
An 31 Eanáir phléigh na rannpháirtithe ag Cruinniú Mullaigh na gComhpháirtithe Sóisialta in Val Duchesse conas aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin eacnamaíocha agus lucht saothair tríd an idirphlé sóisialta a neartú. Rinne Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Príomh-Aire na Beilge, Alexander De Croo an imeacht a chomhóstáil.
Ag an gCruinniú Mullaigh, tháinig an Coimisiún, Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha ar chomhaontú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna: Tá gá le hoibrithe oilte agus le poist ar ardchaighdeán chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais. Cuireann ganntanais lucht saothair agus scileanna bac ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí beaga agus meánmhéide. Dá bhrí sin, ní mór dúinn feabhas a chur ar dhálaí oibre, níos mó daoine a thabhairt isteach sa mhargadh saothair, é a dhéanamh níos éasca aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí, agus oibrithe a thagann ó thíortha eile a lánpháirtiú. I gcomhréir leis an méid sin, cuirfidh an Coimisiún plean gníomhaíochta i láthair chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair agus scileanna in earrach 2024.
- An t-idirphlé sóisialta a threisiú: Tá gá leis an idirphlé sóisialta chun freagairt ar dhálaí eacnamaíocha agus sóisialta atá ag athrú, agus chun oiriúnú dóibh. Tá an Coimisiún tiomanta an t-idirphlé sóisialta a neartú ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta trí Thoscaire tiomanta don Idirphlé Sóisialta Eorpach a bhunú agus trí Chomhshocrú don Idirphlé Sóisialta Eorpach a sheoladh.
Tagraíonn an t-idirphlé sóisialta do phléití, don chaibidlíocht agus do ghníomhaíochtaí comhpháirteacha le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’fhostóirí agus d’oibrithe na hEorpa. Tá an méid sin ríthábhachtach don rathúnas eacnamaíoch, chun feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre, chun iomaíochas ghnólachtaí an Aontais a chothú, agus chun cabhrú le hathruithe a thuar agus a bhainistiú, amhail i bhfianaise an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh.
Chuir Jacques Delors, Uachtarán an Choimisiúin mar a bhí ag an am, tús le Val Duchesse in 1985. A bhuí leis an idirphlé sóisialta Eorpach, tá dálaí fostaíochta, oideachais, oiliúna, chomh maith le saincheisteanna sóisialta eile, á neartú le 40 bliain anuas.
Tuilleadh eolais
Óráid ón Uachtarán von der Leyen ag Cruinniú Mullaigh Val Duchesse
Geilleagar a fhóireann do dhaoine
- Dáta foilsithe
- 31 Eanáir 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide