Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 17 Meitheamh 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Plean molta ag an gCoimisiún chun deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha gáis agus ola ón Rúis

Construction of a gas pipeline

 

Tá togra curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún chun deireadh a chur de réir a chéile agus go héifeachtach le hiompórtáil gáis agus ola na Rúise isteach san Aontas faoi dheireadh 2027. Cuideoidh sé sin leis an Aontas a bheith níos neamhspleáiche ó thaobh fuinnimh de, slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú, agus borradh a chur faoi neamhspleáchas fuinnimh agus iomaíochas an Aontais.

Leanann an togra sin treochlár REPowerEU, straitéis an Aontais chun iompórtálacha ola, gáis agus fuinnimh núicléach na Rúise a bhaint go hiomlán ó mhargaí an Aontais. Cuimsítear ann céimeanna chun deireadh a chur de réir a chéile le gás píblíne agus gás nádúrtha leachtaithe (GNL), chomh maith le bearta chun stop iomlán a chur le hiompórtálacha ola ón Rúis faoi dheireadh 2027.

Cuirfear deireadh de réir a chéile leis na toirteanna gáis ón Rúis atá fágtha mar a leanas

  • Beidh toirmeasc ar iompórtálacha gáis ón Rúis faoi chonarthaí nua ón 1 Eanáir 2026
  • Cuirfear stop le hiompórtálacha faoi chonarthaí gearrthéarmacha atá ann cheana faoin 17 Meitheamh 2026
  • Déanfar eisceacht le haghaidh conarthaí gearrthéarmacha le haghaidh gás píblíne a sheachadtar chuig tíortha talamhiata agus atá nasctha le conarthaí fadtéarmacha. Ceadófar iad sin go dtí deireadh 2027.
  • Cuirfear stop le hiompórtálacha faoi chonarthaí fadtéarmacha faoi dheireadh 2027

Maidir le hola, beidh ar thíortha an Aontais atá fós ag iompórtáil ola ón Rúis pleananna éagsúlaithe a ullmhú chun deireadh a chur de réir a chéile leis na hiompórtálacha ola uile atá fágtha, d’fhonn deireadh iomlán a chur leis faoi dheireadh 2027.

Le deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise na Rúise, cuirfear go mór leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus le hiomaíochas foriomlán an Aontais. Is féidir é sin a dhéanamh toisc go bhfuil soláthróirí malartacha leordhóthanacha ag an Aontas sa mhargadh domhanda gáis, mar aon le margadh gáis an Aontais atá idirnasctha go maith agus infhaighteacht bonneagair iompórtála leordhóthanaigh san Aontas. Ina theannta sin, tá coimircí ina gcuid de thogra an lae inniu chun freagairt ar fhíorstaid na margaí gáis agus creat láidir dlíthiúil a chur ar fáil do ghnólachtaí an tráth céanna.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint: Molta ag an gCoimisiún deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha gáis agus ola ón Rúis isteach san Aontas

Ceisteanna agus freagraí maidir le togra REPowerEU chun deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha gáis ón Rúis agus chun feabhas a chur ar an bhfaireachán ar spleáchais fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann

Treochlár REPowerEU

Plean REPowerEU

Sonraí

Dáta foilsithe
17 Meitheamh 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide