Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Léirítear sa tuarascáil ar an aeráid an laghdú bliantúil is mó ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais le blianta fada anuas

  • Alt nuachta
  • 5 Samhain 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
Aerial view of wind turbines amid polluting emissions

 

Tháinig laghdú 8.3% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais in 2023, i gcomparáid le 2022, mar a léirítear sa tuarascáil is déanaí ón gCoimisiún Eorpach ar an dul chun cinn maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide. Luaitear sa tuarascáil go bhfuil na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa 37% faoi bhun leibhéil 1990 anois. Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú 68% ar Olltáirgeacht Intíre (OTI) an Aontais. Tugann sé sin le fios gur féidir astaíochtaí a laghdú agus fás eacnamaíoch a dhéanamh ag am an céanna. Deimhníonn sé freisin go bhfuil an tAontas fós ar an mbóthar ceart chun a sprioc a bhaint amach astaíochtaí a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030

Tá an méid seo a leanas ar thorthaí na tuarascála: 

  • laghdú 16.5%, an laghdú is mó riamh, in 2023 ar astaíochtaí ó shuiteálacha cumhachta agus tionsclaíocha atá liostaithe faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais. 
  • laghdú 24% ar astaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais agus córais téite, faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, arna spreagadh ag fás foinsí in-athnuaite fuinnimh, go háirithe fuinneamh gaoithe agus gréine. 
  • ghin Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais ioncam €43.6 billiún in 2023 le haghaidh infheistíochtaí sa ghníomhaíocht ar son na haeráide. 
  • laghdú thart ar 2% in 2023 ar fhoirgnimh fhoriomlána, talmhaíocht, iompar intíre, tionscal beag agus astaíochtaí dramhaíola.  
  • méadú 8.5% in 2023 ar ionsú carbóin nádúrtha an Aontais, rud a chuireann ina ceart an treocht mheathlaitheach a bhí ann le déanaí in earnáil na húsáide talún agus na foraoiseachta. 

Ar an taobh eile tháinig méadú 9.5% ar astaíochtaí eitlíochta, agus iad ag leanúint den treocht chéanna tar éis COVID.  

In ainneoin gur torthaí dearfacha den chuid is mó a léirítear sa tuarascáil, cuireann na teagmhais adhaimsire a tharla le déanaí san Eoraip béim ar an ngá le gníomhaíocht leanúnach.  

Le 5 bliana anuas, tá an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le díghrádú an chomhshaoil faoina Chomhaontú Glas don Eoraip. Ghlac sé sraith tograí chun go mbeidh beartais aeráide, fuinnimh, iompair agus chánach an Aontais oiriúnach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tá sé ag obair freisin i dtreo na sprice gan aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith ann faoi 2050. Tabharfar tús áite don obair sa réimse sin faoi shainordú nua an Choimisiúin fós. 

Leanfaidh an tAontas dá rannpháirtíocht idirnáisiúnta freisin, ag tosú le COP29 an 11-22 Samhain 2024, chun a chinntiú go bhfuil an ghníomhaíocht is gá á déanamh ag ár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta freisin. 

Tuilleadh eolais 

Tuarascáil 2024 ar Dhul Chun Cinn maidir le Gníomhú ar son na hAeráide 

An Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh 2024 

An Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích 

Scéal físiúil – An Comhaontú Glas don Eoraip: Straitéis fáis a chosnaíonn an aeráid 

Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh 

Preaseisiúint: Tháinig laghdú os cionn 8% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais in 2023, arbh é an fás suntasach atá tagtha ar an bhfuinneamh in-athnuaite ba chúis leis 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
5 Samhain 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide