
Cuirfear tús an tseachtain seo le Seachtain Eorpach an Spóirt 2024, tionscnamh de chuid an Aontais chun feasacht a mhúscailt faoi na buntáistí a bhaineann le fanacht gníomhach. Gach bliain idir an 23 agus an 30 Meán Fómhair, tugann an Coimisiún Eorpach cuireadh do shaoránaigh de gach aois agus ó gach cúlra páirt a ghlacadh in imeachtaí agus i ngníomhaíochtaí lena ndéantar stíl mhaireachtála ghníomhach a cheiliúradh.
Seoladh an tionscnamh den chéad uair in 2015 chun aghaidh a thabhairt ar an laghdú atá ag teacht ar an leibhéal gníomhaíochta coirp ar fud na hEorpa. Spreagann an tseachtain gach duine chun páirt a ghlacadh i spórt agus i ngníomhaíocht choirp trí aird a tharraingt ar na buntáistí a bhaineann lenár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach araon.
Ó tharla gur reáchtáladh na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Para-Oilimpeacha san Eoraip an samhradh seo, dírítear i mbliana ar chomhluachanna an Aontais agus na gCluichí Oilimpeacha. Ina measc sin, tá:
- Cuimsiú – Is do chách an spórt, ní lúthchleasaithe amháin
- Folláine – Cuireann an spórt borradh faoin bhféinmheas agus cuireann sé sláinte níos fearr chun cinn
- Muintearas – Cuireann an spórt deiseanna ar fáil chun bualadh le daoine eile agus chun na glúnta a thabhairt le chéile
Ar fud na hEorpa, beidh imeachtaí éagsúla ar siúl chun a chinntiú go mbeidh rud éigin ann do chách, beag beann ar do leibhéal aclaíochta nó ar do chúlra. I rith na seachtaine, beidh an deis agat freastal ar ghníomhaíochtaí ar nós ceardlanna, comórtais, cluichí, siúlóidí agus rití, laethanta oscailte i gclubanna spóirt, agus i bhfad níos mó.
Seo do sheans triail a bhaint as spórt nua, teagmháil a dhéanamh le daoine eile, agus tús a chur le turas i dtreo stíl mhaireachtála níos sláintiúla. Seo chugainn #BeActive!
Tuilleadh eolais
Seachtain Eorpach an Spóirt 2024
Seachtain Eorpach an Spóirt 2024 – Aimsigh imeacht gar duit
- Dáta foilsithe
- 23 Meán Fómhair 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide