Táimidne ag ceiliúradh anseo: ar an 25 Feabhra, beidh 30 bliain ar an bhfód á chomóradh ag ár suíomh gréasáin Europa. Rud a thosaigh mar shuíomh gréasáin a bhí beag go leor le cur ar CD-Rom, is fearann gréasáin anois é a chuimsíonn 800 suíomh gréasáin, agus a mheallann timpeall 300 milliún cuairteoir in aghaidh na bliana. Le 30 bliain anuas, tá suíomh gréasáin Europa dílis don bhunmhisean a bhí aige: an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire do na saoránaigh agus an méid a dhéanann an tAontas dóibh a chur in iúl. Sheol an Coimisiún Eorpach suíomh gréasáin Europa in 1995, díreach in am don chomhdháil G7 a bhí ar siúl ag an am. Le linn an imeachta sin, seo mar a labhair Klaus Hänsch, a bhí ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa ag an am: “Ní mór rochtain ar eolas i dtaobh eolais a bheith ar fáil do chách” – rud atá fós fíor sa lá atá inniu ann. I ré seo na bréagaisnéise, teastaíonn eolas iontaofa ó dhaoine ó fhoinsí ar féidir leo muinín a bheith acu astu, agus is dó sin a sheasann fearann Europa. Is é an Coimisiún a d’oibrigh bunsuíomh gréasáin Europa agus foilsíodh i dtrí theanga é. Ós rud é nach raibh ríomhphoist ar fáil go forleathan ag an am, ba ghnách le foireann an tsuímh gréasáin eolas a fháil trí fhacs ó sheirbhísí éagsúla agus í a athchlóscríobh de láimh sula bhfoilseofaí ar an suíomh gréasáin í. Tá an-dul chun cinn déanta ar an suíomh ó shin i leith. Tá méadú tagtha ar líon na n-ábhar, tá institiúidí eile de chuid an Aontais ag plé leis anois freisin, agus tá an teicneolaíocht ag dul chun cinn i gcónaí. Foilsíonn Europa faisnéis anois i 24 theanga agus i dteangacha áirithe eile nach teangacha de chuid an Aontais iad, amhail an Úcráinis, an tSínis agus an Araibis. Tá cartlanna againn ina bhfuil píosaí scannáin agus grianghraif de Europa, cuid acu a dhéanann comóradh ar thráthanna cinniúna inár stair. Stóráiltear iad ar Sheirbhís Closamhairc an Aontais Eorpaigh, agus tá comóradh dá cuid féin á cheiliúradh ag an tseirbhís sin in éineacht linn. Cuirimid ár mbeannacht chucu! Tuilleadh eolais Ó na cartlanna: féach an chéad suíomh gréasáin de chuid Europa Ó na cartlanna: féach seanleaganacha de Europa Ó na cartlanna: preasráiteas ina bhfógraítear seoladh Europa Sonraí Dáta foilsithe25 Feabhra 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide