iomaíoch ina mbeidh glanastaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha ann faoi 2050. Leis an reachtaíocht aeráide agus fuinnimh is déanaí ón Aontas, ar a dtugtar an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, meastar go laghdófar glanastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais 55% ar a laghad faoi 2030. Tá an Eoraip ag comhlíonadh na ngealltanas a thug sí do na saoránaigh agus do na comhpháirtithe idirnáisiúnta dul ar thús cadhnaíochta maidir le gníomhú ar son na haeráide agus an t-aistriú glas a mhúnlú ar mhaithe le saoránaigh agus le tionscail.
Ar fud an domhain, tacaíonn an tAontas leis an gclaochlú glas, é ag déanamh infheistíocht sa mhaolú agus san athléimneacht aeráide araon trína straitéis ‘Global Gateway’. Tacaíonn sé freisin le fuinneamh glan mar bhealach chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus gealltanais Chomhaontú Pháras a bhaint amach. I gcur chuige Team Europe, cuireann sé malartuithe teicneolaíochta glasa chun cinn agus treisíonn sé an tslándáil fuinnimh, rud a chuireann naisc agus réitigh inbhuanaithe iontaofa ar fáil ar fud an domhain.
Ranníocaíocht Team Europe le maoiniú domhanda le haghaidh an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide
![Visit of Wopke Hoekstra, European Commissioner, to Brazil](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/media_avportal_thumbnails/kawn1-mCK-ltUJBBSHZ0vhf9G_rZ_6DrGVVtB-P3Juk.jpg?itok=bVxYSPtl)
Chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide, is gá astaíochtaí a laghdú gach áit ar domhan. Tá an tAontas i gcomhpháirt le geilleagair atá i mbéal forbartha chun an tacaíocht atá ag teastáil uathu a chur ar fáil dóibh leis an athrú aeráide a mhaolú agus le dul in oiriúint dó.
Is iad an tAontas, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta, i dteannta a chéile, an ranníocóir is mó ó thaobh maoiniú poiblí don aeráid sna geilleagair atá i mbéal forbartha. In 2022, ranníoc siad €28.5 billiún i maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide ó fhoinsí poiblí agus chuir siad méid breise €11.9 billiún de mhaoiniú príobháideach ar fáil.
Tá an tAontas tiomanta i gcónaí freisin rannchuidiú le sprioc na ngeilleagar forbartha $100 billiún in aghaidh na bliana ó fhoinsí éagsúla a shlógadh go comhpháirteach go dtí 2025 chun tacú lenár gcomhpháirtithe.