Cuidíonn iriseoireacht neamhspleách, agus í bunaithe ar fhíricí, lenár ndaonlathas a chosaint trí sholas a chaitheamh ar éagóracha, ceannairí a thabhairt chun cuntais agus ligean do shaoránaigh cinntí feasacha a dhéanamh. Iriseoirí a bhíonn ag obair i mbaol mór pearsanta uaireanta, ba cheart go mbeadh siad in ann oibriú gan bhac agus go sábháilte. Tá an méid sin i gcroílár luachanna agus dhaonlathais an Aontais. An tseachtain seo, tiocfaidh dhá phíosa reachtaíochta de chuid an Aontais i bhfeidhm lena gcinnteofar cosaint níos fearr d’iriseoirí agus lena dtacófar a thuilleadh le saoirse na meán: Ón 6 Bealtaine 2024 i leith, beidh feidhm ag rialacha nua i gcoinne Cásanna Dlí Straitéiseacha i gCoinne Rannpháirtíocht an Phobail (SLAPPanna), lena gcuirfear uirlisí ar fáil d’iriseoirí agus do chosantóirí chearta an duine chun dul i ngleic le himeachtaí cúirte atá mí-úsáideach. An 7 Bealtaine 2024, tiocfaidh an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán i bhfeidhm. Tacaíonn sé le neamhspleáchas eagarthóireachta agus iolrachas na meán, feabhsaíonn sé trédhearcacht agus cothroime, agus cuireann sé comhar níos fearr chun cinn idir údaráis na meán trí Bhord Eorpach nua um Sheirbhísí Meán. Tá na tionscnaimh sin mar chuid de straitéis Eorpach do na meáin, iad ag tógáil ar an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach agus ar an bPlean Gníomhaíochta Meán agus Closamhairc. Léirítear i staidéar a rinneadh le déanaí freisin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag tíortha an Aontais i dtaca leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí a chur chun feidhme. Cuideoidh na rialacha nua lena chinntiú gur féidir le hiriseoirí a gcuid oibre a dhéanamh i dtimpeallacht shláintiúil meán. Tuilleadh eolaisAn Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán Rialachán lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán)Treoir an Aontais maidir le daoine a bhíonn ag gabháil do rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí’)Na meáin agus an cultúr digiteach Na meáin agus an t-iolrachasAn Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas EorpachAn Plean Gníomhaíochta Meán agus Closamhairc Staidéar ar bhearta chun sábháilteacht iriseoirí a fheabhsú Físéan maidir le cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPPanna) Sonraí Dáta foilsithe7 Bealtaine 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide