Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 24 Feabhra 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Tacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin athdhearbhaithe ag an Aontas ar chomóradh an ionraidh

College visit Kyiv

 

I mí Feabhra 2022 chuir an Rúis tús le hionradh míleata iomlán ar an Úcráin. D’fhreagair an tAontas go pras agus go cinntitheach, cháin sé fogha gan chúis gan údar na Rúise, d’fhorchuir sé smachtbhannaí fadréimseacha, agus thug sé tacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin. Tá an tAontas tiomanta i gcónaí tacú leis an Úcráin go dtí go mbainfidh sí síocháin chóir bhuan amach. 

Freagairt láidir chuimsitheach ón Aontas 

Chuir an tAontas beagnach €135 bhilliún i dtacaíocht ar fáil don Úcráin, cabhair eacnamaíoch, mhíleata, airgeadais agus dhaonnúil ina measc. Leanann sé de bheith ag obair le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun tacaíocht leanúnach a chinntiú agus chun an Rúis a thabhairt chun cuntais.  

Le smachtbhannaí diana, rinneadh geilleagar agus cumais chogaidh na Rúise a lagú go mór. Tá an tAontas ag obair freisin lena chinntiú go dtabharfar na daoine atá freagrach as a gcoireanna cogaidh chun cuntais tríd an Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha san Úcráin sa Háig. 

Síocháin, atógáil agus todhchaí Eorpach na hÚcráine 

Ar chomóradh trí bliana an ionraidh, tá cuairt á tabhairt ag an Uachtarán von der Leyen agus ag Coláiste na gCoimisinéirí ar Chív. Tá an tUachtarán ag bualadh le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy, agus le chéile, tá siad ina gcomhchathaoirligh ar chruinniú idir an Coláiste agus an Rialtas chun todhchaí na hÚcráine mar náisiún saor ceannasach a phlé.  

Leanann an tAontas de bheith ag obair leis an Úcráin maidir lena próiseas aontachais leis an Aontas. Is léiriú é dul chun cinn na hÚcráine i dtreo ballraíochta san Aontas toil mhuintir na hÚcráine le haghaidh athchóirithe daonlathacha agus todhchaí Eorpach.  

Tar éis an chogaidh, beidh atógáil fhairsing ag teastáil ón Úcráin. Tá an tAontas ag cur go gníomhach le hathléimneacht agus le téarnamh na tíre, ach beidh gá le tuilleadh tacaíochta chun tír shaor rathúil a atógáil, tír a bheidh fréamhaithe i luachanna na hEorpa agus a bheidh comhtháite go maith sa gheilleagar Eorpach agus domhanda.  

Tuilleadh eolais 

Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin 

Sonraí

Dáta foilsithe
24 Feabhra 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide