Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta7 Meitheamh 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Lá Domhanda um Shábháilteacht Bia 2024

Cows lying in hay in a stable

 

Meastar go dtarlaíonn 600 milliún cás breoiteachta bia-iompartha ar fud an domhain gach bliain, agus faigheann thart ar 420,000 duine bás tar éis dóibh bia éillithe a ithe. Cé go n-áirítear caighdeáin sábháilteachta bia an Aontais i measc na gcaighdeán is airde ar domhan, ní féidir beag is fiú a dhéanamh den tábhacht a bhaineann le sábháilteacht bia. Sin an fáth a ndéanaimid comóradh ar an Lá Domhanda um Shábháilteacht Bia gach bliain ar an lá seo

Le téama na bliana seo, leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé a bheith ullamh do theagmhais sábháilteachta bia, is cuma cé chomh bog nó dian atá siad. Baineann sin le cásanna ina bhfuil riosca féideartha nó deimhnithe sláinte ag baint le tomhaltas bia, agus tionóiscí, rialuithe neamhleora, calaois bhia nó imeachtaí nádúrtha mar thoradh air.

Tá níos mó i gceist le sábháilteacht bia ná an méid sin, áfach. Tá ról ríthábhachtach aici maidir lena chinntiú go leanann bia de bheith sábháilte ag gach céim den bhiashlabhra - ó tháirgeadh go fómhar, próiseáil, stóráil, dáileadh, agus an bealach ar fad go dtí ullmhú agus tomhaltas.

Anseo san Aontas Eorpach, cumhdaíonn beartas agus gníomhaíocht sábháilteachta bia an slabhra bia ina iomláine freisin agus tá sé dírithe ar cheithre phríomhréimse cosanta:

  • Sláinteachas bia: ní mór do ghnólachtaí bia, ó fheirmeacha go bialanna, cloí le dlí an Aontais maidir le bia, ina measc gnólachtaí a iompórtálann bia isteach san Aontas
  • Sláinte ainmhithe: le rialuithe agus bearta sláintíochta i gcás ainmhithe ar peataí iad, ainmhithe feirmshaothraithe agus ainmhithe fiáine, déantar monatóireacht ar ghalair agus bainistítear iad agus, ina theannta sin, déantar gluaiseacht gach ainmhí feirme a rianú
  • Sláinte plandaí: má dhéantar lotnaidí a bhrath agus a dhíothú go luath, coisctear scaipeadh na lotnaidí sin agus déantar deimhin de go mbeidh síolta sláintiúla ann 
  • Éilleáin agus fuíll: a bhuí leis an monatóireacht, coinnítear éilleáin ó bhia agus beatha ainmhithe

Le Dlí Ginearálta an Bhia, rialaítear sábháilteacht bia san Aontas Eorpach. Cuidíonn an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ chun córais bhia a dhéanamh cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. 

Déanann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia maoirseacht sa réimse sin, agus cuireann sé ar fáil measúnuithe neamhspleácha riosca agus comhairle eolaíoch lena dtugtar eolas faoi chaighdeáin sábháilteachta bia an Aontais. Mar chuid de na huirlisí sábháilteachta bia, leis an gCóras Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe (RASFF), cinntítear malartú eolais idir na Ballstáit chun tacú le freagairt thapa ó údaráis sábháilteachta bia i gcás rioscaí don tsláinte phoiblí a thagann chun cinn ón mbiashlabhra.

Tuilleadh eolais

Sábháilteacht bia san Aontas Eorpach

An Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’

Galair bhia-iompartha

Talmhaíocht agus an Comhaontú Glas

Sonraí

Dáta foilsithe
7 Meitheamh 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide