Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An mbeidh tú 18 mbliana d’aois go luath? Déan iarratas ar phas taistil DiscoverEU saor in aisce

  • Alt nuachta
  • 8 Aibreán 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Happy young people

 

An bhfuil tú 18 mbliana d’aois, agus cónaí ort i gceann de thíortha den Aontas nó i dtír atá páirteach in Erasmus+, agus tú ag iarraidh an Eoraip a nochtadh duit féin? Seo do dheis! 

pasanna taistil DiscoverEU á dtairiscint ag an Aontas do dhaoine óga a roghnófar chun taisteal san Aontas agus i dtíortha atá bainteach le Erasmus+, agus iad a nochtadh dóibh féin. Is féidir iarratas a dhéanamh anois – déaniarratas roimh an 22 Aibreán 2026. Is féidir leat taisteal le grúpa cairde má chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta agus má chuireann sibh an t-iarratas isteach le chéile.

Má roghnaítear thú, gheobhaidh tú pas taistil le haghaidh na modhanna iompair is neamhdhíobhálaí don chomhshaol, mar shampla traenacha (nó modhanna eile iompair i gcásanna sonracha). Is féidir leat taisteal ar feadh suas le 7 lá laistigh de thréimhse aon mhí amháin, am ar bith idir an 1 Iúil 2026 agus an 30 Meán Fómhair 2027. Gheobhaidh tú cárta lascaine DiscoverEU freisin le haghaidh lear mór lascainí ar lóistín, imeachtaí cultúir, imeachtaí spóirt, iompar áitiúil, agus seirbhísí eile nach iad.

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat a fhágann go mbeidh an taisteal dúshlánach duit, is féidir leat cúnamh agus tacaíocht a fháil.

Ceann de phríomhthosaíochtaí an Aontais is ea tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga. Is cuid de chlár Erasmus+ é DiscoverEU. Tugann sé an deis do dhaoine atá 18 mbliana d’aois taisteal agus eolas a chur ar éagsúlacht na hEorpa, foghlaim faoina hoidhreacht chultúrtha agus a stair, agus nascadh le daoine ó áiteanna ar fud na mór-roinne. 

Tuilleadh eolais

DiscoverEU – déan iarratas anois!

Cothroime shóisialta na hEorpa

Gnéscéal – Óige na hEorpa: Bí uaillmhianach. Déan gníomh anois.

Sonraí

Dáta foilsithe
8 Aibreán 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide