
Tá roinnt tograí curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú. Ach oiread le go leor áiteanna ar domhan, tá an Eoraip ag maireachtáil trí theannas geopholaitiúil atá ag dul i méid agus athruithe móra teicneolaíochta. Cruthaíonn sin roinnt dúshlán. Is mian linn a chinntiú freisin go mbeidh an tAontas fós ar cheann de na háiteanna is oscailte agus is tarraingtí don ghnó agus don infheistíocht. Sin é an fáth a bhfuil roinnt beart nua leagtha amach ag an gCoimisiún i réimsí na trádála agus an taighde.
Áirítear an méid seo a leanas ar na céimeanna a bhaineann le trádáil:
- feabhas a chur ar scagadh infheistíochtaí coigríche isteach san Aontas chun cosc a chur ar infheistíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do shlándáil an Aontais. Mar shampla, seiceáil go bhfuil sásra um scagadh i bhfeidhm ag gach Ballstát, le rialacha náisiúnta níos comhchuibhithe, agus raon feidhme na n-infheistíochtaí ba cheart a scagadh a leathnú.
- cur chuige níos comhordaithe a bheith ann maidir le heaspórtáil earraí dé-úsáide an Aontais – is é sin le rá earraí is féidir a úsáid chun críche sibhialta agus míleata araon (cuir i gcás ardleictreonaic) – chun a chinntiú nach bhfaigheann na daoine míchearta greim orthu
- tuiscint a fháil ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hinfheistíochtaí áirithe de chuid an Aontais thar lear. Mar shampla, an chaoi ar féidir ardteicneolaíochtaí a úsáid chun acmhainneachtaí míleata gníomhaithe a fheabhsú, ar gníomhaithe iad a d’fhéadfadh na hardteicneolaíochtaí sin a úsáid i gcoinne an Aontais.
Maidir le taighde, tá an Coimisiún ag féachaint ar bhealaí chun tacú le taighde agus forbairt i dteicneolaíochtaí is féidir a úsáid chun críoch éagsúil, agus ar conas slándáil taighde a fheabhsú ar fud an Aontais.
Leanann an pacáiste sin an Straitéis um Shlándáil Eacnamaíoch na hEorpa ó mhí an Mheithimh 2023, lenar leagadh síos an bonn don Aontas chun cur chuige cuimsitheach a fhorbairt ar mhaithe le slándáil eacnamaíoch an Aontais a chosaint.
Tuilleadh eolais
Beartas infheistíochta an Aontais
Earraí dé-úsáide a easpórtáil amach as an Aontas
Neamhspleáchas Straitéiseach agus Slándáil Eacnamaíoch agus Taighde na hEorpa
Geilleagar a fhóireann do dhaoine
Preaseisiúint: Tionscnaimh nua molta ag an gCoimisiún chun slándáil eacnamaíoch a neartú
Preaseisiúint maidir leis an Straitéis um Shlándáil Eacnamaíocht na hEorpa
- Dáta foilsithe
- 24 Eanáir 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide