Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 21 Bealtaine 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Bacainní ar an margadh aonair a bhaint chun deiseanna a chruthú do chách

 

Tugann margadh aonair an Aontais rochtain do ghnólachtaí ar 450 milliún tomhaltóir. Is é margadh aonair an Aontais is mó a spreagann ár n-iomaíochas, agus is é an dara margadh is mó ar domhan é. Ach is féidir le rialacha agus le rialacháin an mhargaidh a bheith casta agus bacainní ar iontráil agus ar fhás a chruthú. Chun margadh dúchasach Eorpach níos simplí agus níos láidre a chruthú, tá straitéis nua tugtha isteach ag an gCoimisiún Eorpach chun rialacha a shimpliú agus maorlathas a laghdú.  

Cuirfidh na bearta nua borradh faoi dheiseanna fáis do ghnólachtaí agus cuirfidh siad cosaint níos láidre fós ar fáil dúinn go léir. Díríonn siad ar an méid seo a leanas: 

  • Bacainní a bhaint: deireadh a chur leis na deich gcinn is díobhálaí arb iad is mó a chuireann bac ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, faoi mar a thuairiscigh gnólachtaí.
  • Dinimiceas nua a thabhairt chuig earnáil seirbhíse na hEorpa, áit a bhfuil an trádáil trasteorann marbhánta. Cumhdaítear leis na tograí rialacha a nuachóiriú in earnálacha na tógála agus an phoist agus na mbeartán agus seirbhísí gnó rialáilte a shaoradh ó rialáil nach bhfuil gá léi.
  • Tacú le forbairt agus fás FBManna trí shainmhíniú nua ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga (SMCanna) a thabhairt isteach, agus cuid de na tairbhí a thugtar do FBManna a leathnú chuig na SMCanna sin.
  • Na rialacha atá ann cheana a shimpliú agus an digitiú a normalú trí chead a thabhairt do chuideachtaí doiciméid a chur isteach go digiteach ar mhaithe le reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais a chomhlíonadh.
  • Feabhas a chur ar chomhúinéireacht an mhargaidh aonair leis na Ballstáit, ar cheart dóibh ionadaí ardleibhéil ar an margadh aonair (‘Sherpa’) a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha mhargadh aonair an Aontais agus chun a chinntiú go ndéanfar measúnú ar bhearta náisiúnta lena dtugtar isteach bacainní ar an margadh aonair, agus iad a chosc.  

Iarrtar sa Straitéis ar na Ballstáit a gcion féin a dhéanamh chun an rogha is fearr a dhéanamh den mhargadh aonair do chuideachtaí, d’oibrithe agus do thomhaltóirí. Tá sé mar chuid de sprioc níos leithne an Choimisiúin an rómhaorlathas a laghdú 25% ar an iomlán agus 35% do FBManna faoi dheireadh 2029. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair le páirtithe leasmhara agus leis na Ballstáit chun na bearta sin a chur i bhfeidhm agus chun monatóireacht a dhéanamh ar a dtionchar. 

Tuilleadh eolais 

An straitéis maidir leis an margadh aonair 

Bileog eolais 

Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe 

Preaseisiúint: Margadh Aonair níos simplí chun go roghnóidh cuideachtaí an Eoraip 

Sonraí

Dáta foilsithe
21 Bealtaine 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide