Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Europa Analytics

Eolas faoi Europa Analytics

Is é Europa Analytics an tseirbhís chorparáideach a dhéanann faireachán agus meastóireacht ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ar Europa.

Tá an bonneagar agus na bogearraí faoi rialú iomlán an Choimisiúin Eorpaigh agus tá siad i gcomhréir le reachtaíocht cosanta sonraí reatha an Aontais Eorpaigh.

Tá cosaint príobháideachais Europa Analytics bailíochtaithe ag Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh.

Is í Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta de chuid an Choimisiúin a dhéanann cothabháil ar Europa Analytics a chuirtear ar fáil mar sheirbhís d’úinéirí suíomhanna gréasáin ar fud an Choimisiúin Eorpaigh chun a chinntiú go bhfuil ár gcumarsáid ar líne spriocdhírithe, ábhartha agus costéifeachtúil.

Bíonn an tseirbhís ar fáil ar shuíomhanna gréasáin agus ar leathanaigh ar leis an gCoimisiún iad faoin bhfearann europa.eu agus faoina fhofhearainn, ach déantar é a chur chun feidhme go príomha ar phríomh-fhofhearann an Choimisiúin .i. ec.europa.eu.

Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn an suíomh gréasáin idirinstitiúideach (leathanaigh bharrleibhéil an fhearainn europa.eu) thar ceann institiúidí uile an Aontais Eorpaigh. Bíonn an tseirbhís Europa Analytics ar fáil freisin ar bharrleathanaigh shuíomh gréasáin europa.eu ach bíonn toiliú ar leith de dhíth chuige. Tá beartas príobháideachais an tsuímh gréasáin idirinstitiúidigh ar fáil anseo.

Faoi láthair, tá córas anailísíochta dá gcuid féin in úsáid ag institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh nach cuid den Choimisiún Eorpach iad. Tabhair cuairt ar leathanaigh an fhógra dhlíthiúil atá acusan chun tuilleadh eolais a fháil.

Fógra dlíthiúil an Choimisiúin Eorpaigh

Faisnéis agus bearta cosanta sonraí

Fianáin chéadpháirtí

Cumraítear Europa Analytics chun an fearann europa.eu (a úsáideann suíomhanna gréasáin institiúidí an Aontais) a úsáid agus chun fianáin chéadpháirtí a théann as feidhm a stóráil agus a bhainfear go huathoibríoch de ghléas an úsáideora tar éis 13 mhí.

Is comhad beag sonraí é fianán a stórálann suíomh gréasáin ar ríomhaire nó ar ghléas móibíleach cuairteora. Tá dhá chineál fianán ann – fianáin neamhbhuan agus fianáin rianaithe.

Léigh tuilleadh faoinár bhfianáin anseo.

Cuireann fianáin a úsáideann Europa Analytics ar chumas an Choimisiúin Eorpaigh an fhaisnéis a leanas a bhailiú faoi chuairteoirí agus úsáidtear an fhaisnéis sin chun tuairiscí staitisticí comhiomlána anaithnide a ullmhú maidir le gníomhaíocht cuairteoirí

  • seoladh Prótacail Idirlín (IP) (anaithnidithe)
  • láthair: tír, réigiún, cathair, neas-domhanfhad agus neas-domhanleithead (geoshuíomh)
  • dáta agus am na hiarrata (an chuairt ar an suíomh)
  • teideal an leathanaigh a bhfuiltear ag breathnú air (teideal an leathanaigh)
  • URL an leathanaigh a bhfuiltear ag breathnú air (URL an leathanaigh)
  • URL an leathanaigh a rabhthas ag breathnú air roimhe sin (URL tagróra)
  • taifeach scáileáin ghléas an úsáideora
  • an t-am in amchrios áitiúil an chuairteora
  • comhaid ar cliceáladh orthu agus a íoslódáladh (íoslódáil)
  • naisc le fearainn sheachtracha ar cliceáladh orthu (seachnasc)
  • am ginte an leathanaigh: an t-am a thógann sé ar an bhfreastalaí gréasáin leathanach gréasáin a chruthú agus ar an gcuairteoir é a íoslódáil ina dhiaidh sin (luas an leathanaigh)
  • príomhtheanga an bhrabhsálaí atá in úsáid (an ceanntásc ‘accept-language’)
  • leagan an bhrabhsálaí, breiseáin an bhrabhsálaí (PDF, Flash, Java), leagan an chórais oibriúcháin, aitheantóir an ghléis (an ceanntásc ‘user-agent’)
  • teanga an leathanaigh a tugadh cuairt air
  • feachtais
  • cuardaigh ar an suíomh
  • imeachtaí

D'fhonn feabhas a chur ar chruinneas na dtuarascálacha a tháirgtear, stóráiltear faisnéis áirithe i bhfianáin chéadpháirtí chomh maith agus ansin bailíonn Europa Analytics an fhaisnéis sin:

  • uimhir aitheantais cuairteora uathúil randamach
  • am na céadchuairte don chuairteoir áirithe sin
  • am na cuairte roimhe sin don chuairteoir áirithe sin
  • líon na gcuairteanna don chuairteoir áirithe sin

Is ar an gCoimisiún Eorpach atá freagracht iomlán as na sonraí a bhailítear trí bhíthin fianáin chéadpháirtí agus coinníonn sé smacht ar na sonraí sin trí iad a stóráil i bhfreastalaithe a bhfuil smacht iomlán ag an gCoimisiún orthu.

Ní chuimsíonn na sonraí a bhailítear aon fhaisnéis phearsanta agus ní féidir an uimhir aitheantais cuairteora uathúil randamach a ghintear leis na bogearraí a úsáid chun cuairteoir ar leith a shainaithint. Ní chomhroinnfear na sonraí le haon eagraíocht eile chun críocha margaíochta, taighde margaidh ná tráchtála.

An sainrogha ‘Ná rianaigh mé’

Is teicneolaíocht é ‘Do Not Track’ (‘Ná rianaigh mé’) lena gcuirtear ar chumas cuairteoirí a shocrú nach ndéanfar iad a rianú ar shuíomhanna gréasáin ar aon chúis, lena n-áirítear úsáid na seirbhísí anailísíochta, na líonraí fógraíochta agus na n-ardán sóisialta.

Chun an rogha “ná rianaigh mé” a chumasú i do bhrabhsálaí lean an nasc cuí thíos:

Mura bhfuil do shainrogha brabhsálaí sa liosta brabhsálaithe thuas, tabhairt cuairt ar shuíomh gréasáin an díoltóra le haghaidh tuilleadh eolais.

Toiliú chun d’eispéireas brabhsála a bhailiú le haghaidh staitisticí anaithnidithe

Nuair a osclaítear leathanach a bhfuil Europa Analytics cumasaithe air, cláraíonn an tseirbhís sin an t-eispéireas brabhsála. San am céanna féadfaidh sé go dtaispeánfar meirge tiomnaithe, a thabharfaidh an rogha duit fianáin a ghlacadh nó a dhiúltú.

Má dhiúltaíonn tú do na fianáin, cuirfidh tú stop le húsáid sheirbhís Europa Analytics. Más é do rogha é, áfach, d’eispéireas brabhsála ar ár suíomhanna gréasáin a chur san áireamh mar chuid de na staitisticí anaithnide, cuirfidh tú ar ár gcumas feabhas suntasach a chur ar fheidhmíocht ár gcumarsáide, ar a for-rochtain agus ar a costéifeachtúlacht.

Má tá an rogha “Ná rianaigh mé” cumasaithe agat i do bhrabhsálaí gréasáin, cloífimid le do rogha agus ní dhéanfaidh an tseirbhís d’eispéireas brabhsála ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin a phróiseáil.

Ní chuirfidh an rogha gan d'eispéireas brabhsála a chur san áireamh i staitisticí anaithnide Europa Analytics, ní chuirfidh an rogha sin isteach ort agus tú ag dul ó leathanach go chéile ar ár suíomhanna gréasáin. Féadfaidh tú cinneadh a dhéanamh do thoiliú a tharraingt siar nó a thabhairt ag aon am. Chun do stádas reatha a fheiceáil agus chun do thoiliú a bhainistiú, cuir tic sa bhosca iomchuí thíos:

Rochtain shrianta ar fhaisnéis

Déantar gach cumarsáid faoi shonraí anailísíochta a chriptiú trí bhíthin an phrótacail HTTPS. Ní bheidh rochtain ar thuarascálacha anailíseacha anaithnidithe a ghineann Europa Analytics ach amháin trí Sheirbhís Fíordheimhniúcháin an Choimisiúin Eorpaigh (ECAS) ag baill foirne institiúidí Eorpacha nó ag fochonraitheoirí seachtracha atá údaraithe go iomchuí, a bhféadfadh sé a bheith de chúram orthu suíomhanna áirithe a anailísiú, a fhorbairt agus/nó a chothabháil, agus is acu siúd amháin a bheidh an rochtain sin.

Seoltaí IP cuairteoirí a anaithnidiú

Baineann Europa Analytics úsáid as meicníocht anaithnidithe a fholaíonn cuid de IP gach cuairteora, rud a fhágann go bunúsach go mbíonn sé dodhéanta cuairteoir ar leith ar Europa a aithint óna sheoladh IP.

Tabhair faoi deara go gcinntear an chathair agus an tír thionscnaimh ón seoladh IP iomlán chun críocha staidrimh, ansin stóráiltear agus comhiomlánaítear an t-eolas sin sula gcuirtear an masc anaithnidithe chun feidhme.

Logaí cuairteoirí

Scriosann Europa Analytics na sonraí neamh-chomhiomlánaithe anaithnide go huathoibríoch tar éis 13 mhí.

Stórálann an Coimisiún Eorpach sonraí comhiomlánaithe anaithnide ar feadh tréimhse éiginnte chun críocha anailíse.

Teagmháil

Is féidir aon cheist shonrach maidir le stóráil agus úsáid shonraí Europa Analytics a sheoladh isteach chugainn leis an bhfoirm theagmhála ar europa.eu