Composition of the EU stars around the Eiffel Tower. © 2024 International Olympic Committee Déanaimid amhlaidh sa saol laethúil – nuair a bhímid ag rothaíocht chun na hoibre nó ag dul ag snámh. Breathnaímid air agus bainimid taitneamh as ar an láthair nó ar an teilifís. Tá an spórt thart timpeall orainn, agus is cuid lárnach é de shaol na milliún Eorpach. Go háirithe an samhradh seo, mar cuireadh tús inné le Cluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras, an t-imeacht spóirt is mó ar domhan, agus craoladh Searmanas Oscailte ar fud an domhain. Den chéad uair riamh, bhí an tAontas Eorpach an-fheiceálach i Searmanas Oscailte Chluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras le léiriú ar bháirse ar snámh faoi mhana an Aontais ‘Aontaithe san éagsúlacht’. Ar an mbád bhí damhsóirí a bhí ina léiriú ar an óige, ar mheon na hoscailteachta agus ar spleodar an Aontais, agus iad ag damhsa le ceol Eoradhamhsa.Deis uathúil a bhí ann don Aontas a luachanna a chur chun cinn, amhail an tsíocháin, an aontacht agus an dlúthpháirtíocht, mar a bhfuil an éagsúlacht ina neart agus mar a bhfuil an spiorad foirne ríthábhachtach chun go n-éireoidh léi, agus iad a nascadh le luachanna Chluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras. Deis atá sna Cluichí Oilimpeacha freisin béim a leagan ar thábhacht na saorghluaiseachta agus na saoirse staidéar a dhéanamh san Aontas, go háirithe do dhaoine óga, chomh maith le beartais agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhaineann le tacaíocht a thabhairt don spórt agus don óige.Sheolamar áiritheoir bhoinn na hEorpa – Foireann na hEorpa 2024 freisin do na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha, mar a mbeidh tú in ann éachtaí lúthchleasaithe an Aontais a leanúint agus a cheiliúradh trína gcuid bonn a chomhaireamh. View of the European boat at the opening ceremony of the Paris 2024 Olympic games ©Getty Images Ach cad é a dhéanann an tAontas Eorpach chun an spórt a chur chun cinn? Ba chóir an spórt a bheith ann do chách. Sin an fáth a gcuireann an tAontas chun cinn é trína chlár Erasmus+, rud a chuireann idirphlé, tacaíocht agus rannpháirtíocht chun cinn i ngach réimse den bheartas spóirt. Bíonn Seachtain Eorpach an Spóirt ann freisin gach bliain an 23-30 Meán Fómhair, tionscnamh lena gcuirtear chun cinn buntáistí an spóirt agus na gníomhaíochta coirp ar fud na hEorpa ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.Is éard atá i gceist leis an spórt a chur ar fáil do chách an cuimsiú shóisialta agus an imeascadh sóisialta a fhothú. Gach bliain, aithníonn an Coimisiún eagraíochtaí a mbaineann a gcuid oibre úsáid as cumhacht an spóirt chun an cuimsiú sóisialta a fheabhsú do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste trí Ghradaim Spóirt #BeInclusive an Aontais. Oibríonn sé freisin i gcomhar le tíortha uile an Aontais agus le heagraíochtaí náisiúnta spóirt chun feasacht a mhúscailt faoi thábhacht an chomhionannais inscne sa spórt. Ba cheart don spórt a bheith cothrom freisin, go háirithe ó thaobh na spórt iomaíocha agus gairmiúil de. Cosnaíonn an tAontas an tsláine sa spórt tríd an dópáil a chomhrac, rud a dhéanann sé trí eolas a chomhordú agus a chomhroinnt le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Maidir le cúbláil cluichí, glacann an Coimisiún ról gníomhach mar chuid d’iarrachtaí níos leithne chun a chinntiú go bhfanfaidh na spóirt iomaíocha cothrom.Trí na hiarrachtaí sin chun an spórt a dhéanamh níos cothroime, níos cuimsithí agus níos inrochtana, tá an tAontas ag cloí lena chroíluachanna, mar atá an tsíocháin, an aontacht, an dlúthpháirtíocht agus an éagsúlacht. Agus sin mar ba chóir dó a bheith. Tar éis an tsaoil, tá ról ríthábhachtach ag an spórt, ní hamháin maidir le sláinte agus folláine an duine aonair, ach maidir le sochaí na hEorpa i gcoitinne a mhúnlú. Tuilleadh eolais:Áiritheoir Bhoinn an Aontais EorpaighAn tAontas Eorpach agus an SpórtSeachtain Eorpach an Spóirt Sonraí Dáta foilsithe27 Iúil 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide