Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 11 Feabhra 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Le chéile ar mhaithe le hidirlíon níos fearr

Photo session for COMM A2 Youth Catalogue – Outside location photos

 

Cuireann an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte úsáid níos sábháilte agus níos freagraí as teicneolaíocht ar líne chun cinn, go háirithe do leanaí agus do dhaoine óga. 

I mbliana beidh sé ar siúl an 11 Feabhra agus iarrtar ar pháirtithe leasmhara ar fud an domhain céimeanna nithiúla a dhéanamh chun an t-idirlíon a dhéanamh níos sábháilte agus níos cuimsithí do chách. Beidh ceiliúradh agus gníomhaíochtaí feasachta ar siúl i rith mhí Feabhra agus tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht. 

San Aontas Eorpach úsáideann 97% de dhaoine óga an t-idirlíon go laethúil. Tá an tAontas tiomanta a chinntiú go mbeidh gach duine sábháilte ar líne. Ós rud é go bhfuil na mionaoisigh ar na grúpaí is leochailí, tá béim ar leith curtha ag an Aontas ar a gcosaint trí thionscnaimh éagsúla: 

  • An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha: dul i ngleic leis an gcibearbhulaíocht, le hábhar neamhdhleathach, leis an mbréagaisnéis agus le rudaí eile nach iad. Sainordaítear ann go gcuirfidh ardáin ar líne coimircí níos láidre i bhfeidhm do mhionaoisigh, ina measc sin rialuithe tuismitheoirí, fíorú aoise agus teorainneacha ar fhógraíocht spriocdhírithe. 
  • Líonra na nIonad d’Idirlíon Níos Sábháilte: feachtais feasachta, línte cabhracha, beolínte agus seirbhísí rannpháirtíochta óige a chur ar fáil. Cuireann siad uirlisí agus eolas ar fáil do leanaí, do thuismitheoirí agus d’oideoirí chun bagairtí ar líne a aithint agus ábhar díobhálach a thuairisciú. 
  • Idirlíon níos fearr do leanaí: straitéis chun eispéiris dhigiteacha níos sábháilte a chruthú do leanaí. Cosnaíonn an straitéis iad ar ábhar díobhálach agus neamhdhleathach, cruthaíonn sí timpeallacht dhigiteach atá oiriúnach ó thaobh aoise de, tugann sí na scileanna digiteacha is gá dóibh chun iad a chumhachtú agus tacaíonn sí lena rannpháirtíocht i múnlú beartas idirlín. 

Cuireadh tús leis an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte mar thionscnamh de chuid an Aontais in 2004, agus is gluaiseacht dhomhanda anois é a cheiliúrtar in os cionn 180 tír gach bliain. Trí oibriú le chéile, cuidíonn lucht déanta beartas, ionadaithe tionscail, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, oideoirí agus na daoine óga féin chun domhan digiteach níos sábháilte a chruthú do na glúnta atá le teacht. 

Tuilleadh eolais 

Lá na Sábháilteachta Idirlín 

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha 

Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte 

Idirlíon níos fearr do leanaí 

Sonraí

Dáta foilsithe
11 Feabhra 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide