Tháinig rialacha nua maidir le dliteanas i leith táirgí i bhfeidhm, rud a léiríonn an méadú atá ag teacht ar ghnéithe digiteacha táirgí agus an geilleagar ciorclach atá ag dul i méid.Bunaíodh córas an Aontais maidir le dliteanas i leith táirgí in 1985 chun cúiteamh a thabhairt dóibh siúd ar bhain díobháil choirp nó damáiste do mhaoin dóibh mar gheall ar tháirge lochtach. Ó shin i leith, tá sé ríthábhachtach na rialacha a thabhairt cothrom le dáta i ngeall ar fhorbairtí teicneolaíochta, samhlacha nua gnó an gheilleagair chiorclaigh agus slabhraí soláthair domhanda atá ag síormhéadú.Cumhdaítear go sainráite leis na rialacha nua táirgí amhail bogearraí, córais intleachta saorga nó seirbhísí digiteacha a bhaineann le táirgí. Téann na hathruithe sin chun tairbhe do thomhaltóirí agus do mhonaróirí araon. Beidh sé níos éasca do thomhaltóirí damáistí a éileamh sa chúirt, agus bainfidh monaróirí tairbhe as rialacha soiléire maidir le táirgí digiteacha agus samhlacha gnó an gheilleagair chiorclaigh. Ina theannta sin, cuideoidh rialacha dliteanais comhchuibhithe ar fud an Aontais le costais ghnó a laghdú agus tabharfaidh siad an chinnteacht is gá do ghnólachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i dtáirgí nuálacha.Cuirtear san áireamh sna rialacha nua sin freisin an méadú atá ag teacht ar líon na dtáirgí ar mhargadh an Aontais a mhonaraítear lasmuigh den Aontas, trína chinntiú go mbíonn oibreoir eacnamaíoch ann i gcónaí laistigh den Aontas ónar féidir le híospartach cúiteamh a éileamh. Ar deireadh, tá feidhm ag an bhforáil sin freisin maidir le táirgí a dhíoltar trí ardáin ar líne.Sábháilteacht táirgí san Aontas EorpachTá sábháilteacht táirgí fós ina príomhthosaíocht ag an Aontas, chun tomhaltóirí a chosaint, nuálaíocht a chothú, agus margadh aonair atá cothrom agus iomaíoch a chinntiú. Cinntíonn dlíthe sábháilteachta táirgí go gcomhlíonann na hearraí uile a dhíoltar laistigh de mhargadh aonair an Aontais dianchaighdeáin sábháilteachta, sláinte agus chomhshaoil.Tá feidhm ag an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí maidir le táirgí neamhbhia agus na bealaí díolacháin uile. Bunaítear leis oibleagáidí sonracha ar ghnólachtaí chun a chinntiú go bhfuil gach táirge tomhaltais san Aontas sábháilte. Tá marcáil CE de dhíth ar go leor táirgí lena ndeimhnítear go bhfuil siad comhlíontach leis an Aontas sular féidir iad a dhíol. Má mheastar táirge a bheith neamhshábháilte, eisítear foláirimh trí Safety Gate, córas mear-rabhaidh lena gceadaítear do thíortha an Aontais eolas a chomhroinnt faoi tháirgí neamhbhia contúirteacha, rud a fhágann gur féidir gníomhaíochtaí ceartaitheacha tapa a dhéanamh.Ó thaobh táirgí bia de, tá caighdeán sábháilteachta bia an Aontais ar na cinn is airde ar domhan. Rialaítear iad sin le Dlí Ginearálta an Bhia, agus tacaíonn an Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc leo lena gcinntítear go bhfuil na córais bhia cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.Tuilleadh eolaisDliteanas i leith táirgí lochtachaSábháilteacht táirgí san Aontas EorpachMarcáil CESafety GateLá Domhanda um Shábháilteacht Bia 2024 Sonraí Dáta foilsithe9 Nollaig 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide