Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Jacques Delors, with the EU flag behind
Jacques Delors (1925-2023)

Chothaigh Jacques Delors an fhís a bhí aige go mbeidh an Eoraip aontaithe. Bhí sé go mór i bhfách lánpháirtiú iarchogaidh na hEorpa agus ba é a bhí taobh thiar den Aontas Eorpach mar atá aithne againn air sa lá atá inniu ann. Bhí sé ina Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach ar feadh trí théarma, ó Eanáir 1985 go dtí deireadh 1994, tréimhse inar léiríodh tiomantas domhain don tsaoirse, don cheartas sóisialta agus don dlúthpháirtíocht. Is luachanna iad sin atá fréamhaithe anois san Aontas seo againne.

Cailleadh Jacques Delors an 27 Nollaig 2023 agus 98 mbliana slánaithe aige.

"Allons, courage, le Printemps de l’Europe est toujours devant nous!" 

Jacques Delors

Ómós an Choimisiúin do Jacques Delors

Duine aislingeach a bhí in Jacques Delors a rinne an Eoraip níos láidre. Bhí tionchar mór ag a chuid oibre ar shaol na nglúnta Eorpacha, mo cheann féin san áireamh. Táimid fíorbhuíoch den mhéid a rinne sé dúinn.

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen.
Jacques Delors at the 28 May 1986, ceremony inaugurating the adoption of the European flag
Jacques Delors

Anam a thabhairt don Eoraip

Na príomhéachtaí a bhain Jacques Delors amach

Mar Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, d’éirigh le Jacques Delors tionscadal an Aontais Eorpaigh a thabhairt ar aghaidh a bhuí lena dhíograis agus leis an bhfís a bhí aige don Eoraip.

Anseo thíos tá cuid de na héachtaí a bhain sé amach dúinn.

  • Margadh aonair an Aontais Eorpaigh

    An margadh aonair is mó ar domhan, lena gcinntítear saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine 

  • Conradh Maastricht

    An tsaoránacht Eorpach, comhbheartas eachtrach agus slándála, nós imeachta reachtach comhchinnteoireachta, bunús an euro agus bunús an Aontais Eorpaigh

  • Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

    Comhordú na mbeartas eacnamaíoch agus fioscach, comhbheartas airgeadaíochta, agus airgeadra coiteann, an euro.

  • Clár Erasmus

    Gach bliain, tugann breis agus 650,000 mac léinn, oiliúnaí, dalta, oibrí deonach agus múinteoir faoi staidéir, oiliúint, múinteoireacht agus obair dheonach

Searmanas Náisiúnta in Ómós do Jacques Delors

D’fhreastail an tUachtarán von der Leyen ar shearmanas in ómós do Jacques Delors i bPáras, an 5 Eanáir 2024.