Tá sé de cheart ag na glúnta amach anseo maireachtáil i ndomhan atá glan rathúil cothrom. Is é is ciall leis sin nach mór na cinntí a dhéanaimid anois chun an sprioc sin a bhaint amach a dhéanamh ar bhealach lena gcinnteofar cothromaíocht chóir idir tairbhí agus ualaí ar fud na nglúnta atá ann faoi láthair agus na nglúnta atá le teacht. Tá a chéad straitéis um an gcothroime idir na Glúine glactha ag an gCoimisiún, lena gcuirtear smaointeoireacht fhadtéarmach sa rialachas chun cinn agus lena gcinntítear go mbeidh guth níos láidre ag daoine óga ó thaobh beartais a mhúnlú.Chun an sprioc sin a bhaint amach, leagtar amach sa straitéis roinnt gníomhaíochtaí, mar shampla:innéacs cothroime idirghlúine a fhorbairt chun tomhas a dhéanamh ar cé chomh maith agus atá tíortha ag cosaint thodhchaí na nglúnta óga agus na nglúnta atá le teacht. Beidh sin ina chuidiú chun deiseanna agus bearnaí a shainaithint, bonn eolais a chur faoi chinntí beartais agus an chothroime a chur chun cinn ó ghlúin go chéile.sraith straitéisí maidir le ceapadh beartas litearthachta a fhorbairt amach anseo do riaracháin phoiblí ar fud thíortha an Aontaisfóram déimeagrafaíochta a eagrú chun forbairtí déimeagrafacha a phlétionscnamh dar teideal ‘Guthanna na Todhchaí’ a sheoladh lena n-iarrtar ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha páirt a ghlacadh i múnlú thodhchaí a réigiúnCuireann an straitéis treoir choiteann ar fáil freisin do thionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais – idir oideachas cuimsitheach agus tithíocht inacmhainne – atá ag cur cheana féin leis an gcothroime idirghlúine.Tá sí á glacadh tráth a bhfuil méadú ag teacht ar iarrachtaí domhanda chun cur chuige fadtéarmach a ghlacadh i leith pleanáil agus beartais. Ag Cruinniú Mullaigh 2024 na Náisiún Aontaithe don Todhchaí, d’fhormhuinigh an tAontas agus a Bhallstáit an Comhshocrú don Todhchaí agus an Dearbhú maidir leis na Glúine amach anseo. Tuilleadh eolaisPreaseisiúint - An chéad Straitéis riamh um an gCothroime idir na Glúine curtha i láthair ag an gCoimisiúnBileog eolaisPainéal Saoránach Eorpach maidir le Cothroime Idirghlúine An tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus an Chothroime Idirghlúine Sonraí Dáta foilsithe5 Márta 2026ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide