Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Ba é 2024 an bhliain ba theo riamh san Eoraip, dar leis an tuarascáil Eorpach ar Staid na hAeráide

  • Alt nuachta
  • 15 Aibreán 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Floods in region of Valencia, Spain

 

Léiríonn an tuarascáil Eorpach is déanaí ar Staid na hAeráide tionchar an athraithe aeráide go soiléir san Eoraip agus san Artach. In 2024, ba í an Eoraip an mhór-roinn ba thapúla a chuaigh i dteocht, agus deighilt shoiléir aeráide inti – ba iad na háiteanna thoir a bhí thíos le teas agus triomach as cuimse, agus ba iad na háiteanna theas a bhí thar a bheith brothallach. Ag an am céanna, is san Eoraip a bhí na tuilte is forleithne ó bhí 2013 ann. Déantar nóta sa tuarascáil de roinnt forbairtí dearfacha freisin: Tá cathracha na hEorpa ag éirí níos athléimní in aghaidh an athraithe aeráide agus in 2024 is ó fhoinsí in-athnuaite a gineadh an sciar is airde riamh den leictreachas, is é sin 45%. 

Sa tuarascáil, arna cur le chéile ag Copernicus: Seirbhís an Aontais um an athrú aeráide agus an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta, cuirtear i láthair sonraí fairsinge maidir le dálaí aeráide na bliana seo caite san Eoraip agus san Artach. Tá an méid seo a leanas ar phríomhthorthaí na tuarascála: 

  • I gcás réigiún na hEorpa agus na Meánmhara, b’airde teocht bhliantúil dhromchla na farraige ná riamh roimhe
  • Taifeadadh na rátaí bliantúla ab airde riamh de chaillteanas maise na n-oighearshruthanna i gCríoch Lochlann agus in Svalbard
  • Bhí ceann de na deich mbliana ba fhliuchta riamh ann in Iarthar na hEorpa
  • Bhí níos lú báistí in oirdheisceart na hEorpa ná an meánráta ann agus taifeadadh an samhradh is tirime le 12 bhliain anuas in innéacs triomaigh
  • San Eoraip taifeadadh an líon ab airde riamh de laethanta teasa fhoircnigh agus oícheanta brothallacha, agus tá laghdú ag teacht ar an líon laethanta sa limistéar ina bhfuil teochtaí faoi bhun an reophointe. 

Tá rioscaí méadaitheacha ag baint le teagmhais adhaimsire do cheantair uirbeacha na hEorpa. Iarrtar sa tuarascáil go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach chun a n-athléimneacht a mhéadú, go háirithe maidir le rioscaí tuilte. Tá an ghníomhaíocht sin ríthábhachtach chun cur i gcoinne an mhéadaithe a mheastar a thiocfaidh ar an damáiste do chathracha de dheasca na hadhaimsire, rud a d’fhéadfadh a bheith suas le deich n-uaire ní ba mheasa faoi 2100. 

Is tosaíocht de chuid an Aontais é tionchar an athraithe aeráide san Eoraip a laghdú sna cúig bliana amach romhainn. Tá sé ag obair ar shásra Eorpach um chosaint shibhialta a fhorbairt, athléimneacht an phobail a fhorbairt agus plean Eorpach um oiriúnú don athrú aeráide a leagan amach chun tacú le tíortha an Aontais agus iad ag déileáil leis an athrú aeráide.  

Tuilleadh eolais 

Tuarascáil Eorpach 2024 ar Staid na hAeráide 

Ár gcáilíocht saoil a chothabháil: slándáil bia, uisce agus an dúlra 

Sonraí

Dáta foilsithe
15 Aibreán 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide