Gníomhaíochtaí de chuid an Aontais lena dtacaítear le leanaí ar fud an domhain, agus lena gcosnaítear agus lena gcumasaítear iad, le linn géarchéimeanna agus coimhlintí san áireamh Tá ról ceannaireachta ag an Aontas maidir le tacú le leanaí ar fud an domhain, trí neartú a dhéanamh ar an rochtain atá acu ar oideachas ardchaighdeáin sábháilte ionchuimsitheach, seirbhísí bunúsacha, sláinte agus cabhair dhaonnúil, agus trí iad a chosaint i gcoimhlintí foréigneacha. Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le hInscne i leith gníomhaíocht sheachtrach (2021-2025) Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, JOIN (2020) 5 final Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i gcoinne sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i gcoinne sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine Treoirlínte maidir le cearta an linbh a chur chun cinn agus a chosaint, 2017 Treoirlínte an Aontais maidir le leanaí i gcoinbhleachtaí armtha, 2008 Faoi Straitéis nua an Aontais maidir le cearta an linbh, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé an méid seo a leanas: 10% den mhaoiniú foriomlán faoi NDICI san Afraic Fho-Shahárach, san Áise agus san Aigéan Ciúin agus i gCríocha Mheiriceá agus i Muir Chairib a chur i dtreo an oideachais; leanúint de bheith ag leithdháileadh 10% de mhaoiniú na cabhrach daonnúla ar an oideachas i gcásanna éigeandála agus i ngéarchéimeanna fada, agus tacaíocht a chothú don Dearbhú maidir le Scoileanna Sábháilte; obair a dhéanamh i treo slabhraí soláthair chuideachtaí an Aontais a dhéanamh saor ó shaothar leanaí, go háirithe trí thionscnamh reachtach maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe; cúnamh teicniúil a chur chun cinn agus a sholáthar chun neartú a dhéanamh ar na córais cigireachta saothair lena ndéantar faireachán ar dhlíthe saothair leanaí agus lena bhforfheidhmítear iad; cúnamh teicniúil a thabhairt mar Team Europe do riaracháin tíortha comhpháirtíochta trína chláir agus trína shaoráidí, cuir i gcás SOCIEUX+, an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise (TAIEX) agus cláir TWINNING; Plean Gníomhaíochta don Óige a ullmhú faoi 2022 lena gcuirfear chun cinn cumasú agus rannpháirtíocht na hóige; pointí fócasacha don óige a ainmniú agus acmhainní cosanta leanaí a neartú laistigh de Thoscaireachtaí an Aontais; Naisc ghaolmhara Sraith Straitéisí um Chearta an Linbh. Cearta an Linbh a chomhtháthú i gComhar um Fhorbairt