Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Acmhainneacht na réigiún is forimeallaí den Aontas a bhaint amach

  • Alt nuachta
  • 10 Meán Fómhair 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
A beach of Faïal, in the Azores, Portugal

 

Tá cónaí ar 5 mhilliún duine sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, is iad sin Guáin na Fraince, Guadalúip, Martinique, Mayotte, La Réunion, Saint-Martin (an Fhrainc), na hAsóir, Maidéara (an Phortaingéil), agus na hOileáin Chanáracha (an Spáinn), agus is iad na críocha is iargúlta atá aige. Leathnaíonn siad láithreacht an Aontais ar fud an domhain agus tá príomhról geostraitéiseach acu. Tá straitéis nua curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún lena gcinnteofar gur féidir leis na réigiúin iargúlta sin a n-acmhainneacht a bhaint amach go hiomlán, le tacaíocht níos láidre, athléimneacht níos fearr agus deiseanna níos cothroime dá bpobail. 

Tá oiriúnuithe spriocdhírithe ar dhlíthe an Aontais molta ag an gCoimisiún freisin chun léiriú níos fearr a thabhairt ar réaltachtaí agus srianta uathúla na réigiún is forimeallaí. Cuireadh na tograí in oiriúint do riachtanais na réigiún lena mbaineann agus cumhdaítear leo réimsí amhail an talmhaíocht, an fhoraoiseacht, an t-iascach, an imirce agus an cánachas. 

Tá an straitéis bunaithe ar cheithre chuspóir, is iad sin: 

  • An acmhainneacht gheostraitéiseach a shaothrú agus an comhtháthú réigiúnach a neartú: beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais a ailíniú ar bhealach níos fearr chun comhar níos doimhne a bheith ann le tíortha comharsanachta. 
  • An t-iomaíochas agus an rochtain ar an margadh aonair a mhéadú: tacú leis an speisialtóireacht chliste i réimsí iomaíocha áitiúla amhail an geilleagar gorm, an fuinneamh in-athnuaite, an bhith-theicneolaíocht, an taighde agus an spás.  
  • Feabhas a chur ar an athléimneacht agus ar an ullmhacht: feabhas a chur ar an oiriúnú don athrú aeráide agus dul i ngleic le dúshláin, sin agus an bhithéagsúlacht a chosaint ar bhealach níos fearr san am céanna. An fhreagairt ar thubaistí a neartú, tacú leis an neamhspleáchas fuinnimh, bonneagar criticiúil amhail calafoirt agus cáblaí fomhuirí a chosaint, agus an tslándáil bia agus an neamhthuilleamaíocht a threisiú tríd an talmhaíocht agus tríd an iascach. 
  • An chothroime shóisialta a chur chun cinn agus tacú le daoine: cuidiú le poist a chruthú, rochtain ar oideachas, tithíocht inacmhainne, uisce glan agus cúram sláinte a fheabhsú, an bhochtaineacht a laghdú, agus tacú le ceart daoine fanacht san áit ar a dtugann siad baile, daoine óga go háirithe. 

Ar leibhéal níos leithne, tá an tAontas ag cinntiú freisin go bhfuil a thacaíocht do na réigiúin is forimeallaí níos comhleanúnaí ar an iomlán. Mar shampla, cuimsítear sa togra ón gCoimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais roinnt forálacha tábhachtacha do na réigiúin sin. Is amhlaidh atá leis an nGníomh um Sholáthar Poiblí, lena mbeifear in ann rialacha soláthair áirithe a chur in oiriúint do shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí. 

Cuirfidh an Coimisiún cás sonrach na réigiún is forimeallaí san áireamh agus tionscnaimh á n-ullmhú aige amach anseo. Is é is aidhm dó comhpháirtíocht láidir a chothú idir na réigiúin sin, Ballstáit den Aontas agus an Coimisiún, mar shampla trí idirphlé struchtúrtha bliantúil agus tairseach thiomnaithe ar líne.  

 

Tuilleadh eolais 

Bileog eolais 

Straitéis an Aontais um na réigiúin is forimeallaí - Teachtaireacht 

Tairseach nua na réigiún is forimeallaí 

Preaseisiúint: Fís straitéiseach nua do na réigiúin is forimeallaí, lena neartófar tionchar domhanda an Aontais 

 

Dáta foilsithe
10 Meán Fómhair 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide