
Le linn mórchlistí cumhachta, tubaistí nádúrtha, coinbhleachtaí nó paindéimí, tá sé barrthábhachtach a bheith in ann earraí riachtanacha a rochtain, amhail bia, uisce, ola, breosla agus cógais. Tá dhá straitéis curtha chun cinn ag an gCoimisiún atá ceaptha feabhas a chur ar an rochtain sin le linn géarchéimeanna: straitéis stoc-charntha de chuid an Aontais agus straitéis frithbheart leighis.
Is í an straitéis stoc-charntha an chéad chur chuige cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le stoc-charnadh. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí sa straitéis tá:
- líonra stoc-charntha de chuid an Aontais a bhunú le tíortha an Aontais chun comhar agus comhordú a chinntiú
- bearnaí agus dúbailtí stoic a shainaithint
- stoc-chairn a leathnú ar leibhéal an Aontais
- feabhas a chur ar iompar agus lóistíocht le haghaidh mearfhreagairt ar ghéarchéimeanna
- comhpháirtíochtaí sibhialta-míleata, comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn
Tá rochtain ar uirlisí leighis tarrthála chomh tábhachtach céanna le linn éigeandála. Féachann an straitéis frithbheart leighis le dlús a chur lena bhforbairt, lena dtáirgeadh, lena n-úsáid agus lena n-inrochtaineacht, trí ghníomhaíochtaí a bhfuil an méid seo a leanas ina measc:
- vacsaíní fliú, antaibheathaigh le haghaidh frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus frithvíreasaigh a chur chun cinn, agus feabhas a chur ar an rochtain ar fhrithbhearta ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha
- borradh a chur faoin bhfaisnéis agus faoin bhfaireachas
- dlús a chur leis an nuálaíocht
- táirgeadh inscálaithe a chinntiú
- feabhas a chur ar rochtain ar chógais leighis agus ar a gcur in úsáid
- comhar domhanda agus comhar trasearnála a neartú
Tá an dá thogra sin ina gcuid de straitéis um aontas na hullmhachta darb aidhm feabhas a chur ar chumas an Aontais bagairtí atá ag teacht chun cinn a chosc agus freagairt orthu. Tagann sé sin agus géarchéimeanna agus dúshláin roimh an Aontas atá ag éirí níos casta, idir theannais gheopholaitiúla atá ag dul i méid, bagairtí cibearshlándála, an t-athrú aeráide agus tubaistí nádúrtha méadaitheacha.
Tuilleadh eolais
Tuilleadh eolais faoin ullmhacht san Aontas
Tuilleadh eolais faoi stoc-charnadh
Ceisteanna agus freagraí maidir leis an Straitéis um Fhrithbhearta Leighis
- Dáta foilsithe
- 9 Iúil 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide