Tugadh i gcrích pacáiste beart an Aontais chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tá spriocanna aeráide atá ceangailteach ó thaobh dlí ag an Aontas anois, spriocanna a chumhdaíonn príomhearnálacha uile an gheilleagair tar éis dó an dá thogra dheireanacha a ghlacadh: an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus an Rialachán Eitlíochta ReFuelEU. Deis atá sa chloch mhíle sin chun iomaíochas agus athléimneacht an Aontais a chothú, agus léiríonn sé go bhfuil a ghealltanas á chomhlíonadh ag an Aontas maidir leis an aistriú glas a mhúnlú ar mhaithe leis na saoránaigh agus leis na tionscail. Agus COP28 ar na bacáin, is é sin Comhdháil ríthábhachtach na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, tá a gealltanais dearbhaithe ag an Eoraip agus tá sí ar a bealach chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Tá an méid seo a leanas sa phacáiste reachtaíochta ‘Oiriúnach do 55’: spriocanna maidir le hastaíochtaí a laghdú thar raon leathan earnálacha sprioc maidir le linnte carbóin nádúrtha a threisiú córas trádála astaíochtaí nuashonraithe chun astaíochtaí a theorannú, praghas a chur ar thruailliú agus infheistíochtaí a ghiniúint san aistriú glas tacaíocht shóisialta do shaoránaigh agus do ghnólachtaí beaga Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha lena chinntiú go n-íoctar praghas coibhéiseach carbóin ar earraí iompórtáilte in earnálacha spriocdhírithe spriocanna nuashonraithe maidir le fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh gealltanas chun deireadh a chur de réir a chéile le feithiclí truaillitheacha nua faoi 2035 agus bearta chun borradh a chur faoin mbonneagar luchtaithe agus faoin úsáid a bhaintear as breoslaí malartacha san iompar de bhóthar, sa loingseoireacht agus san eitlíocht Tuilleadh eolais An pacáiste dlíthe ‘Oiriúnach do 55’ a chur i gcrích An Comhaontú Glas don Eoraip Tuilleadh eolais faoi thograí nithiúla lena gcuirtear an Comhaontú Glas i gcrích Preaseisiúint: Fáilte curtha ag an gCoimisiún roimh chur i gcrích phríomhreachtaíocht ‘Oiriúnach do 55’, rud a chuir an tAontas ar an mbóthar ceart chun spriocanna 2030 a shárú Físeán ina ndéantar achoimre ar a bhfuil bainte amach leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ Sonraí Dáta foilsithe9 Deireadh Fómhair 2023ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide