
Is as an Spáinn d’Olivia, cailín nach raibh ach 13 bliana d’aois nuair a d’fhorbair sí an Glantóir Glóthaí. As dhá bhuidéal phlaisteacha agus péire riteog a dhéantar an gaireas céanna, agus is éard a dhéanann sé micreaphlaistigh a cheapadh agus an fharraige a ghlanadh. Agus Olivia anois ina hAmbasadóir don Chomhshocrú Aeráide Eorpach, is iomaí uair atá cur i láthair déanta aici maidir leis an nGlantóir Glóthaí, leis an athrú aeráide agus le sláinte na n-aigéan do scoileanna, d’ollscoileanna agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Tá sí ar bís le tabhairt faoina misean: ‘Fadhb dhomhanda a bhfuil gach duine thíos léi is ea an t-athrú aeráide. Is sinne is cúis leis an athrú aeráide, ach is againne atá an chumhacht é a chur ina cheart, agus is orainne atá an oibleagáid é sin a dhéanamh.’
Má tá rún daingean agatsa ionchur a bheith agat i ngníomhartha ar son na haeráide i do phobal féin agus a leithéid a spreagadh, seo anois do dheis a bheith i d’Ambasadóir don Chomhshocrú Aeráide Eorpach thú féin. Is cuma sean nó óg thú - níl agat ach a chruthú go bhfuil tú réidh le daoine eile a spreagadh le haghaidh gníomhú ar son na haeráide agus le hathruithe a thabhairt ar an bhfód.
Tá go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026 agat chun d’iarratas ar ról mar Ambasadóir don Chomhshocrú Aeráide Eorpach a chur isteach. Déantar iarratais a mheas ar bhonn leanúnach, mar sin bíonn fáilte roimh iarratais luatha i gcónaí!
Céard é an Comhshocrú Aeráide?
Gluaiseacht is ea é, agus na daoine atá páirteach ann, tá siad ar fad ag gníomhú chun áit níos glaine agus níos athléimní a dhéanamh den Eoraip. An Coimisiún Eorpach a sheol é, agus tacaíonn sé leis an sprioc atá ag an Aontas an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
Má roghnaítear tusa mar ambasadóir don chomhshocrú aeráide, beidh lámh agat i dtógáil pobal, déanfaidh tú do chuid gníomhartha aeráide agus do chuid réiteach aeráide féin a roinnt le duine eile, agus eagróidh tú gníomhaíochtaí praiticiúla ar nós laethanta plandála crann agus tionscnaimh saor ó charranna. Chomh maith leis sin, beidh deis agat páirt a ghlacadh in imeachtaí agus malartuithe ardleibhéil ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais.
Beidh tú i do bhall de phobal ilchineálach atá ag dul i líonmhaireacht, pobal ina bhfuil os cionn míle Ambasadóir don Chomhshocrú Aeráide agus na scórtha eagraíochtaí comhpháirtíochta.
Bíodh focail Olivia ina spreagadh agat: ‘Is féidir le duine ar bith tosú ach athruithe a dhéanamh ina theach féin, ar scoil, nó ag an obair. Agus tarraingeoidh athrú amháin athrú eile. Is linne an todhchaí – tá sé á mhúnlú againn anois díreach. Caithfimid gníomhú sula mbeidh sé ródhéanach, ar mhaithe linn féin agus leis na glúnta atá le teacht.’
Tuilleadh eolais
Bí i d’Ambasadóir don Chomhshocrú Aeráide
Tionchar a imirt – do chuid scéalta féin faoin aeráid
- Dáta foilsithe
- 15 Deireadh Fómhair 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
An nuacht ghaolmhar
Cur chuige réamhghníomhach agus sistéamach an Aontais i leith bainistiú riosca chun muintir na hEorpa agus geilleagar an Aontais a chosaint ar thionchair an athraithe aeráide.
Mhol an Coimisiún leasú ar Dhlí Aeráide an Aontais, leasú lena leagtar síos sprioc aeráide 2040 an Aontais chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 90%, i gcomparáid le leibhéil 1990.
Léiríonn an tuarascáil Eorpach is déanaí ar Staid na hAeráide tionchar an athraithe aeráide go soiléir san Eoraip agus san Artach.
Leagtar amach i dtuarascáil nua ar fheidhmíocht chomhshaoil earnáil eitlíochta na hEorpa bearta maidir le conas tionchar na heitlíochta ar an athrú aeráide, ar thorann agus ar cháilíocht an aeir a laghdú, agus a chinntiú go gcomhlíonfaidh an Eoraip a sprioc maidir le neodracht aeráide faoi 2050.