In 2024 tháinig thart ar 4.6 billiún coinsíneacht ar luach íseal (luach €150 nó níos lú) isteach i margadh an Aontais, sin 12 mhilliún beartán go laethúil agus a dhá oiread níos mó ná an bhliain roimhe sin. Bhí go leor de na táirgí sin neamhchomhlíontach le dlíthe an Aontais agus is ábhar imní é maidir le táirgí díobhálacha a thagann isteach san Aontas, iomaíocht éagórach do dhíoltóirí comhlíontacha an Aontais, agus tionchar comhshaoil na holl-loingseoireachta. Mhol an Coimisiún na gníomhaíochtaí seo a leanas ina bhosca uirlisí maidir le ríomhthráchtáil shábháilte inbhuanaithe: Custam a athchóiriú: a spreagadh go nglacfaí go pras an tAthchóiriú ar an Aontas Custaim agus a mholadh go gcuirfí deireadh leis an díolúine ó dhleacht do bheartáin ar luach íseal, chun go bhféadfar rialacha nua a chur i bhfeidhm go tapa chun cothroime iomaíochta a bhaint amach Bearta maidir le hearraí allmhairithe a threisiú: rialuithe comhordaithe a sheoladh idir údaráis chustaim agus údaráis um fhaireachas margaidh agus gníomhaíochtaí comhordaithe maidir le sábháilteacht táirgí Tomhaltóirí a chosaint i margaí ar líne: an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a fhorfheidhmiú, an Gníomh um Margaí Digiteacha a fhorfheidhmiú, an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí a fhorfheidhmiú, agus an Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí a fhorfheidhmiú Uirlisí digiteacha a úsáid: maoirseacht a dhéanamh ar thírdhreach na ríomhthráchtála tríd an bPas Táirge Digiteach agus uirlisí nua intleachta saorga Bearta comhshaoil a fheabhsú: plean gníomhaíochta a ghlacadh i ndáil leis an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus tacú le leasuithe ar an Treoir Réime Dramhaíola Feasacht a ardú: tomhaltóirí agus trádálaithe a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina rioscaí Borradh a chur faoin gcomhar idirnáisiúnta agus faoin trádáil idirnáisiúnta: oiliúint a chur ar chomhpháirtithe nach den Aontas iad maidir le sábháilteacht táirgí an Aontais agus dul i ngleic le dumpáil agus fóirdheonú Iarrann an Coimisiún ar thíortha an Aontais, ar chomhreachtóirí agus ar pháirtithe leasmhara oibriú le chéile agus na bearta sin a chur i bhfeidhm. Laistigh de bhliain, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus féadfaidh sé bearta breise a mholadh más gá. Déanann thart ar 70% de mhuintir na hEorpa siopadóireacht ar líne go rialta, ar ardáin ríomhthráchtála nach den Aontas ina measc sin. Cé go bhfuil go leor buntáistí ag baint leis an ríomhthráchtáil do thomhaltóirí, do ghnólachtaí agus do gheilleagar an Aontais, tá dúshláin áirithe ag baint léi freisin. Is é is aidhm don tionscnamh nua cothromaíocht a bhaint amach idir cosaint tomhaltóirí, iomaíocht chóir agus inbhuanaitheacht, agus margadh ríomhthráchtála sábháilte ardcháilíochta a chothú san Aontas ag an am céanna. Tuilleadh eolais Preaseisiúint: Gníomhaíochtaí maidir le hallmhairí ríomhthráchtála sábháilte inbhuanaithe fógartha ag an gCoimisiún Teachtaireacht maidir le bosca uirlisí cuimsitheach de chuid an Aontais don ríomhthráchtáil shábháilte inbhuanaithe Bileog eolais faoin Teachtaireacht Ceisteanna agus Freagraí maidir leis an Teachtaireacht Safety Gate: córas mear-rabhaidh an Aontais Eorpaigh maidir le táirgí contúirteacha neamhbhia Sonraí Dáta foilsithe5 Feabhra 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide