
Tá an Eoraip ag téamh a dhá oiread níos tapúla ná an chuid eile den domhan agus tá a córais uisce faoi strus atá ag dul i méid. Bíonn tionchar ag an nganntanas uisce ar 30% de mhuintir na hEorpa agus ar 20% den talamh gach bliain. Déanta na fírinne, tá imní curtha in iúl ag 70% de shaoránaigh na hEorpa faoi thruailliú uisce agus ganntanas uisce, ach fós féin ní bhraitheann beagnach leath díobh go bhfuil siad go maith ar an eolas faoi fhadhbanna a bhaineann le huisce ina dtír féin.
Sin an fáth a seoladh an feachtas #WaterWiseEU le déanaí, tionscnamh a chuirfidh le hEoraip atá seasmhach ó thaobh uisce de faoi 2050.
Tá ár dtimthriall uisce, an próiseas trína ngluaiseann uisce trí thalamh, farraigí agus atmaisféar an Domhain, curtha as riocht agus ní mór é a dheisiú. Tá gníomhaíocht an duine agus an t-athrú aeráide ag déanamh damáiste d’éiceachórais agus tá níos mó galaithe, níos mó tuilte, níos mó triomaigh ann mar thoradh orthu – agus níos lú uisce ann dúinn féin agus do gach neach eile atá ag brath air.
Is é is aidhm don fheachtas cumarsáide #WaterWiseEU, a bheidh ar siúl go dtí an fómhar, feasacht a mhúscailt faoi sin agus aird a tharraingt ar an iliomad réiteach atá ar fáil. Ar na réitigh sin tá stóráil nádúrtha uisce a threisiú, screamhuisce a athlíonadh, agus sláinte ithreach a atógáil, chomh maith le bainistiú cliste uisce, éifeachtúlacht uisce agus athúsáid uisce.
Trí bheith ag obair as lámh a chéile, is féidir linn na dearcthaí atá ann cheana ar an uisce a athrú agus ‘Féach(aint) ar Uisce ar Bhealach Éagsúil’, mar a deir mana oifigiúil an fheachtais.
Tá roinnt acmhainní forbartha ag an bhfeachtas, cuir i gcás íomhánna agus teachtaireachtaí réamhdhéanta, atá á gcur ar fáil do chomhpháirtithe an fheachtais lena n-úsáid. Spreagtar comhpháirtithe chun na hacmhainní sin a úsáid le comhrá a spreagadh, imeachtaí a eagrú agus ailíniú lena ngníomhartha cumarsáide féin.
Tuilleadh eolais
- Dáta foilsithe
- 11 Iúil 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
An nuacht ghaolmhar
Léirítear sa tuarascáil is déanaí maidir le huisce snámha an Aontais go bhfuil caighdeán ‘den scoth’ ag formhór na n-uiscí cósta agus na láithreán snámha intíre. Faigh tuilleadh eolais.
EU rules that update the lists of pollutants in surface and groundwaters have entered into force, aiming to improve water resilience and reduce pollution.
Léigh faoi thuarascálacha nua ar staid dhobharlaigh an Aontais, faoi reachtaíocht chun uiscí an Aontais a chosaint agus faoi mholtaí an Aontais do na Ballstáit
Léigh faoi thuarascáil ina gcuirtear i dtábhacht gur chomhlíon formhór mór na láithreacha uisce snámha san Eoraip - 85.4% - na caighdeáin cáilíochta snámha ‘den scoth’ is déine de chuid an Aontais in 2023